Cad a tharla don náisiún nua a gineadh sa tSaoirse agus ar an tuiscint gur mar a chéile sinn ar fad?

Tuar dóchais ó na hagóidí atá ar siúl le seachtain anuas i SAM go bhfuil go leor daoine óga, idir dhubh agus bhán, páirteach iontu

Cad a tharla don náisiún nua a gineadh sa tSaoirse agus ar an tuiscint gur mar a chéile sinn ar fad?

Saighdiúirí ar dualgas ar an leacht a tógadh i gcuimhne Abraham Lincoln. Pictiúr: Martha Raddatz/Twitter

“Ceithre scór agus seacht mbliana ó shin, bhunaigh ár sinsir náisiún nua ar an mór-roinn seo, náisiún nua a gineadh sa tSaoirse agus a bhí tiomanta don tuiscint gur mar a chéile sinn ar fad.”

An chéad líne den óráid chlúiteach a thug Abraham Lincoln ag Gettysburg ag deireadh an chogaidh chathartha sna Stát Aontaithe in 1863. Theastaigh ó Lincoln an tír a thabhairt le chéile agus mar chuid den óráid, leag sé amach an fhís a bhí aige don tír nua, ba é sin gur ionann gach duine nuair a chruthaítear iad. Meas tú céard a bheadh le rá ag an bhfear céanna os cionn céad go leith bliain dár gcionn dá bhfeicfeadh sé saighdiúirí ar dualgas leis an bpobal ar gheall sé comhionannas dóibh a choinneáil glan ar an leacht a tógadh ina chuimhne sa Mheal Náisiúnta in Washington?

Ba ghearr le radharcanna ón Earrach Arabach nó ó léirsithe i dtíortha neamhdhaonlathacha eile ar fud an domhain na pictiúir a chonaic muid as Washington, Nua-Eabhrac, San Francisco, Minneapolis agus iliomad cathracha eile sna Stát Aontaithe. Cuma na deachtóireachta ar thír na saoirse agus baile na laochra cróga.

Bhí an pobal ag léiriú a gcuid feirge faoi eachtra chiníoch eile inar maraíodh fear den chine gorm. Mharaigh póilín é agus sheas triúr póilíní eile ar an tsráid mar lucht féachana.

Eachtra náireach, ach faraor feiceann muid a leithéid go rialta.

I mí Feabhra maraíodh Ahmad Arbery in Georgia agus é amuigh ag rith. Thóg sé dhá mhí sular cúisíodh aon duine faoina bhás. Go minic i Meiriceá cuirtear milleán ar chultúr na ngunnaí. Ní raibh aon ghunna ag teastáil le George Floyd a mharú.

Tá sé os cionn leathchéad bliain ó ritheadh Acht Cearta Sibhialta sna Stát Aontaithe a bhí ceaptha deireadh a chur leis na leatrom in aghaidh an chine ghoirm.

Bhí cearta oideachais, fostaíochta agus vótála san áireamh sna cearta sin.

Faraor, is cuma cé mhéad reachtaíochta a ritear, is cosúil nach féidir an ghráin agus an nimh chiníoch a ghlanadh d’intinn sciar maith den phobal sna Stáit Aontaithe. Sin dúshlán atá fós le sárú.

Tuar dóchais ó na hagóidí le seachtain go bhfuil go leor daoine óga, idir dhubh agus bhán, páirteach iontu.

Daoine óga atá ag éileamh athruithe. A bheidh sásta, bheadh súil agat vóta, a chaitheamh cúig mhí ón am seo.

Ceann de na cúiseanna gur éirigh le Donald Trump in 2016 nár tháinig an cine gorm amach ar son Hillary Clinton. Tá tacaíocht láidir i measc an phobail sin ag Joe Biden, ach is beag is fiú sin mura gcaitheann siad vóta i mí na Samhna.

Tiocfaidh an sciar sin den phobal a thacaíonn le Donald Trump amach arís agus cá bhfios nach mbeidh tuilleadh acu ann ar an 3 Samhain seo chugainn. Tá na Stáit Aontaithe chomh deighilte go mbeidh coimhlintí géara i mórán stát sa toghchán.

B’fhéidir gur chóir meabhrú do lucht na n-agóidí agus na mórshiúlta go bhfuil deis acu agóid de shaghas eile a dhéanamh agus breithiúnas a thabhairt sna toghcháin faoi Shamhain.

Fág freagra ar 'Cad a tharla don náisiún nua a gineadh sa tSaoirse agus ar an tuiscint gur mar a chéile sinn ar fad?'

  • Eoin O Murchu

    An é sin an Lincoln céanna a chuir na céadta laoch den náisiun Sioux chnn báis i ndiaidh dóibh troid go cróga in aghaidh Mheiriocá?

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máirín Ní Ghadhra, ‘Cad a tharla don náisiún nua a gineadh sa tSaoirse agus ar an tuiscint gur mar a chéile sinn ar fad?’

    Is laoch is ea Abraham Lincoln ag Meiriceánaigh go leor, agus ag daoine eile nach dtéann ró– dhomhain sa scéal. Ba é an réiteach a bhí ag Lincoln féin ar scéal na ndaoine gorma sna Stáit Aontaithe, iad go léir a chur ar ais chun na hAfraice. Cuireadh daoine gorma ar ais chun na hAfraice sa 19ú céad, agus cuireadh Stát nua ar bun ansiúd dóibh, an Libéir, sa bhliain 1847, Bliain an Drochshaoil againne. Ach is amhlaidh a chaith na hiardhaoir ó Mheiriceá le pobal dúchais na Libéire, mar a bhí an cine geal ag caitheamh leis an gcine gorm sna Stáit Aontaithe, sular aistrigh na hiardhaoir chun na Libéire! Níor thug na Stáit Aontaithe aitheantas don Libéir mar Stát go dtí 1862. Níor thug na hiardhaoir aitheantas do phobal dúchais na Libéire go dtí 1904.
    Tá sliocht na nÉireannach sna Stáit Aontaithe ar na daoine geala is mó ciníochas ansiúd. Formhór na nGael–Mheiriceánach, is do Pháirtí na nDaonlathaithe a vótálaidís go traidisiúnta. Thug mise 3 seachtaine ar Chósta Thoir Mheiriceá i Mí Iúil 1979. An deartháir is sine agam a bhí ag pósadh, agus ba mise an vaidhtéir aige. Thugamar turas ar ghaolta dúinn féin ar thaobh ár máthar i Stát Rhode Island, tamall roimh phósadh an dearthár. Daoine iad siúd a ndeachaigh a muintir rompu céad daichead bliain ó shin ar imirce go dtí Rhode Island ó Pharóiste na Snadhma sa taobh theas de Cho. Chiarraí. De chion focal ar ócáid amháin tharraing mise anuas scéal na nÉireannach gorm in Oileáin Mhuir Chairib. Ba léir dom ar an bpointe nach raibh toil ag an gcomhluadar don chomhrá, mar a déarfadh na hUltaigh. Bhí ina réabadh idir na hÉireannaigh agus na daoine gorma in Southy, ceantar de chuid Chathair Bhostúin, ní fada ó shin.
    Is cinnte go bhfuil ciníochas sna Stáit Aontaithe. Bunaithe atá sé ar léamh Cailvíneach ar an mBíobla gur cuireadh mallacht ar Chanán, mac do Hám, mar go bhfaca Hám a athair féin Naoi, agus Naoi nochta, agus Naoi ar meisce, agus gur inis Hám an méid sin dá bheirt deartháireacha féin, Séam agus Iáfat [Geineasas 9: 20–27]. Is é an chúis a bhfuil na Gael–Mheiriceánaigh chomh ciníoch sin iad féin, go raibh tráth ann nach raibh siad ach céim amháin sa saol os cionn na ndaoine gorma. Creid é, nó ná creid, ach tá leabhar le Noel Ignatiev dar teideal How the Irish became white (Routledge: Nua–Eabhrac 1995).
    Tá sé cruthaithe ag lucht géinitice gur gorm nó donn a bhí na chéad daoine a tháinig chun na hEorpa timpeall le 50,000 bliain ó shin, aneas as an Afraic, nó b’fhéidir anoir aneas as an Leithinis Arabach. Meastar nach bhfuil ach 3000 bliain ann ó chaill na Sean–Eorpaigh an dath gorm ar fad, má chaill. Is cuid den oidhreacht ghéiniteach Phailéiliteach san Eorpach is ea súile glasa [blue] a bheith ann, agus gruaig dhubh nó gruaig dhonn a bheith air. Súile glasa atá ionamsa, ach gruaig bhán a bhí orm agus mé i mo leanbh, gruaig a chuaigh i ndoinne de réir mar a d’aosaigh mé, agus sular thosaigh mé ar liathadh. Bhí m’athair agus mo mháthair, trócaire orthu, chomh dubh leis an airne, agus iad óg, mar a bhí an deartháir is óige agam, sular thosaigh sé seo ar liathadh. Meascachán atá ionainn go léir, mar a déarfadh Tomás Ó Cinnéide na Gráige, beannacht Dé lena anam. Dar leis an Dubhaltach Mac Fhir Bhisigh, fear na nginealach, is donn a bhí na Gaeil, fionn nó bán a bhí Tuatha Dé Danann, agus ciar a bhí na Fomhóraigh [agus Muintir Chiarraí, dar ndóigh!]. Meascán de dhúchas Thuatha Dé Danann, agus den Ghael atá ionamsa mar sin, ó thaobh dhath mo chuid gruaige; agus dúchas an Fhomhóraigh ionam, ó thaobh dhath mo dhá shúl! Tá cara dom ó lár na hIodáile ar gruaig dhubh atá air, agus súile glasa atá ann. Ní ón ngaoth, mar sin, a thug Frank Sinatra leis dath na súl!
    De réir na staitisticí, formhór na ndaoine gorma a dhúnmharaítear sna Stáit Aontaithe, is daoine gorma a dhúnmharaíonn iad. Is sna Stáit Aontaithe le blianta fada atá cónaí ar an deartháir is sine agamsa. Ó laisteas de Bhostún a bhean chéile, bean de shliocht na hÉireann siar amach. Ar scor óna gcuid oibre atá beirt acu le hábhar blianta. Do Hillary Clinton a vótáil beirt acu an babhta déanach. Tá an dianghlasáil fós i bhfeidhm ar Chathair Bhostúin, agus ní féidir don deartháir sin ná dá bhean corraí amach as an árasán atá acu. Ach mura mbeadh an dianghlasáil, bheidís fós teanntaithe ina n–árasán ag an bhforéigean a leanann na hagóidí ‘i gcoinne an chiníochais’, más fíor, le laethanta anuas. Briseadh fuinneoga an tí béil dorais acu, agus scríobhadh graifítí ar fhuinneog thosaigh an fhoirgnimh a bhfuil siad féin ag cur fúthu ann. Is ea: tá ciníochas agus ciníochas ann. Tá lucht bradaíola i measc na léirsitheoirí, daoine nach bhfuil uathu ach teilifíseán nua, nó an áirithe sin uaireadóirí Rolex, a mbeidh neart acu iad a dhíol ar an margadh dubh ar ball. Ar chuma éigin, ní déarfainn go gcuirfeadh sé aon athrú aigne ar lucht bradaíola dá scríobhfadh an deartháir sin agus a bhean chéile ‘Do Hillary a Vótálamarna’ ar fhuinneog thosaigh an fhoirgnimh ina bhfuil an t–árasán acu. Maraíodh beirt phóilíní de dhroim an fhoréigin ag na léirsitheoirí –– beirt phóilíní gorma. Ach they ain’t black, is dócha, a déarfadh Joe Biden leis an mbeirt phóilíní sin. Sin iad na rudaí, sin é an chaoi a bhfuil sé!