Cad a dhéanfaimid feasta gan Nidge?

Bhuel, tá an teannas ag géarú an t-am ar fad agus ceann scríbe An Bronntanas ag druidim linn

Love/Hate  Series 4 Tom Vaughan Lawlor as Nidge

Tá cad é bús agus fothragadh ann ó tháinig Love/Hate (Dé Domhnaigh) chun deiridh agus ceisteanna go leor ag dó na geirbe ag na handúiligh.

An mbeidh sraith eile ann? Dealraíonn sé go mbeidh.

An bhfuil Nidge na gaoithe marbh? Dealraíonn sé go bhfuil.

Tháinig an clabhsúr fuilteach, foréigeanach aniar aduaidh ar mhórán agus spreagadh daoine le maíomh gurbh é an uair an chloig teilifíse is cumasaí a chraol RTÉ ó luíodh ar an gcanipe den chéad uair i 1961.

Ní shin é a fhágadh go maith é, a déarfadh lucht an tsearbhais, agus smut den gceart acu.

Bhí suan na muice bradaí le sonrú sa chéad leath den gclár agus an teannas ag méadú de réir a chéile. Bhí cor in aghaidh an chaim i measc na gcarachtar ó thús an tséasúir agus bhí a fhios againn go mbeadh duine éigin thíos leis.

Bhí na Gardaí iad féin os cionn a mbuille leis an mbleachtaire Moynihan ag cogaint na gcíorach ar dhiosca cánach ar shlí a d’fhágfadh carachtar beagfhoclach Clint Eastwood in áit na leathphingne.

Bhí pé mearbhall a bhí orthu roimis sin curtha díobh acu agus na fiacla á ndrannadh acu.

Ní frithbhuaic a bhí sa chríoch.

Patrick ag baint díoltais amach, Siobhán sínte ar an talamh beagmharbh agus agus an íde chéanna tugtha ar Fran le maide snúcair is a tugadh ar Vito in The Sopranos.

D’fhógair RTÉ go caithréimeach ar an Luan gur fhéach breis agus milliún duine ar chríoch na sraithe agus cé nár ghéilleas riamh, agus ní ghéillim fós, do chomparáidí neamhbhaillí (agus mífhéaráilte) le The Sopranos agus Breaking Bad, tá táirge suaithinseach cruthaithe ag Stuart Carolan agus a chomhghuaillithe ar féidir a bheith bródúil as, agus níos tábhachtaí do thionscal teilifíse/scannánaíochta na hÉireann, gur féidir a onnmhairiú.

Tá éirithe leis an saothar seo greim a fháil ar scioból samhlaíochta an lucht féachana ar shlí nár tharla ó cuireadh piléar in J.R..

Luífeadh sé le réasún dá ndéarfaí go raibh ceann scríbe sroichte, go mórmhór os rud é go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an carachtar is mealltaí ar shlí na fírinne.

Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún ag an tsraith aiséirí as bás an phríomhcharachtair; fiafraigh do John Boy agus Darren é. Tá lucht déanta an chláir tar éis a ndúshlán féin a thabhairt.

Cad a dhéanfaimid feasta gan Nidge?

Bhuel tá JJ Magill agus Paul Spector againn.

Tá an teannas ag géarú an t-am ar fad agus ceann scríbe An Bronntanas (Déardaoin, TG4) ag druidim linn.

Tá Jakub ag ganfhiosaíocht ar a chomhchealgairí agus tá an Bleachtaire Fiachra Green ag ganfhiosaíocht ar gach éinne.

Scaoileadh rúin le Fiachra an tseachtain seo caite go caolchúiseach agus an tseachtain seo, címid gur coirpeach go smior é.

Tá uisce faoi thalamh ag Jackub chomh maith agus cá bhfios ná gurb é an laoch a bheidh againn nuair a thiocfaidh an scéal chun críche an tseachtain seo chugainn.

Tá an an dara séasúr de The Fall (Dé Domhnaigh, RTE 1) faoi lán seoil agus an Bleachtaire Stella Gibson (Gillian Anderson) fós sa tóir ar dhúnmharfóir srathach le Jamie Dornan.

Is ceann feadhna mealltach í Anderson agus tugann sí taispeántas cumasach uaithi arís anseo, faoi mar is dual di.

Is deacair éalú ó chomparáidí le carachtar agus scéal Prime Suspect, an táirge sin a tharraing go leor airde ar Helen Mirren.

Cothaíonn an dúnmharfóir srathach comparáidí le saothair ghnásúla cosúil le Criminal Minds.

D’éirigh le neamhghnáthach tan tsuímh, gile an réalta agus cumas na haisteoireachta sinn a mhealladh sa chéad sraith.

Is anois a bheidh an teist air agus caithfidh an scéal luí amach air féin le haird an lucht féachana a choimeád.

Fág freagra ar 'Cad a dhéanfaimid feasta gan Nidge?'

  • Caoimhína Ní Shearraigh

    I mo thuairim tá an deireadh tagtha leis an chlár seo. Ní dóigh liom go mbeadh an rath céanna ag baint leis má théann sé ar aghaidh gan Nidge, an carachtair is suntasaí dár ndóigh. Chuaigh sé ó neart go neart ón am ar thosaigh sé i 2010 agus níl sé mícheart stoppadh nuair atá tú chun tosaigh. Beidh sraith eile, ach tógfaidh sé go leor leor ama foscéaltaí ar an chaighdéan céanna a scríobh.