Cad atá i ndán don laoch spóirt nuair a thosaíonn an tseanaois ag breith air nó uirthi?

Agallóir agus agallaí caithiseach, deisbhéalach é Tommy Bowe agus labhair sé go humhal macánta i gcaitheamh an chláir ‘Tommy Bowe: The End Game’

Cad atá i ndán don laoch spóirt nuair a thosaíonn an tseanaois ag breith air nó uirthi?

Tommy Bowe. Pictiur: INPHO/Dan Sheridan

Cad atá i ndán don laoch spóirt, fuinniúil, aclaí nuair a thosaíonn an tseanaois ag breith air nó uirthi? Blianta fada caite agat faoin tsrathair; adhradh an lucht féachana, peataireacht, gortuithe, lúcháir na mbuanna agus briseadh croí sna cluichí a cailleadh. Saol an mhadra bháin agat agus níos mó ná do chrústa á thuilleamh agat. Rogha amháin ná tabhairt faoi bhóthar na teilifíse. Tá raidhse ceártaí (ó gach ardán) tar éis teacht ar an bhfód le blianta anuas agus iad ar fad ag sluaisteáil ar a ndícheall. Go deimhin samhlaítear dom ar uairibh go bhfuil gach mac máthar a chuir iall i mbróg chaide nó iománaíochta riamh ag iarraidh teacht i dtír ar phinginí na bladaireachta. Colún anseo, dreas cainte ar raidió ansiúd agus culaith bhreá phéacógach don bhabhta cadrála ar an teilifís. Ní galar aon spórt amháin é agus tá’s agat go bhfuil nós nua eile ann nuair a chíonn tú iar-réalta spóirt ag déanamh clárachta do pháistí agus daoine eile ar chláracha siamsaíochta.

Sa chlár Tommy Bowe: The End Game (RTÉ1, aréir) thug Tommy Bowe faoin táirge teilifíse ag an am céanna a raibh a bhróga rugbaí á gcaitheamh thar claí aige.

Tar éis ceithre bliana déag a chaitheamh ag imirt rugbaí go proifisiúnta le hÉirinn, Cúige Uladh, Ospreys agus na Leoin chinn Tommy an liathróid ubhchruthach a chaitheamh in aer. Sa chlár seo labhair sé le pearsana spóirt éagsúla le fáil amach conas mar a chuadar siúd i ngleic leis an bhfolús a bhí ina saol.

“You have never done a day’s work in your life,” a dúirt AP McCoy go deisbhéalach agus go seanbhlastúil is é ag trácht ar a shaol féin chomh maith le saol Bowe. Murab ionann agus na glúine a chuaigh rompu tá sé d’ádh ar sciar suntasach den ghlúin reatha sa spórt proifisiúnta go n-éiríonn leo a gcótaí bána a dhéanamh sula gcaitheann siad a gcaipín leis an gcúram. Lena chois sin cinntíonn na ruathair ar na meáin agus fiontair éagsúla nach ón lámh go dtí an béal a bheidh orthu maireachtáil.

Is dúshláin shíceolaíochta is mó atá roimh leithéidí Tommy mar sin. Cén uair ar cheart dom éirí as? Cad a dhéanfaidh mé le mo shaol anois? An bhfuil aon ní ann a bheidh in ann an folús sin a líonadh? Chuir Bowe caint ar Derval O’Rourke, AP McCoy, Paul McGrath agus Conor Ryan féachaint cad iad na léargais a bhí acusan. Labhair siad ar fad go hionraic agus tugadh éachtaint ar an meon a bhí acu agus iad ag éirí as. Ba léir go rabhadar compordach i bhfochair Bowe; iad ar nós na gciaróg is dócha.

Éan corr ab ea Conor Ryan ar chúpla cúis. Bhuaigh sé craobh na hÉireann le contae an Chláir in 2012 agus gnóthaigh sé laoch na himeartha sa chluiche ceannais. Tamall ina dhiaidh sin b’éigean dó an camán a chaitheamh thar claí de bharr tinnis. Cuireann sé in iúl go bhfuil saol amaitéarach an imreora CLG go hiomlán difriúil agus iad réitithe don saol iar-spóirt óir go bhfuil gairm/post acu.

Agallóir agus agallaí caithiseach, deisbhéalach é Bowe agus labhraíonn sé go humhal agus go macánta i gcaitheamh an chláir. “Well, I used to play rugby,”  a deir sé anois nuair a cheistítear é faoi cad atá ar bun aige, ach más aon fhianaise an clár seo beidh sé le feiscint ar an scáileán arís.

Fág freagra ar 'Cad atá i ndán don laoch spóirt nuair a thosaíonn an tseanaois ag breith air nó uirthi?'