Cad déarfadh na sean-Ghréagaigh leis an méid a tharla sa Stát seo le tamall?

Fad is a bhaineann sé le ceapacháin mhóra an AE, tá córas agus córas eile ann, cathair agus cathair eile…

Cad déarfadh na sean-Ghréagaigh leis an méid a tharla sa Stát seo le tamall?

Phil Hogan. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

The helots, who stood somewhere between serfdom and slavery, farmed the land and provided the Spartans with food, while the perioikoi, personally free but subject to Spartan control, manufactured and traded for what the Spartans needed. The Peloponnesian War le Donald Kagan.

Cuireann leabhar Donald Kagan síos ar na cogaí fuilteacha idir Cathair na hAithne agus Sparta idir na blianta 431 agus 404 roimh Chríost. Ní ag déanamh áibhéile atá mé nuair a scríobhaim ‘fuilteach’. De réir mar a chuaigh na cogaí ar aghaidh, b’amhlaidh a d’éirigh an chogaíocht ní ba ghránna agus ní ba mhíthrócairí. Cuireadh cimí chun báis; díoladh mná agus páistí mar sclábhaithe; loscadh cathracha chun talaimh.

Agus é seo ag pobal a labhair an teanga chéanna, a raibh an cultúr céanna acu agus a throid le chéile in éadan impireacht na Peirse lá den tsaol. Níor leor é le cogadh idir Cathair na hAithne, daonlathas, agus Sparta, cathair a raibh dhá rí ina bun, a sheachaint. Ní raibh ceachtar den dá chathair sásta leis an chóras pholaitiúil a bhí i réim sa chathair eile. Mheall an dá chathair sin cathracha eile Gréagacha chun a gcúise agus níorbh fhada go raibh fuil fud fad na Gréige.

As measc mórán nithe spéisiúla sa leabhar, is iad na tagairtí don chóras dhaonlathach i gCathair na hAithne a mheallann tú. Sea, ní féidir córas an ama sin a chur i gcomparáid ar fad ar fad le córas an lae inniu. Ach is fiú cuimhneamh go dtiocfadh leis an tslua, an daoscarshlua in amanna, an polaiteoir ba chumhachtaí agus an ginearál ba chróga a ísliú agus a ruaigeadh. Is fíor gur bhain polaiteoirí mí-ionraice úsáid éigeart as an chóras lena gcuid naimhde a ruaigeadh (agus déanann go fóill) agus is fíor gur daoradh daoine san éagóir mar gheall ar an chóras chéanna. (Smaoinigh ar Shócraitéas bocht!) Mar sin féin, bhí an deis ag an vótóir ba lú céim i gCathair na hAithne múineadh a chur ar an duine ba mhó cumhacht sa chathair.

Níor imir na sean-Ghréagaigh galf, ar ndóigh, agus níl a fhios agam cad é an chiall a bhainfeadh duine ar bith acu as na himeachtaí a thit amach sa Stát seo le tamall beag anuas. An mbeadh siad sásta go raibh dhá chóras in úsáid – ceann amháin dúchasach agus ceann eachtrannach? Cad é an bhreith a thabharfadh siad ar na polaiteoirí abhus as a n-iompar agus cad é an tuairim a bheadh acu ar Ursula von der Leyen? Banríon Spartach?

Ba cheart go gcuirfeadh sé as duit, mar vótóir beag bídeach, go raibh an chumhacht ag, nó an dánaíocht in, Ursula von der Leyen, a rá leis an chomhrialtas sin agat, dhá ainm a chur faoina bráid don phost mar choimisinéir sa Choimisiún Eorpach. Ba cheart, i ndáiríre. Rogha a bhí ansin a bhí le fágáil faoi thrí pháirtí an chomhrialtais. Ní gá, dála an scéil, go mbeadh meas agat ar an chomhrialtas chéanna. Ba dhoiligh meas bheith agat orthu nó uaillmhian gan phrionsabal agus uabhar gan náire ba chúis le bunú an rialtais sin.

Mar sin féin, is é an Rialtas é agus ba cheart go mbeadh an Rialtas in ann feidhmiú ar son vótóirí an Stáit; ba cheart go mbeadh an Rialtas in ann a gcuid ceapachán féin a dhéanamh – ach iad a dhéanamh go cothrom, gan amhras.

Tá cumhacht agus údarás ag von der Leyen de bharr an chórais ach cad é an ceart atá aici iarraidh den tsórt sin a dhéanamh ar rialtas? Ní saineolaí ar chúrsaí polaitíochta na Gearmáine mé, ach is leor beagán taighde féin le fáil amach go bhfuil von der Leyen i mbun an choimisiúin de bharr gur theip uirthi cúram mar ba cheart a dhéanamh dá roinn i rialtas na Gearmáine. Rithfeadh sé leat dá mbíodh éifeacht mar ba cheart léi mar pholaiteoir gur i mBeirlín a bheadh sí go fóill agus ní sa Bhruiséil. Bhog seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel, i leataobh í mar gheall air sin agus, gan amhras, ar chúiseanna eile. Níl a fhios an Ghearmáinis atá ar “cara sa chúirt” ach tá mé cinnte go bhfuil a leithéid ann.

Tá mórán gnéithe de chúrsaí na seachtainí seo caite atá domblasta go maith agus tá iompar von der Leyen ar ghné acu. D’éirigh Phil Hogan as a chúram. Ní thiocfadh leatsa, mar vótóir beag bídeach, é a bhogadh ar aghaidh. D’iarr Ursula von der Leyen ar an Rialtas dhá ainm a chur faoina bráid le go mbeadh deis aici duine acu a roghnú mar chomharba Hogan. Níor iarr tusa uirthi sin a dhéanamh agus níl údarás ar bith agatsa, mar vótóir beag bídeach, na maithe atá os do chionn a bhriseadh nó a ruaigeadh. Tá córas agus córas eile ann, cathair agus cathair eile.

Má tá post deas agat de bharr an Aontais Eorpaigh, b’fhéidir gur cuma leat a fhad agus go dtagann an t-airgead? Mura bhfuil post deas agat de bharr an Aontais agat, má tá do shlí bheatha i mbaol mar gheall ar pholasaithe an Aontais, b’fhéidir nach cuma leat?

Ceist, mar sin de, an de na héalótaí nó de na perioikoi thú, do bharúil? Nó an bhfuil sin ró-mhéaldrámata ar fad?

Fág freagra ar 'Cad déarfadh na sean-Ghréagaigh leis an méid a tharla sa Stát seo le tamall?'

  • Eoin Ó Murchú

    Ceart ar fad agat.