Cad chuige a bhfuil na daoine sin ag crochadh pictiúr díobh fhéin chuile áit?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is cuma ‘pirates’ nó polaiteoirí iad, tá a forógra toghcháin féin ag Beainín na Naíonán Beag

4/2/2016 General Election Campaigns Starts

‘Ach cad chuige a bhfuil na daoine sin ag crochadh pictiúr díobh fhéin suas chuile áit?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonán Beag díom aniar ó chúl an chairr. Bhí sé ina bháisteach is bhí mé ar an stiúir.

‘Cé na daoine?’ a d’fhiafraigh mé di.

Bhí lá is oíche caite sa teach againn ag fanacht ar aiteall. Nuair a thosaigh an Babaí i mbun cumarsáide i ngnúsachtaí Peppa Pig bhí a fhios agam go raibh orm rud éicint a dhéanamh.

Ní raibh a fhios agam cá ngabhfadh muid ná cé a ghlacfadh muid linn. Ní raibh a fhios agam ach go gcaithfeadh muid imeacht.

Cheap mé gur ag tagairt do chlár fógraíochta ar chábán bhus a bhí sí. ‘Fógra atá ansin,’ a dúirt mé agus mo Ted Talk ar thráchtáil an tsaoil faoi réir agam.

‘Ach, cad chuige go bhfuil siad ar na pólannaí uilig?’ a d’fhiafraigh sí díom de léim sula raibh deis cainte agam.

Thuig mé ansin go raibh mé buailte ag toghcháníteas agus ruainín den neamhairdicas póstaeríteas freisin. Ní thugaim na póstaeir faoi deara níos mó. Tá siad chomh fite fuaite sin leis an saol gur ionann iad agus bachlóga an earraigh ar na crainn.

‘Polaiteoirí atá iontu,’ a mhínigh mé di, ‘crochann siad pictiúir díobh féin suas le go mbeidh a fhios ag daoine cé atá ag seasamh.’

‘Ag seasamh cén áit?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin.

‘Ní hé go bhfuil siad ag seasamh in áit éicint ar leith,’ a dúirt mé agus mé ag iarraidh cuimhneamh ar bhealach gonta le cur síos a dhéanamh ar thoghchán.

‘An mbíonn órchiste acu?’ a d’fhiafraigh sí díom. Tháinig an cheist aniar aduaidh orm. ‘Cé acu?’,a d’fhiafraigh mé di. Bhí mé ag imeacht sa gceo. Chaithfinn díriú ar cheann scríbe gan mórán moille eile.

‘Na pirates,’ a dúirt sí.

‘Ní pirates, ach polaiteoirí,’ a mhínigh mé. ‘Ní bhíonn órchiste acu. Bhuel, bíonn airgead acu, ach caitheann siad ar scoileanna agus ospidéil agus rudaí mar sin é,’ a dúirt mé.

‘Ó,’ a dúirt sí agus bhí tost diamhair ann. Shocraigh mé an carr a stiúradh i dtreo Monkey Business.

‘Nuair a bheas airgead agamsa tá mé dul é a chaitheamh ar charr-eitleáin,’ a dúirt sí agus achoimre á thabhairt ar a manifesto aici, ‘agus uachtar reoite chuile lá.’

Thaitin a fís den saol úrnua seo liom. Níl uaim anois ach a polasaí teanga agus cén seasamh atá aici ar tháillí uisce.

Fág freagra ar 'Cad chuige a bhfuil na daoine sin ag crochadh pictiúr díobh fhéin chuile áit?'