Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

 

Ruth Keggin - Aon teanga
Ruth Keggin

Cúige Mumhan

Píobairí-Uileann

NA PÍOBAIRÍ UILLEANN: ‘Tionól Píobaireachta NPU, 22-24 Bealtaine, Ostán Majestic, Trá Mór, Co. Phort Láirge. Cuireadh tús le mórthionól píobaireachta NPU inniu, féile bhliantúil a dhéanann ceiliúradh ar cheol agus ar cheardaíocht na bpíb. Chomh maith le ceardlanna in úsáid agus láimhseáil na bpíb, beidh taispeántais ríd-dhéanaimh le Jim Wenham agus ranganna ceoil ar siúl le teagascóirí aitheanta Ciarán Somers, Nollaig Mac Cárthaigh agus David Power. Anocht beidh ceolchoirm le píobairí óga Joseph Byrne, Jana McCarthy-Kent, Timmy Flaherty agus David Power. Maidin amárach, ag a 11rn, tabharfar deis do dhaoine ar spéis leo na píoba uilleann an uirlis a thriail i dteannta píobairí cumasacha. Ar cheann de phríomhimeachtaí na féile tá ‘An Cheolchoirm Mhór’, oíche Sathairn. I measc na gceoltóirí a bheidh ar stáitse, beidh Tommy Keane, Jimmy O’Brien-Moran, Caoimhín Ó Fearghail. Tuilleadh eolais: anseo  nó cuir scairt ar Na Píobairí Uilleann 018730093, nó glaoigh ar Ostán Majestic ar 051 381 761.

CEOLCHOIRM: The Crossings – The Vanbrugh Quartet in éineacht le Niall Vallely, Iarla Ó Lionáird, Linda Buckley, Dave Flynn, Seán Doherty, Dé hAoine 22 Bealtaine, 8.30in, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhuirne, Baile Mhuirne, Corcaigh agus Dé Sathairn 23 Bealtaine, 8in, Ionad Ealaíona Triskel, Corcaigh. Is comhfhiontar ceoil atá sa cheolchoirm seo ‘Vanbrugh Quartet’ RTÉ agus cumadóirí agus ceoltóirí aitheanta i saol an cheoil thraidisiúnta. Cuirtear píosaí nua-chumtha le Niall Vallely, Seán Doherty, Dave Flynn agus Linda Buckley i láthair, a cumadh go speisialta don tionscadal ceoil seo. Cuirfidh Iarla Ó Lionáird, amhránaí Chúil Aodha ‘Íochtar Mara’, saothar nua-chumtha le Linda Buckley, i láthair agus beidh píosa nuachumtha le Niall Vallely, ‘Throughother’, á chasadh ag an Vanbrugh Quartet, in éineacht le Shane Keating (Píoba), Breffni Molloy (fidil) agus Máiread Carey (feadóg mhór). Tá an oíche cheoil seo á reáchtáil mar chuid de shraith ceolchoirmeacha i gCorcaigh agus i gCiarraí le linn mhí na Bealtaine. Tuilleadh eolais anseo.

FÉILE: ‘Tionól na Mumhan 2015, Dé hAoine 22 Bealtaine – Dé Domhnaigh 24 Bealtaine, Coláiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach, Na Déise, Co. Phort Láirge. ‘Sna Déise’ is ea téama an tionóil agus tá clár imeachtaí beartaithe don deireadh seachtaine a dhéanfaidh ceiliúradh ar thogha an léinn agus na litríochta an cheantair. Dé hAoine, 22 Bealtaine ag a 8.00in, labhróidh An tOllamh Pádraig Ó Macháin, ó Roinn na Nua-Ghaeilge Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ar ‘Litríocht na nDéise’. Maidin Sathairn ag a 11.45 a.m, tabharfaidh Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge, Co. Phort Láirge, caint uaithi ar ‘Logainmneacha sna Déise.’ Leanfar le turas treoraithe thart fá cheantair na Rinne tráthnóna Dé Sathairn agus ina dhiaidh sin, cloisfear na húdair Mícheál Ó Ruairc agus Áine Uí Fhoghlú ag aithris filíochta. An oíche chéanna, ag a 8.00in, cloisfear léacht dar teideal ‘Leabharlann Choláiste na Rinne – bunú agus forbairt,’ ón Ollamh Aoibheann Nic Dhonnchadha. Tuilleadh eolais: Donnchadh Ó hAodha: 087-242 1267 nó anseo.

DRÁMA: ‘Caitlín Ní Uallacháina léiriú a Aisteoirí Chúil Aodha, Dé Sathairn 23 Bealtaine, 8in, Clasach, Bóthar Ailf Uí Bhroin, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Mar chuid de chlár imeachtaí ‘Éigse Chluain Tarbh’ beidh Aisteoirí Chúil Aodha ar stáitse Dé Sathairn leis an dráma “Caitlín Ní Uallacháin” le W.B. Yeats, á stiúradh ag Áine Uí Chuill. Tuilleadh eolais faoi imeachtaí na héigse anseo.

Cúige Chonnacht

OÍCHE GHRINN: ‘G-G-G-aillimh ag GaelGÁIRÍ’, Dé Sathairn 23 Bealtaine, 8.30in, Róisín Dubh, Sráid Dhoiminic, Gaillimh. Tá an t-aon chlub grinn Gaeilge sa tír le pilleadh ar an iarthar an Satharn bheag seo. Beidh go leor fuirseoirí úra ag dul ar ardán Gaelgáire, ina measc tá An Gaeilgeoir is Greannmhaire 2014 Seán T. Ó Meallaigh agus a chara Pato, chomh maith le hoirfidigh bhuacacha Áine Gallagher agus Martin Angolo. Anuas air sin, beidh Hilary Bowen-Walsh, réalta Bonsoir Luna, gearrscannán Gaeilge (atá á thaispeáint ag Féile Cannes faoi láthair) ag déanamh cur i láthair do lucht freastail na hócáide. Táthar ag súil go mbeidh maithe agus móruaisle an tsaoil Ghaelaigh i láthair. Beir leat paicéad casúir – beidh tú sna tríthí. Ceannaígí bhur dticéid anseoCead isteach €7

OÍCHE CHLUB: ‘The HIVE says Yes, Dé hAoine 23 Márta, ag a 11.30in, sa Róisín Dubh, Gaillimh. Tá cóisir an reifrinn beartaithe ag díograiseoirí The Hive anocht. Beidh ceol á cur i láthair ag DJ cónaithe Cyril Brisceo The HIVE agus Mike Smalle, fear a bhfuil tuiscint agus paisean aige do scoth an cheoil, agus stór mór ceirníní leis. I mbliana, rinne sé comhoibriú le ‘Cane 141’, ceann de na grúpa indie is fearr sa tír agus ‘Augustus & John’, díséad leictreonach a mbeidh LP nua á seoladh acu an samhradh seo. Mar a bheifeá ag súil leis ag an “Hive’, tá oíche mhór damhsa agus spraoi geallta don té a bheas sa Róisín Dubh. Tuilleadh eolais anseo.

CEOLCHOIRM: ‘Tim Lyons, Mary McPartlan, Anne Skelton, Brian O’Rourke, Mairtin Ryan, Jonny Mháirtín Leary, á chur i láthair ag an ‘Bird Song Project, Dé Sathairn 23 Bealtaine, 8in, Séipéal San Nicholas, Sráid na Lombardach, Cathair na Gaillimhe Beidh amhránaithe ó Chúige Chonnacht ar ardán shéipéal San Nioclás oíche Shathairn mar chuid de shraith ceolchoirmeacha a dhíríonn ar amhráin sa traidisiún amhránaíochta a bhaineann le héin. Is é seo an ceann deireanach de chúig cheolchoirm a reáchtáladh sna ceithre chúige le linn mhí na Bealtaine. Beidh na hamhráin a déarfar ag na ceolchoirmeacha le cloisteáil ar shuíomh an tionscadail i mí Iúil. Cead isteach: €5.00. Tuilleadh eolais anseo.

Cúige Uladh

OÍCHE AIRNEÁIL: ‘Craic ar na Croisbhealaigh’, Déardaoin 28 Bealtaine, 9in, ‘The Gweedore Bar, An Phríomhshráid, An Fál Carrach, Dún na nGall. Oíche cheoil, amhránaíochta agus damhsa atá geallta ar an Fhál Carrach oíche Déardaoin seo chugainn. An tseachtain seo, díreofar ar na nósanna agus na traidisiúin a bhaineann le déantús olla. Mar chuid de shiamsaíocht na hoíche, beidh deis bia farraige, arán plúir agus im déanta ar an seandóigh a bhlaiseadh. Déanfaidh iascairí áitiúla píosa cainte faoi bhia farraige chomh maith. Tuilleadh eolais anseo.

CEOLCHOIRM AGUS SEOLADH ALBAIM: ‘Aon Teanga, Dé Luain 25 Bealtaine, 8in, Amharclann Shiobháin Nic Cionnaith, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste. Ar cheann de bhuaicphointí i gclár ceolchoirme na Cultúrlainne i mbliana tá an oíche cheoil seo. Ceiliúradh ar bhailiúchán amhrán i nGaeilge Mhanainn atá i gceist, ina seolfar ‘Aon Teanga’, albam úr leis an amhránaí Manannach Ruth Keggin. In éineacht léi ar an oíche beidh beirt atá le cloisteáil ar an albam – Eoghan Ó Ceannabháin as Conamara agus an tAlbanach Mary Ann Kennedy, duine de chomhláithreoirí ‘Sruth na Maoile’, clár ceoil ar Raidió na Gaeltachta. Tuilleadh eolais anseo. 

 FÉILE: Feis Carn Tóchair, Ionad ‘An Carn’, Machaire Rátha, Doire. Beidh féile lae ar siúl i gCarn Tóchair, deisceart Doire, an Satharn bheag seo, mar a mbeidh imeachtaí agus comórtais ar siúl dírithe ar fhoghlaimeoirí na teanga agus ar chainteoirí líofa araon. Idir chomórtais chomhrá, aisteoireachta, scríbhneoireachta agus imeachtaí filíochta, ealaíne agus ceoil, tá go deiseanna d’óg agus d’aosta páirt a ghlacadh san fhéile. Tá lucht Charn Tóchair ag déanamh iarracht réabhlóideach pobal láidir Gaelach a chruthú agus tá ag éirí leo.

CEARDLANN: ‘Scriptscríbhneoireacht Gaeilgele Niall Mac Eachmharcaigh, Dé hAoine 29 Bealtaine, Scáileán Thuaisceart Éireann, Sráid Alfred, Béal Feirste. Tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ag reáchtáil ceardlann lae leis an scríbhneoir agus aisteoir mór le rá dírithe ar léiritheoirí, stiúrthóirí agus daoine eile atá ag obair ar chláir agus ar scannáin Ghaeilge. Tá sé mar aidhm ag an chúrsa scileanna scéalaíochta a fhorbairt i measc iad siúd atá ag obair san earnáil ar chláir faisnéise. Díreofar sa cheardlann ar fhorbairt scéalta, ar thaighde, ar struchtúr scripteanna. Beidh Niall ag díriú fosta ar cheisteanna teanga a chuireann isteach ar scríbhneoireacht scripte, ar an ghramadach, ar chruinneas agus an dóigh le dul i gcion ar an lucht féachana. Tuilleadh eolais: michaeline@northernirelandscreen.co.uk nó ceara@northernirelandscreen.co.uk

 

Timpeall na Tíre

IMEACHT TEAGHLAIGH: Tá Picnicí do theaghlaigh Ghaeilge ar fud na tíre á eagrú ag Glór na nGael ar fud na tíre. Tabhair leat do rogha bhia féin agus bígí páirteach i lá lán spraoi. Is féidir tuilleadh eolais a fháil tríd teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael ar 00353 58 24642 nó trí r.phost ag marcas@glornangael.ie.Co.an Dúin, Dé hAoine 22 Bealtaine, Páirc Foraoise Chaisleáin Uidhilin 9.30 r.n-12.30 i.n.

Co. an Dúin Dé hAoine 22 Bealtaine, Gaeláras Mhic Ardghail, Iúr Chinn Trá 6-8.30 i.n.

Béal Feirste Dé Sathairn 23 Bealtaine, Páirc na nOibreacha Uisce, Bóthar Aontroma,12 -3 i.n.

Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh 24 Bealtaine, New Bridge House 12-4 i.n.

Co.Mhuineacháin, Dé Domhnaigh 24 Bealtaine, Páirc Mhucnú, Baile na Lorgan 12-3 i.n.

DRÁMA: ‘The Way Back Home, i nDroichead Átha, Co. Lú Dé hAoine 22 Bealtaine, 6in, agus Dé Sathairn 23 Bealtaine, 3in, Ionad Ealaíona an Droichead, agus i Longfort, Dé Céadaoin 27 Bealtaine agus Déardaoin 28 Bealtaine, 10rn agus 12n, Backstage. Leagan stáitse den leabhar do pháistí le Oliver Jeffers atá sa dráma seo faoi bhuachaill óg lán de shamhlaíocht a théann ar thuras go dtí an spás. Comhléiriú é idir an compántas Téatar Refleksion ón Danmhairg agus Branar, an mheitheal chéanna a rinne an léiriú galánta ‘An Seanfhear Beag’. Dírithe ar pháistí tá idir 4-8 mbliana d’aois, is léiriú gan teanga é an dráma seo. Tuilleadh eolais: Ionad Ealaíona an Droichead anseo

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

 

Fág freagra ar 'Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?'