Cad iad na húrscéalta Gaeilge is fearr a scríobhadh san fhichiú haois?

Ceist chasta chigilteach na canóna le plé ag seimineár Ollscoil Notre Dame i mBaile Átha Cliath inniu agus amárach

flann1

Cad iad na húrscéalta Gaeilge is fearr a scríobhadh san fhichiú haois?

Leithéidí Cré na Cille, An Béal Bocht agus Mo Bhealach Féin is túisce a rithfeadh le duine mar fhreagra ar an gceist sin, b’fhéidir, ach cad mar gheall ar An Uain Bheo, Cuaifeach mo Londubh BuíDesiderius a Dó? Cén seasamh atá ag Séadna breis agus 100 bliain i ndiaidh a fhoilsithe?

Cad iad na leabhair eile ar cheart bheith istigh a thabhairt dóibh i gcanóin litríocht na Gaeilge? Cé na húrscéalta ba cheart do dhuine a léamh agus cad iad na cinn ar cheart dóibh a bheith ar shiollabas ollscoile?

“Is ceist chasta chigilteach cháiréiseach í ceist
na canóna i ngach teanga; ní haon eisceacht í an Ghaeilge,” a deir lucht eagraithe an tseimineáir Úrscéalta Gaeilge an Fichiú hAois: Canóin Liteartha? a gcuirfear tús leis i mBaile Átha Cliath inniu.

Is iad Ollscoil Notre Dame atá ag eagrú an tseimineáir dhá lá atá ar siúl i dTeach Uí Chonaill ar Chearnóg Mhuirfean.

Tá suas le tríocha cainteoir ag glacadh páirte ann agus iad ar fad ag déanamh cás ar son saothair faoi leith a bheith mar chuid den chanóin.

Is í aidhm an tseimineáir seo, a diertear, ná ceisteanna tábhachtacha, bunúsacha maidir le stair liteartha na Gaeilge a chíoradh, agus plé agus díospóireacht faoi úrscéalta na Gaeilge a spreagadh.

Is measc na gcainteoirí a cloisfear ann, tá Liam Ó Muirthile, Feargal Ó Béarra, Máirín Nic Eoin, Alan Titley, Pól Ó Muirí, Máire Ní Annracháin agus Gearóid Denvir.

Déanfaidh Ian Ó Caoimh scagadh ar shaothar mór Phádraig Uí Conaire, Deoraíocht. Tabharfaidh Máirín Nic Eoin siar sinn go haimsir an Éirí Amach in úrscéal stairiúil Eoghain Uí Thuairisc, Dé Luain, agus féachfaidh Éamon Ó Ciosáin ar úrscéal Dhiarmaid Uí Shúilleabháin, Caoin Tú Féin. Is ar an ngearrscéal Fuíoll Fuine, atá le fáil sa chnuasach An tSraith Dhá Tógáil le Máirtín Ó Cadhain, a dhíreoidh Feargal Ó Béarra a chaint.

Tar éis na gcainteanna ar fad, cuirfear tús le plé bríomhar ar chanóin na n-úrscéalta. Is ar an Aoine, ag 5.30pm, a thosnóidh an díospóireacht sin.

– Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí agus áit a chur in áirithe ach scéala a chur chuig oconnellhouse@nd.edu nó glaoch ar  + 353 1 611 0611

 

Fág freagra ar 'Cad iad na húrscéalta Gaeilge is fearr a scríobhadh san fhichiú haois?'