Cad a dhéanfar gan CLG? Beidh honeymoon fada againn timpeall an tí!

Ag cogaíocht, sceimhlitheoireacht agus anachain nádúrtha is minice saol an spóirt curtha trína chéile le blianta beaga

Cad a dhéanfar gan CLG? Beidh honeymoon fada againn timpeall an tí!

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

‘Is beidh honeymoon fada againn timpeall an tí.’

Mura bhfuil dul amú orm ba é Johnny Chóil Mhaidhc a scríobh an líne sin mar chríoch ar agallamh beirte. Is amhlaidh a bhí fear ag iarraidh bean a mhealladh lena phósadh. Bhí a ghrá curtha ar a súile aige, geallúint go dtabharfadh sé togha na haire di an chuid eile dá saol agus bainis chomh flaithiúil agus a cheadódh an mhaoin fhánach a bhí aige.

Agus sin déanta bheidís taobh lenar dhúirt sé thuas – líne dheireanach an phíosa cumadóireachta.

An Taoiseach a chuir an cás ina raibh an file  isteach i m’intinn agus é ag fógairt anall as Nua-Eabhrac Déardaoin go mbeadh bac go ceann míosa ar imeachtaí faoi dhíon a thabharfadh os cionn 100 duine le chéile agus an scéal céanna ag cinn faoin aer ar a mbeadh freastal ag níos mó ná 500.

Tiocfaidh muid as sin le cúnamh Dé ar an gcuma chéanna a mairfeadh bean an dáin chomh sásta leo siúd a bhí saibhir ach sonas agus sláinte a bheith aici. Idir an dá linn – agus is é is dóigh nach taobh le haon mhí amháin a bheas muid – níl againne ar nós linn freastal ar ócáidí spóirt ach a bheith foighdeach agus airdeallach ar an gcomhairle atá ar fáil dúinn.

Ag cogaíocht, sceimhlitheoireacht agus anachain nádúrtha ar nós creathanna talún is minice an saol curtha trína chéile go dtí seo le blianta beaga, saol an spóirt san áireamh. Mhair tionchar an ghalair Crúibe agus Béil ar a laghad ráithe nuair a tháinig sin chomh fada leis an tír taca an ama seo in 2001.

Tar éis dóibh an bua a fháil ar an Iodáil agus ar an bhFrainc i dtús an earraigh  an bhliain sin, cuireadh  ar athlá go fómhar cluichí rugbaí a d’fhéadfadh an Choróin Thriarach a fhágáil ag Éirinn.  Caitheadh Rásaí Capall Cheltenham agus Paráid Lá’l Pádraig in aer. Níor imríodh aon chluichí idirchontae i gcomórtais Chumann Lúthchleas Gael idir an 25 Feabhra agus Lá an Amadáin. Ba i lár an Aibreáin agus ní ar Lá’l Pádraig a imríodh babhtaí ceannais na gclubanna sinsearacha.

Ainneoin sin ar fad d’éirigh leis an gCumann na coimhlintí ar fad a cuireadh ar athlá a chur ar bun le linn an Aibreáin – rud nach bhféadfaí a dhéanamh sa lá atá inniu ann mar go bhfuil i bhfad níos mó cluichí ar fhéilire na himeartha acu.

‘Aimsir na Práinne’ (1939 – 1945) ba mhó a cuireadh isteach ar imeachtaí CLG. Le teacht an Dara Cogadh Domhanda tugadh isteach an tAcht Cumhachtaí Práinne 1939 rud a thug údarás don Rialtas socruithe a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht agus sláinte an phobail. Ar chúis éicint nach feasach dom níor cealaíodh é go dtí 1976. Feicim faoin am sin go raibh teanga na Gaeilge í féin ag athrú – más le feabhas nó le donas é! ‘Staid Éigeandála’ a bhí faoin tráth sin ar an rud ar tugadh ‘staid práinne’ air roimhe.

Is é an chaoi a dtachtfaí ár sinsear dá gcaithfidís fiafraí do dhuine sách minic:  ‘Cén éigeandáil atá ort?’.

Ar aon dath cuireadh Sraithchomórtais Náisiúnta Chumann Lúthchleas Gael sa bpeil agus san iománaíocht ar athlá i 1941 agus níor tosaíodh arís orthu go dtáinig fómhar na bliana 1945. An uair sin féin leagadh amach na ranna éagsúla ar an mbonn a d’fhág a laghad taistil agus ab fhéidir ar na foirne – easpa breosla ba chúis leis sin.

Imríodh na Craobhchomórtais ceart go leor cé go raibh titim mhór ar an lucht féachana ar formhór na gcluichí. Ní raibh ach 10,000 i láthair ag Cluichí Ceannais Peile Laighean agus Uladh i 1945 cuir i gcás agus dhá mhíle faoina bhun ag Cluiche Ceannais Chonnacht.

27,000 a bhí ag Cluichí Ceannais Iománaíochta na hÉireann i 1942 agus 1947, ach ar chúis éicint bhíodh os cionn 70,000 i gcónaí ag na cluichí ceannais peile.

Tugann sracfhéachaint sciobtha ar nuachtáin na linne le fios gur leanadh le himirt an tsacair agus an rugbaí mórán mar ba ghnách in Éirinn le linn an Dara Cogadh Domhanda agus rud a chuirfeadh iontas ort go raibh rásaí capall ar siúl sa mBreatain, ní hamháin anseo ag an am.

Le teacht an chogaidh sin chuir FA Shasana séasúr 1939-40 ar athlá agus níor imríodh comórtas an Choirn idir 1939 agus 1945. Faoi mar a tharla i gcás CLG bhí sraitheanna réigiúnda ar bun ar fud Shasana le linn an achair sin ceart go leor.

Is maith an scéalaí an aimsir, ach is beag a chuirfinn nach ‘timpeall an tí’ a chaithfeas mé féin agus cuid mhaith de mo leathbhádóirí na míonna seo amach romhainn – cé nach ar mhí na meala é.

Tugaigí aire daoibh fhéin na laethanta corracha seo.

Fág freagra ar 'Cad a dhéanfar gan CLG? Beidh honeymoon fada againn timpeall an tí!'