Cad déarfadh Frank Underwood leis an ‘House of Healy Rae’?

Is é is dóichí ná a mhalairt ná go mbeadh beirt Chiarraí den tuairim gur duine de na ‘smart alecs’ é Frank Underwood ó ‘House of Cards’

Healy-Rae

“Má theipeann ar rudaí anseo, beimid in ann aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá, a dúirt Michael Healy-Rae go seanbhlastúil (The Late Late Show, RTÉ1, Dé hAoine) agus é ag tagairt don saoránacht Mheiriceánach atá aige féin agus a dheartháir Danny. N’fheadar cén bhreith a thabharfadh Frank Underwood ó South Carolina (House of Cards, Netflix) ar mhuintir Healy-Rae ó Chill Gharbháin. Ana-sheans go dtaitneodh a seiftiúlacht, a ngliocas agus a n-uaillmhian leis.

Is é is dóichí ná a mhalairt ná go mbeadh beirt Chiarraí den tuairim gur duine de na ‘smart alecs’ é Frank, dearcadh uasal le híseal aige agus nár lú leis an sioc ná bheith ag tindeáil ar an gcosmhuintir.

Le gaiscí toghchánaíochta mhuintir Healy-Rae agus Donald Drumpf ag déanamh gaisce as toirtiúlacht a phlibín tá polaitíocht an fhíorshaoil i bhfad níos aistí ná aon rud atá ar scáileán.

A luaithe is a chuala go mbeadh an bheirt ar an gcúits ag Tubridy ar an Late Late bhíos ag breith chugam féin go ndéanfadh iar-láithreoir Rós Thrá Lí ceap magaidh agus seó bóthair díobh, go mórmhór óir go bhfuil cluas muice déanta aige de roinnt agallamh le tamall.

N’fheadar cén bhreith a thabharfadh Frank Underwood ó 'House of Cards' ar mhuintir Healy-Rae. Ana-sheans go dtaitneodh a seiftiúlacht, a ngliocas agus a n-uaillmhian leis
N’fheadar cén bhreith a thabharfadh Frank Underwood ó ‘House of Cards’ ar mhuintir Healy-Rae. Ana-sheans go dtaitneodh a seiftiúlacht, a ngliocas agus a n-uaillmhian leis

Lena cheart a thabhairt dó dhein sé an t-agallamh a láimhseáil go tomhaiste agus go tuisceanach. Bhí sé dáiríre agus seoigh in éineacht. Is aige Michael a bhí an tslais is fearr a chuala le tamall maith is é ag tagairt d’iriseoir a bhí ana-ghránna faoina theaghlach. ‘Nár mhór an cur amú airgid ag a thuismitheoirí oideachas a chur air.’ Ní raibh ansan ach a thús; carúl á chaitheamh go bhfuil tír taobh amuigh de thimpeallán an ‘Red Cow’ agus gur cheart do na páirtithe polaitíochta luí le muintir Healy-Rae seachas an tslí eile timpeall.

Bhí Mórdhach an tí seo ag caint ar an drochmheas a bhí ar mhuintir Healy-Rae an tseachtain seo caite agus d’aithneofá ón smuilc a bhí ar chuid acu siúd a bhí sa lucht féachana, lucht ‘couscous’, na ‘bhfrappuccinos,’ na ‘pilates’ agus, nach raibh aon namhaid acu ach lucht na gcaipíní. ‘Sí an tuin chainte agus Béarla na hÉireann is mó a chuireann pip orthu, dar liom. Cuimhnigh ar an drochíde a tugadh ar thuin chainte Dháithí Uí Shé nuair a bhí sé ar Crimecall tamall de bhlianta siar.

Baineadh an ghaoth as seolta Conor McGregor san MGM Grand, Las Vegas, maidin Dé Domhnaigh agus níos déanaí i dTrá Lí thaispeáin imreoirí caide na Ríochta agus Dhún na nGall  (GAA Beo, TG4) go mbeidís in ann é a fhéachaint leis an gcuid is fearr de throdaithe an UFC. N’fheadar cén uair go deireanach go bhfaca an oiread sin útamála agus shemozzles, faoi mar a bhaist Micheál Ó hEithir ar an ealaín seo blianta ó shin. Iad ag crúbáil agus ag guailleáil a chéile ó thosach imeartha. Ag pointe amháin bhí beirt fhear Gaeltachta (Marc Ó Sé agus Eamonn McGee) ag an taobhlíne agus fuil leo. Dá olcas é, bhí teas san imirt ar a laghad, murab ionann agus cuid mhaith de chluichí patuara na sraithe nach fiú an deich triuf iad. Ba é lá na gCiarraíoch ar TG4 é mar go raibh lucht na gcamán ar siúl níos luaithe an lá céanna (bualadh lódó orthu) agus ba é an fear Gaeltachta Declan O’Sullivan a bhí idir chamáin sa tríú clár den tsraith is déanaí de Laochra Gael.

Fág freagra ar 'Cad déarfadh Frank Underwood leis an ‘House of Healy Rae’?'