Cad é a dúradh mar gheall ar an reachtaíocht teanga nua?

A raibh le rá ag daoine éagsúla faoin mbille teanga nua a ritheadh i dTithe an Oireachtais aréir...

Cad é a dúradh mar gheall ar an reachtaíocht teanga nua?

Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta

Leis an mBille nua seo, tá bonn láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglúnta atá le teacht inár ndiaidh. Is in 2003 a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus, ó shin i leith, tá roinnt forbairtí déanta agus reachtaíocht tagtha i bhfeidhm a shníonn isteach leis an mBille atá rite tríd an Dáil inniu. Le hAcht na Gaeltachta, 2012, rinneadh foráil go n-aithneofaí limistéir Ghaeltachta ar bhonn teangeolaíoch seachas ar bhonn tíreolaíoch mar chuid den Phróiseas Pleanála Teanga. Faoin bpróiseas seo, cuireann pobail Ghaeltachta pleananna teanga i dtoll a chéile ar mhaithe le líon na gcainteoirí Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga atá aitheanta faoin Acht a mhéadú thar thréimhse seacht mbliana. Is ag brath ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge a bheith ar fáil atá go leor de na spriocanna atá leagtha síos sna pleananna teanga seo agus tugann achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) uirlis reachtúil don Stát chun soláthar na seirbhísí sin a phleanáil don fhadtéarma.

An Dr John Walsh, léachtóir OÉG, ag cur ceiste

John Walsh – Léachtóir Sinsearach Gaeilge, OÉ Gaillimh

Is cinnte gur dul chun cinn atá san Acht seo le hais na reachtaíochta teanga a bhí againn cheana. Tá forálacha nua ann faoi ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge, margaíocht, fógraíocht agus na meáin shóisialta. Is maith gur glacadh le foráil thábhachtach eile a chinntíonn go gcaithfidh seirbhísigh phoiblí laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil. Chosain grúpaí Gaeilge agus eile go láidir an sprioc ghinearálta 20 faoin gcéad d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí agus má chuirtear sin i bhfeidhm le brí agus le fuinneamh, cuirfidh sí cor chun feabhais i stádas na teanga. Beidh sé ar chumas an Choiste Chomhairligh eolas luachmhar a bhailiú agus moltaí a dhéanamh maidir le hearcaíocht fostaithe dátheangacha.

Os a choinne sin, bunaithe ar an leibhéal íosta dátheangachais i bhformhór na gcomhlachtaí poiblí, beidh sé an-dúshlánach ar fad an sprioc sin a bhaint amach. Níltear soiléir ach an oiread faoin leibhéal cumais a bheidh de dhíth agus tá baol ann go n-úsáidfear gráid ísle (faoi bhun B2) den Chomhchreat Eorpach chun daoine a áireamh mar fhostaithe dátheangacha. Ní bheidh uaigneas ar mhórán go n-éireofar as córas amscaí, dífheidhmeach na scéimeanna teanga. Ach tá fianaise againn ón mBreatain Bheag go mbaineann castacht ar leith leis na caighdeáin teanga atá le cur i bhfeidhm anseo agus ní fios cén t-ualach riaracháin a chuirfidh siad ar an státchóras.

Is údar imní chomh maith gan aon spriocdháta cinnte a bheith san Acht faoina gcuirfear seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht ach tríd is tríd, is cor cinniúnach é achtú an Bhille seo sa bhfeachtas fada ar son cearta teanga sa stát seo”.

Aengus Ó Snodaigh, TD, cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin

Tá sé i bhfad Éireann níos láidre toisc na leasuithe a bhrú muidne agus daoine eile chun cinn agus ar ghlac an Rialtas leo ina bhealach féin.

Beidh daoine anois in ann a bheith cinnte go nglacfar lena n-ainmneacha agus a seoltaí i nGaeilge. Tá muid tar éis dul i ngleic le ceist na sínte fada. Tá an sprioc earcaíochta 20% faoi 2030 ann, rud atá an-suntasach. Beidh dualgais freisin leagtha síos ar gach uile chomhlacht poiblí agus ar fhochonraitheoirí maidir le fógraíocht agus foirmeacha chomh maith.

Is gá anois na forálacha a chomhlíonadh agus na caighdeáin a leagan síos chomh fada agus is féidir. An Coiste Comhairleach atá in ainm é sin a dhéanamh ach caithfidh sé tarlú an-tapa ionas nach mbeidh aon mhoill ann ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí agus na seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Chomh maith leis sin, caithfear dul i gcion ar na ranna stáit agus na comhlachtaí agus a chur in iúl gur gá dóibh díriú isteach ar conas an sprioc earcaíochta 20% seo a chomhlíonadh laistigh de níos lú ná deich mbliana.

Lorraine Clifford-Lee, Seanadóir de chuid Fhianna Fáil

Cinnte, tá sé níos láidre. Is lá stairiúil é. Chuir a lán daoine obair shuntasach isteach chun an bille a láidriú agus molaim an tAire Stáit Jack Chambers, an fhoireann uile sa Roinn, na grúpaí stocaireachta ar nós Conradh na Gaeilge a bhíonn ar fáil i gcónaí chun breis eolais a thabhairt, agus molaim an freasúra freisin. Tá an bille i bhfad níos láidre anois de bharr na ngrúpaí sin go léir.

Ar an gcéad dul síos, caithfear maoiniú breise a thabhairt d’oifig an Choimisinéara Teanga chun na cearta breise seo a chosaint agus chun súil ghéar a choinneáil ar gach rud. Caithfear an méid atá sa bhille a chur in iúl freisin do lucht labhartha na Gaeilge. Caithfear iad a chur ar an eolas faoi na cearta breise atá ann, na spriocanna earcaíochta a chur in iúl dóibh agus iad a chur ar an eolas maidir leis na féidearthachtaí a bheidh ann amach anseo. Braitheann gach rud eile ar na spriocanna sin agus daoine a mhealladh isteach chuig an státchóras chun na rudaí eile a bhaint amach agus a chur i bhfeidhm.

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Cuirimid fáilte roimh an mbille nua agus tá go leor le moladh sna leasuithe. An rud is tábhachtaí anois ná go dtabharfar feidhm do na leasuithe a luaithe is atá siad achtaithe agus sínithe ag Uachtarán na hÉireann. Croílár an bhille agus an achta ná ceist na hearcaíochta agus tá sé suntasach go bhfuil an dá éileamh a bhí againn faoin gceist sin san áireamh sa bhille – an sprioc go mbeadh 20% d’earcaithe nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí agus an sprioc dháta, an 31 Nollaig 2030, luaite leis. Anois is gá a chinntiú go gcuirfear na hacmhainní ar fáil chun na spriocanna sin agus spriocanna eile an bhille a bhaint amach.

Niall Ó Donnghaile, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Seanad

Aontaím go hiomlán go bhfuil an bille níos láidre agus feabhsaithe mar gheall ar na leasuithe a bhain muid amach sa Dáil agus sa Seanad. Sin ráite, an bhfuil sé chomh láidir agus ab fhéidir leis a bheith? Ní dóigh liom go bhfuil.

Rinne muid ár ndícheall, go háirithe le linn chéimeanna an tSeanaid, an bille a fheabhsú ach, ar an drochuair, níor glacadh le formhór na leasuithe sin. Chreid muid go raibh fiúntas leis na leasuithe uile a mhol muid, go háirithe iad siúd a bhain le logainmneacha, ainmneacha Gaeilge, tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga agus na cinn a tháinig ó ghrúpaí cosúil le Conradh na Gaeilge. Ach níor ghlac an Rialtas leo agus is mór an trua é sin.

Mar a dúirt mé ag deireadh an phlé sa Seanad, bhí sé i gcónaí tábhachtach go raibh reachtaíocht ag dul tríd agus gur glacadh léi. Cé go dtacaím leis an reachtaíocht, caithfidh muid a bheith iontach cúramach mar bhaill den Oireachtas go gcuirfear an rud seo i bhfeidhm. Bhí muid ag iarraidh ar an Aire spriocdhátaí a chur insan reachtaíocht i dtaca le cuid de na cuspóirí agus, arís eile, dhiúltaigh sé glacadh leis na leasuithe sin. Mar gheall air sin, caithfidh muid súil ghéar a choinneáil ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta. Sin dualgas atá orainn go léir, taobh istigh den Oireachtas agus taobh amuigh de fosta.

Fág freagra ar 'Cad é a dúradh mar gheall ar an reachtaíocht teanga nua?'

  • Marcas Mac Pháidín

    Tá súil agam go gcuirfear an Acht i bhfeidhm ach ní bheadh ionadh orm má leanann an Rialtas agus an státseirbhís ag tarraingt mé gcos.

  • Gerry

    An mbeidh RTÉ abalta fógraíocht i nGaeilge a chur amach nuair nach bhfuil a leithid déanta acu leis na cianta???????/Tá níos mo Gaeilge ag an BBC na mar atá ag RTé le roinnt blianta anuas.An réiteofar an Bille Nua an scannal seo?????