Cad atá i ndán don phobal pro-Rúiseach sna críocha gafa in oirthear na hÚcráine?

Ní léir go bhfuil aon chomparáid idir an tslí atá an Úcráin ag caitheamh le comhoibritheoirí na forghabhála agus coireanna cogaidh na Rúise in áiteanna amhail Bucha

Cad atá i ndán don phobal pro-Rúiseach sna críocha gafa in oirthear na hÚcráine?

Tá a fhios againn ó eagraíochtaí cearta daonna neamhspleácha idirnáisiúnta cad a tharla don phobal sna ceantracha a bhí faoi fhorghabháil na Rúise san Úcráin agus a fuasclaíodh ina dhiaidh sin. Tá na coireanna cogaidh atá déanta ag an Rúis curtha ar ár súile dúinn ag Human Rights Watch, ag Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus ag Amnesty International.

Ach cad atá i ndán don phobal pro-Rúiseach sna críocha gafa in oirthear agus in oirdheisceart na hÚcráine má éiríonn leis an Úcráin na críocha sin a ghabháil ar ais? Tá críocha móra gafa ar ais ag an Úcráin in oirthuaisceart agus oirdheisceart na hÚcráine cheana féin. Cén fhianaise atá ar fáil ó na réigiún sin faoi cad a d’fhéadfadh tarlú?

An chéad rud a tharla sna ceantracha sin ná gur theith cuid mhór acu siúd a thaobhaigh leis an bhforghabháil go dtí an Rúis nó go críocha a bhí fós faoi smacht na Rúise. Maidir leo siúd a d’fhan nó nár éirigh leo éalú tá cúiseanna á gcur ina leith faoin dlí i gcoinne comhoibrithe, a rith parlaimint na hÚcráine i Márta 2022, go luath tar éis thús an ionraidh. Tuairiscíodh i mí Eanáir go raibh cúiseanna curtha i leith 456 duine i gceantracha a bhí gafa ar ais ach go raibh 2,319 duine faoi amhras gur chomhoibrigh siad leis na hionraitheoirí.

Tá sé luath fós sa phróiseas ach tá roinnt cásanna tagtha chun cúirte cheana féin agus is féidir tuairim éigin den cur chuige a fháil uathu sin.

Is suíomh neamhspleách i bhFraincis agus i mBéarla é Justice.Info atá lonnaithe i Lausanne san Eilvéis. Tá anailís déanta acusan ar conas atá na cúirteanna i réigiún amháin san Úcráin – Dnipropetrovsk – ag déileáil le cásanna daoine a chomhoibrigh leis na fórsaí forghabhála. Bhain roinnt de na cásanna le daoine a labhair go poiblí nó a scaip ábhar ar na meáin shóisialta ag tacú leis an ionradh.

An phianbhreith a gearradh orthu i ngach cás ná cosc 10 mbliana aon fhostaíocht a bheith acu le hinstitiúidí rialtais áitiúil nó náisiúnta san Úcráin. Bhain roinnt eile de na cásanna le daoine a ghlac fostaíocht le feidhmeannas na forghabhála. Mar shampla phléadáil bean ó Novoselivka ciontach gur ghlac sí le post mar ‘riarthóir bloic’ leis an údarás forghabhála. Ba iad na dualgais a bhí uirthi sa jab seo ná áitritheoirí a chur ar an eolas faoi chruinnithe a bhí á reáchtáil ag ionadaithe ón stát féinfhógartha, Daonphoblacht Donetsk, agus liostaí a chur le chéile d’áitritheoirí a d’fhás aníos sa sráidbhaile.

Sa chás sin agus sna cásanna eile inar ghlac daoine le postanna le lucht forghabhála, gearradh cosc idir 10 agus 13 bliain orthu ar fhostaíocht le hinstitiúidí rialtais. Bhí cás amháin níos tromchúisí i measc an sampla cásanna a scrúdaíodh. Cuireadh i leith saoránach Úcránach gur bhailigh sé eolas faoi na háiteanna ina raibh fórsaí na hÚcráine lonnaithe i gceantar Lysychansk in oirthear na hÚcráine agus gur chuir sé an t-eolas sin ar fáil d’fhórsaí na Rúise. Cuireadh ina leith freisin gur chabhraigh sé le saighdiúirí airtléire na Rúise a spriocanna a aimsiú agus iad ag scaoileadh le cathair Dnipro. Ciontaíodh an fear agus gearradh dhá bhliain déag príosúnachta air.

Tá an chuma ar an scéal mar sin más aon slat tomhais an méid teoranta faisnéise atá ar fáil go dtí seo go dteithfidh a lán daoine a chomhoibrigh leis na fórsaí forghabhála, gur daoine a chomhoibrigh ag leibhéal sóisearach formhór acu siúd a bheidh fágtha agus nach ngearrfar téarmaí príosúnachta ar a bhformhór. Ach ardaíonn sé seo ceisteanna casta faoi cad is comhoibriú ann.

Is léir gur comhoibrí é duine a oibríonn do lucht na foghabhála i bpost sinsearach riaracháin. Tá eisceacht shoiléir sa dlí do dhochtúirí agus d’oibrithe sláinte. Ach an comhoibriú é tuairimí a nochtadh go poiblí ar son na forghabhála mar a rinne roinnt de na daoine atá luaite anseo? Agus cad faoi, mar shampla, múinteoirí a bhí toilteanach an curaclam Rúiseach a chuir i bhfeidhm mar chuid de pholasaí an Rúisithe?

Déarfaidh roinnt daoine go raibh siad ag déanamh a ndíchill a chinntiú go raibh oideachas á fháil ag na páistí nó nach raibh an dara rogha acu. Ach déarfaidh daoine eile gur fhulaing múinteoirí eile mar gur dhiúltaigh siad comhoibriú leis an réimeas nua. Tá na ceisteanna seo ag cothú teannais i measc an phobail sna críocha athghafa. Níl an próiseas ach ina thús sna cúirteanna agus neosfaidh an aimsir cén dearcadh a ghlacfar. Tá Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus eagraíochtaí neamhspleácha cearta an duine eile ag ullmhú tuairiscí ar chearta daonna agus cúrsaí dlí agus cirt san Úcráin ó 2014 ar aghaidh agus is féidir a bheith ag súil go mbeidh an t-ábhar seo faoi chaibidil i bhfoilseacháin atá le teacht.

Tá cúpla pointe eile is gá a chur san áireamh:

  1. Beidh an chuid den daonra pro-Úcránach a theith nó a díbríodh ó na críocha gafa ábalta filleadh ar a gceantracha dúchais sa chás go nglacann an Úcráin seilbh orthu arís agus má bhíonn aon rud fágtha acu le dul ar ais chuige.
  2. I dtaca le daoine a ngearrfar téarmaí príosúnachta orthu, tá malartú príosúnach ag tarlú ar bhonn rialta idir an Úcráin agus an Rúis, fiú agus an chogaíocht faoi lán seoil agus is cinnte go mbeidh cinniúint na bpríosúnach ar an dá thaobh mar chuid d’aon socrú síochána amach anseo.
  3. Dar ndóigh marófar méid áirithe sibhialtach sa chogaíocht a bheidh i gceist le hathghabháil na gcríocha gafa. Níor maraíodh mórán in athghabháil Kharkiv mar gur thit fronta na Rúise as a chéile chomh tapa agus gur éirigh leis an Úcráin cathracha, bailte agus críocha fairsinge a athghabháil gan mórán troda. Agus i gcás chathair Kherson d’éirigh leis an Úcráin an chathair a athghabháil gan ionsaithe airtléire ar an gcathair fhéin nó gan aon ghá le troid ó shráid go sráid. Go dtí seo sheachain na hÚcránaigh smionagar a dhéanamh de chathracha ina dtír féin mar a rinne na Rúisigh i Mariupol agus Bakhmut. Beidh le feiceáil an éireoidh leo cathracha agus bailte móra eile a athghabháil agus a laghad sin dochair a dhéanamh dóibh.

Ní fios fós an aimseoidh eagraíochtaí cearta daonna lochtanna ar an tslí a bhfuil córas dlí agus cirt na hÚcráine ag plé le comhoibritheoirí na forghabhála. Ach ón bhfianaise neamhspleách atá ar fáil dúinn go dtí seo dealraíonn nach bhfuil comparáid ar bith idir an méid atá ag tarlú agus na coireanna cogaidh a rinne na Rúisigh in Bucha agus i ngach ceantar eile a bhí faoina smacht agus a fuasclaíodh ina dhiaidh sin. Más amhlaidh go bhfuil coireanna den chineál céanna ag tarlú sna críocha atá fós faoi smacht na Rúise, toradh eile a bheadh ar athghabháil na gceantar sin ná go dtiocfadh deireadh leis na huafáis sin.

Fág freagra ar 'Cad atá i ndán don phobal pro-Rúiseach sna críocha gafa in oirthear na hÚcráine?'

  • Eoghan Ó Néill

    Ceost mhaith, le cuidiú Dé go mbeidh sos cogaidh go luath agus go mbeidh daoine stuama ó gach taobh na tíre i ndán teacht ar réiteach a thabharfaidh meas teangan agus cultúir don úcráinis agus rúisís agus stop leis an uafás ar na daoine bochta sa tír sin.
    Nach maith an rud go bhfuil Tuairisc.ie againn chun muid a chur ag macnamh.