Cad é mar a mhothaíonn sé a bheith cúpla slat ón imirt ag Cluiche Ceannais na hÉireann?

Ní bheidh grianghrafadóir Tuairisc.ie ach cúpla slat ón imirt agus Baile Átha Cliath agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann arís…

Cad é mar a mhothaíonn sé a bheith cúpla slat ón imirt ag Cluiche Ceannais na hÉireann?

Seán Ó Mainnín ó Tuairisc.ie i bPáirc an Chrócaigh

An Nivea nó Lynx atá á chaitheamh aige? Uaireanta bíonn tú chomh gar do na himreoirí go mba bheag ná go bhféadfá an t-idirdhealú sin a dhéanamh. Le linn cluiche ceannais na hiomána agus mé sa gcúinne idir Seastáin Uí Ógáin agus Uí Nailí is beag nár tháinig Shane Prendergast ó Chill Chainnigh agus John McGrath Thiobraid Árann sa mhullach orm.

Ba mise an grianghrafadóir ba ghaire do bhratach an chúinne, mé troigh uaidh ar éigean agus scata de mo leathbhádóirí ar thaobh mo láimhe clé.

Tar éis dianchoimhlint cearnóige eile, sheol na Cait chiaptha an sliotar i mo threo. Shane agus John a bhí sa tóir air. Agus iad ag druidim liom, bhí mé in ann a gcuid bróg a chloisteáil ag bearradh an fhéir.

Shane ba thúisce a shroich mo chúinne agus d’ardaigh an sliotar ach chuir John bac air. Bhí cúpla soicind streachailte eatarthu ach sa deireadh chas Shane agus bhuail an sliotar slán thar a ghualainn.

Shane Prendergast, Cill Chainnigh faoi bhrú ó John McGrath, Tiobraid Árann
Shane Prendergast, Cill Chainnigh, faoi bhrú ó John McGrath, Tiobraid Árann. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Léiríonn an eachtra bheag sin an fáth ar bhrúigh 83,000 duine isteach uair an chloig nó dhó roimhe sin, an fáth go raibh dhá chontae faoi bhláth ar feadh míosa. Is trí mo cheamara a chonaic mé an eachtra sin, mo shúil greamaithe chomh teann leis an lionsa go raibh mo chuid fabhraí ag cur as dom. Ní aird agam ar aon rud eile. Chuaigh an domhan ina thost. Mhaolaigh buille an chroí. Chonacthas eachtra 12 soicind amhail is dá mba leathuair é.

Bhí mé ag scaoileadh liom – 12 pictiúr á nglacadh agam in aghaidh an tsoicind – le mo Canon SLR. Bhí seisear eile ag déanamh an rud céanna. Sruthán cliceála agus an taifead chomh cuimsitheach a dhéanamh agat den ócáid is a bheadh ag duine i mbun físeáin.

Ní chloiseann tú an sruth leanúnach cliceála sin ach ag ócáid spóirt. Bíonn tús agus deireadh le heachtra i bhfaiteadh na súl agus ní mian leat ‘an pictiúr sin’ a chailliúint. Measaim gur ghlac an grúpa beag sin againn 5,000 pictiúr den eachtra sin amháin – gan caint ar na ceamaradóirí thall ar thaobh an dá sheastán eile – Ó Gabháin agus Cíosóg lena lionsaí fada 600 milliméadar Canon nó Nikon.

Níl na lionsaí seo saor. Chosnódh lionsa Canon Nikon dá leithéid timpeall €13,000 an ceann. Íocann tú as caighdeán na gloine istigh a scaoileann níos mó solais isteach ar luas níos tapúla. Fágann an méid sin go mbíonn doimhneacht réimse níos cúinge – an spás sin atá i bhfócas – agat. Le ceamara Canon nó Nikon d’ardchaighdeán bheadh luach €20,000 de threalamh i do lámha agat.

Ach tá caighdeán na bpictiúr dochreidte. Féach an fócas ar phictiúir spóirt a bhíonn ar Tuairisc.ie agus na meáin eile: radharc gléigeal ar na himreoirí agus radharc doiléir ildaite an tslua sa chúlra. Sin sprioc na ngrianghrafadóirí, go seasfadh an t-aicsean féin amach, ar nós saothar dealbhadóireachta i lár gailearaí.

Tá lionsa 600 ml agam féin an Sigma Spórt 150-600 a bhfuil gaol aige leis na boic mhóra thuasluaite. Tá an teicneolaíocht agus an innealtóireacht ag síorfheabhsú agus ag tabhairt ár ndúshlán.

Ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Bhuirne i mbliana, den chéad uair bhí mé in ann pictiúr de chic phionóis ar an taobh eile den pháirc a thógáil agus an lionsa sin a chasadh i dtreo an chúil ar mo thaobhsa den pháirc gan athrú go dtí ceamara eile.

Ní bheadh an lionsa 600ml seasta in ann gar-imirt a chlúdach, mar shampla, ach tá seans agat sin a dhéanamh le raon teileascópach an Sigma. Don chluiche athimeartha inniu, beidh mé ag tógáil an ceamara Canon is fearr, an 1Dx Marc ll, amach ar cíos. Is fiú an ceamara is fearr a bheith agat don chluiche is tábhachtaí.

Is dream suimiúil iad buíon na lionsaí. Bíonn fir is mná ina measc agus aird i gcónaí ar chúrsaí acu, iad lán le haidréanailín. Tá áisíneachtaí móra spóirt ann, amhail Inpho, a mbíonn a saothar le feiceáil ar Tuairisc.ie, agus Sportsfile, a bhíonn ag clóscríobh ainmneacha agus ag seoladh pictiúr ar ríomhairí le linn sosanna imeartha, fiú.

Is féidir leosan sin a dhéanamh óir tá súil á coinneáil ag a gcomrádaithe ar chúrsaí chomh maith.

Bíonn grianghrafadóir ag an gCumann Lúthchleas Gael féin ann ag glacadh pictiúr don mhúsaem. Bíonn ionadaithe ón Nenagh Guardian, an Kerryman nó an Connacht Tribune ann ag brath ar na contaetha a bhíonn ag imirt. Ach is deas an rud buaileadh corruair le grianghrafadóirí a bhfuil a saol caite acu ag glacadh pictiúr dá gcontae ó cheann ceann na bliana. Is cuma cén aimsir bíonn siad ann ar son na cúise. Tá aithne ag foireann an chontae orthu  agus is chucu siúd is túisce a théann na himreoirí leis an ‘Sam” nó ‘Liam’ ag deireadh an chluiche. Tá spiorad an pharóiste fós beo.

Ní mór oibriú le chéile. Tá líne le fána marcáilte ar an taobhlíne nach féidir le grianghrafadóir a shárú. Féach ar ghrúpa grianghrafadóirí le chéile agus feicfidh tú gurb ionann gluaiseacht na lionsaí fada acu. Tá na lionsaí sioncronaithe mar a bheadh gunnaí móra ag gobadh amach ó long armáide. Má thagann an imirt i dtreo an chúil ar do thaobhlíne, dírítear na lionsaí ar fad ansin. Mura gcasann tú do lionsa féin isteach, tá tú ag blocáil radharc ceamaradóra eile. Meabhraítear an neamart sin duit go neamhbhalbh.

DubMayo18916-1014

Uaireanta ní hí an imirt is tábhachtaí. Sa chluiche comhscóir idir Maigh Eo agus na Dubs thug mé faoi deara Diarmaid Connolly agus Lee Keegan ag tarraingt as a chéile. Ní scaoilfeadh Lee le geansaí Dhiarmada. Tharraing Diarmaid chun talún é. Fós níor scaoil Lee lena gheansaí agus stróiceadh é ó bhun go barr. Dúirt iriseoir ina dhiaidh gurb é Paul Galvin amháin a chaithfeadh a leithéid. Ach bhí an pictiúr agus an scéal againne.

Céard a bhíonn á chuardach ag grianghrafadóirí le linn cluiche ceannais? An rud céanna is a lorgaítear ar Pháirc Mhicheál Breathnach in Indreabhán nó i nGallarus i gCorca Dhuibhne i mí na Bealtaine.

Ar dtús, is breá linn an ghabháil iontach san aer. Leanfaidh mé cic amach na gcúl báire Stephen Cluxton agus David Clarke inniu agus beidh mé ag díriú roimh ré ar an áit a shíleann mé a thitfidh an liathróid. Tá do chúram déanta agat má éiríonn leat pictiúr maith den ghreamú oilte a fháil.

Bíonn tú ag leanúint peileadóir ar shodar aonair leis an liathróid freisin. Ní fhéachann tú timpeall, mar bíonn a fhios agat go mbéarfar air mura scaoileann sé léi. Is í an taicleáil nó an bualadh sin tráth na mearchliceála. Bíonn práinn ag baint leis an scéal freisin ar ndóigh nuair atá imreoir ag druidim i dtreo an chúil. Bíonn gleo aisteach ón slua ach tugann tusa an chluas bhodhair dó. Báitear an liathróid san eangach agus imíonn an slua le báiní. Ach fanann do shúilse ar an scórálaí i gcónaí. Bíonn tú ag súil le Dia go gcasfaidh sé i do threo agus go mbeidh pictiúr na caithréime agat.

Trí nóiméad roimh dheireadh an chluiche agus é soiléir cé a bhuafaidh, cuireann na ceamaradóirí a lionsaí fada isteach i málaí agus beirtear greim ar cheamara na lionsaí leathanradharcacha. (Níor tharla seo sa chluiche ceannais féin coicís ó shin, mar go raibh an cluiche idir dhá cheann na meá go deireadh.)

Ar shéideadh na feadóige, as go brách linn, ar chuma Usain Bolt, ag iarraidh na pictiúir cheiliúrtha agus gliondair is fearr a fháil. Ghortaigh mé féin ag rith timpeall na páirce i ndiaidh fhoireann Thiobraid Árann nuair a bhuaigh siad cluiche ceannais na hiomána.

Ní dhéanfaidh mé an rith sin an Satharn seo. Leanfaidh mé comhairle John Wayne ‘we’ll head them off at the pass’.

Fág freagra ar 'Cad é mar a mhothaíonn sé a bheith cúpla slat ón imirt ag Cluiche Ceannais na hÉireann?'