Tá sé barbartha agus buanaíonn sé an éagothroime ó aois a deich mbliana ar aghaidh. Ba dhóigh leat gur cur chuige beannaithe, dosháraithe atá ann agus gur dea-mhaise é ar chóras oideachais Thuaisceart Éireann. An scrúdú aistrithe don chéim ó bhunscoil go dtí an dara leibhéal atá i gceist. Faoin gcóras seo roghnaítear daltaí ar bhonn acadúil agus bunaithe ar dhúshlán a dtugann daltaí aghaidh air go luath sa bhliain deiridh ar bhunscoil.
Scrúduithe aistrithe ba chirte a rá mar tá dhá cheann i gceist. Ní hí an Roinn Oideachais a ritheann iad ach dhá chomhlacht phríobháideacha atá i bhfeighil an chórais iontrála do scoileanna graiméir.
Ghlac AQE agus PPTS an cúram orthu féin ó cuireadh an scrúdú oifigiúil, an 11+, ar ceal breis is deich mbliana ó shin. Is bealach iad na scrúduithe seo ag na scoileanna graiméir chun a chinntiú gurb iad na daltaí is cumasaí (ó thaobh na hacadúlachta) a fhaigheann siad.
Bíonn caint acu ar ranganna ilchumais ach tá siad chomh hannamh le sneachta samhraidh.
Tá córais oideachais faoi bhrú gach áit.
Ní hiontas na daltaí Ardteiste agus na múinteoirí a bheith buartha faoi scéim do ghráid ríofa, cleachtas anaithnid.
Ach oiread leis an bPoblacht déanfar measúnú sa Tuaisceart freisin ar dhaltaí A-Leibhéil: tá cinntí cinniúnacha le déanamh ar dhá thaobh na teorann.
Ach tá sé beartaithe ó thuaidh brú a chur ar pháistí deich mbliana d’aois, fiú i mbliana nuair nach mbeidh ach leath den scoilbhliain curtha isteach acu.
An ag scoil ghraiméir a ghabhfaidh siad nó meánscoil?
Tá cuid de na meánscoileanna ar fheabhas, ach is ag na scoileanna graiméir atá an stádas sa tsochaí seo. Tá aicmeachas i gceist agus tá sé fréamhaithe sa chultúr gur teip is ea é gan áit i scoil ghraiméir a bhaint amach.
Toisc nach í an Roinn Oideachais a ritheann na scrúduithe AQE (do na scoileanna stáit/Protastúnacha) agus PPTS (do na scoileanna Caitliceacha), dúirt an tAire Oideachais in Stormont, Peter Weir an DUP, nach raibh ról aige féin ina leith.
Ag freagairt d’éileamh go gcuirfí na scrúduithe ar ceal i mbliana, dúirt Weir, a bhí dubh dóite in aghaidh scor an 11+, nach raibh rún aige reachtaíocht a thabhairt isteach.
Tá sé báúil don roghnú daltaí ar bhonn acadúil agus dúirt sé sa Tionól go mbeadh amhras air an mbeadh an t-údarás aige ná ag an roinn cur isteach ar na comhlachtaí príobháideacha.
Is fúthu sin atá sé cathain a rithfear na scrúduithe, a dúirt sé.
D’fhógair an dá eagraíocht go mbeadh na scrúduithe ar siúl i mí na Samhna agus mí na Nollag.
Ar an Satharn a bhíonn siad ar siúl mar nach mbaineann siad go hoifigiúil le clár oibre na scoile. Is cosúil anois gur ar cheithre Shatharn i mí na Samhna agus mí na Nollag a chaithfidh na páistí tabhairt faoi na páipéir.
Cuireadh deireadh le scrúdú an 11+ sa Bhreatain i 1976 .
B’údar conspóide é ar feadh i bhfad i dTuaisceart Éireann agus oideachasóirí go háirithe den bharúil gur dhaingnigh sé an éagothroime.
Mhol Coimisiún Burns in 2001 go gcuirfí deireadh leis an scrúdú 11+ ar an toirt agus go mbunófaí critéir nua a bheadh bunaithe ar a chóngaraí don scoile atá dalta agus na buanna atá aige agus é ag aistriú go hiarbhunscoil.
Níorbh aon iontas é nár thaitin na moltaí le lear mór de na scoileanna graiméir a bhí ag iarraidh ‘a stádas ardchaighdeáin’ a chaomhnú.
Go bunúsach bhí siad ag cosaint a gcoda. Bhí an DUP agus an UUP go mór in éadan na moltaí freisin agus an SDLP is Sinn Féin ina bhfabhar.
An bhliain dár gcionn, 2002, agus an Tionól ar tí titim, d’fhógair an tAire Oideachais, Martin McGuinness go raibh deireadh leis an scrúdú.
Nuair a d’fhill na polaiteoirí ar Stormont in 2007 bhí an DUP agus páirtí McGuinness, Sinn Féin, ag roinnt na cumhachta ach ní raibh aontas eatarthu faoin 11+.
Nuair a bhí sí ina haire oideachais, chinn Caitríona Ruane, Sinn Féin, nach mbeadh cead ag scoileanna daltaí a ullmhú do na scrúduithe príobháideacha a bhí á rith ag eagraíochtaí na scoileanna graiméir. Trí bliana déag níos deireanaí tá an córas aduain seo fós sa tsiúl agus tástáil le déanamh ar pháistí dá réir, cé go raibh na scoileanna dúnta de bharr na paindéime.
Mar is gnách beidh seans níos fearr ag na páistí a bhfuil luí ag a muintir le hoideachas agus a bhfuil na háiseanna acu sa bhaile le haghaidh na cianfhoghlama.
Léirigh taighde agus liodáin de thuarascálacha faoi easpa dul chun cinn i gceantair bhochta nach bhfuil gnáthspriocanna oideachais á mbaint amach, go háirithe i measc ógánach Protastúnach. Is léir nach chun sochair dóibh an córas oideachais reatha.
Éireoidh go maith le dornán daltaí ardchumais, is cuma cén cúlra atá acu, ach céard faoi na gasúir nach bhfuil ciúnas, spás ná ríomhaire acu, ní áirím tacaíocht ó thuismitheoirí?
Rachaidh siad ar gcúl ina gcuid oibre agus ní bheadh scoileanna in ann na bearnaí sin a líonadh san achar gearr roimh na scrúdaithe, fiú dá mbeadh an córas oideachais ag feidhmiú mar is gnách.
Más ranganna roinnte, páirtaimseartha a bheas ar siúl san Fhómhar, beidh oidí ag snámh in aghaidh easa.
’Siad na páistí ba mhó a bhí faoi mhíbhuntáiste cheana is measa a chruthóidh, ní nach ionadh.
Lúb shuarach eile i bhfáinne fí an chruatain.
Fág freagra ar 'Cad chuige an cur chuige barbartha seo i leith pháistí scoile an Tuaiscirt?'