Cad air a mbeidh Joe Schmidt ag faire agus é ag fáil faoi réir do Chraobh na Sé Náisiún

Agus feachtas na hÉireann ag tosú faoi cheann seachtaine, tá cinntí le déanamh ag Joe Schmidt agus é ag iarraidh teacht ar ais ón droch-chríoch a bhí ag Éirinn i gCorn an Domhain

INPHO/Dan Sheridan
INPHO/Dan Sheridan

An Domhnach seo chugainn, beidh Joe Schmidt agus a chuid imreoirí ag dul chun páirce agus tús á chur le Craobh Sé Náisiún.

Tar éis dóibh cliseadh ag an mbabhta ceathrú ceannais i gCorn an Domhain, is dúshlánach an triail thosaigh atá roimh Éirinn sa chomórtas agus iad ag tabhairt aghaidh ar an mBreatain Bheag. Is iad na Breatnaigh an t-aon fhoireann a bhuaigh ar Éire sa chraobh an bhliain seo caite agus ní faoiseamh dúinn é an slua imreoirí atá in easnamh ar Schmidt.

Agus é i mbun ullmhúcháin don chluiche, tá roinnt cinntí tábhachtacha le déanamh ag an mbainisteoir má ag iarraidh an chraobh a bhuachan don tríú huair as a chéile.

INPHO/Photosport/Andrew Cornaga
INPHO/Photosport/Andrew Cornaga

An athróidh tada ó Chorn an Domhain?

Tar éis d’Éirinn cliseadh ag Corn an Domhain ag an mbabhta ceathrú ceannais arís, tá cinneadh le déanamh ag Joe Schmidt. An bhfuil sé ag iarraidh cloí leis an stíl chosantach a bhuaigh Craobh na Sé Náisiún dó i 2014 agus 2015, nó an bhfuil sé ag iarraidh stíl níos oscailte a chur i bhfeidhm – stíl a raibh rath ag foirne eile léi ag Corn an Domhain?

Leis an stíl oscailte sin, rinne an Airgintín scrios ar Éire sa chluiche sin i gCardiff i mí Dheireadh Fómhair seo caite ach braitheann meon Schmidt ar cén léamh a bhí aige ar an gcluiche sin. An gcuireann sé an milleán ar an easpa cruthaíochta a bhí sa bhfoireann agus iad ag iarraidh teacht ar ais sa chluiche nó an gcuireann sé an locht ar an tubaiste cosanta a tharla an lá sin, go háirithe sa chéad leath.

Schmidt iomlán dírithe ar Chraobh na Sé Náisiún a bhuachan arís, seans maith go gcloífidh sé leis an stíl imeartha a bhí in úsáid aige le hÉirinn roimhe seo. Beidh sé ag dul sa tseans agus é ag iarraidh an stíl a athrú mar tógfaidh sé tamall air a chuid smaointí a chur i bhfeidhm ar an bpáirc, ach má ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh, go háirithe ar na foirne ón leathsféar theas, b’fhéidir gur fiú dearmad a dhéanamh ar na torthaí go fóill agus córas nua a fhoghlaim.

INPHO/Dan Sheridan
INPHO/Dan Sheridan

Roghanna i lár na páirce

Ceann de na ceisteanna is mó a bheidh ann ná a bheidh ag imirt i lár na páirce do na hÉireannaigh san Aviva. I gCraobh na Sé Náisiún anuraidh agus ag tús Chorn an Domhain, ba iad Jared Payne agus Robbie Henshaw an bheirt a bhí san ionad sin ach seans go bhfeicfimid athruithe ann i mbliana. Níl Henshaw ach díreach tagtha ar ais ó ghortú láimhe agus cé go bhfuil Payne ag imirt go han-mhaith le Cúige Uladh, is mar lánchúlaí is mó atá ag imirt.

Fear atá ag imirt i lár na páirce do na hUltaigh ná Stuart McCloskey agus, cé nach bhfuil cluiche imeartha aige d’Éire fós, tá an neart agus an scil aige chun dul i bhfeidhm ar chluichí ag an leibhéal seo. Go háirithe in aghaidh na Breataine Bige, bheadh neart McCloskey áisiúil in aghaidh na bhfear mór atá acu san ionad sin – leithéidí Jamie Roberts agus Jonathan Davies.

Chomh maith le McCloskey, tá beirt eile atá feicthe againn i lár na páirce roimhe seo, sin iad Luke Fitzgerald agus Keith Earls. Ó thaobh an líne cosanta a bhriseadh, tá an bheirt seo ar na himreoirí is éifeachtaí i scuad Schmidt. Is ar an gcliathán, áfach, atá an chuid is mó den imirt déanta acu i ngeansaí na hÉireann agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an bainisteoir iomlán cinnte faoin obair a dhéanann siad sa chosaint.

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Cé a thógfaidh áit O’Connell ar an bpáirc?

Rory Best ainmnithe ina chaptaen ar fhoireann na hÉireann ag Joe Schmidt don chraobh agus cé nach bhfuil bua na ceannasaíochta ag an Ultach chomh soiléir céanna san imirt agus a bhí i gcás O’Connell, is cinnte go bhfuil tacaíocht na n-imreoirí ag Best agus tá an scéal amuigh gur na himreoirí féin a mhol an húcálaí.

É sin ráite, fágann O’Connell bearna sa bhfoireann chomh maith. Bhí an-tionchar ag Iain Henderson ar an imirt i gCorn an Domhain agus is cosúil gurb é siúd a thiocfaidh i gcomharbacht ar O’Connell go fad-téarmach, ach tá an tUltach gortaithe faoi láthair, rud a chiallaíonn go mbeidh ar Schmidt fear eile a fháil.

Rogha amháin atá aige ná Donnacha Ryan, a d’imir taobh le O’Connell i gCúige Mumhan, ach tá an Luimníoch díreach tar éis teacht ar ais ó ghortú agus tá róluath Ultan Dillane, nach bhfuil ach 22 bliain d’aois, a chaitheamh isteach. Is é Mike McCarthy an t-aon imreoir atá ag imirt go maith agus go rialta le tamall anuas agus tá buntáiste ar leith aige ar na fir eile agus é ag imirt taobh le Devin Toner le Cúige Laighean gach seachtain.

Fág freagra ar 'Cad air a mbeidh Joe Schmidt ag faire agus é ag fáil faoi réir do Chraobh na Sé Náisiún'