Cad a dhéanfaimid feasta gan iasachtaí as cuimse?

Beidh an saol polaitiúil suimiúil, spreagúil agus corraitheach sa bhfómhar

Cad a dhéanfaimid feasta gan iasachtaí as cuimse?

An tAire Airgeadais Paschal Donohoe agus an tAire Caiteachais Poiblí Michael McGrath. Pictiúr: Julien Behal Photography / RollingNews.ie

Ní réitíonn airgead gach fadhb, ach is mór an chabhair é go minic.

Dá mb’acmhainn don stát €90 billiún in ionad €75 billiún a chaitheamh gach bliain go dtí go mbeadh saol na tíre ina cheart arís tar éis na paindéime, bheadh an rialtas agus muid go léir réasúnta slán ó bhuairt.

Ní hamhlaidh atá ar ndóigh. Tá an oiread sa bhreis ar theacht isteach an stáit á chaitheamh ag an Rialtas faoi láthair a bhuí le hiasacht €20 billiún a gheobhaidh siad i mbliana, anuas ar iasacht den mhéid céanna a fuarthas anuraidh.

Admhaítear ar an dá thaobh den Dáil nach féidir leanúint le spleáchas chomh mór ar iasachtaí ach ní hionann an fhírinne lom a admháil i bprionsabal agus gníomhú dá réir.

Dúirt an Taoiseach le cruinniú fíorúil den Dialóg Náisiúnta Eacnamaíochta Dé Luain go gcaithfí caiteachas breise ar bheartais éigeandála a cuireadh i bhfeidhm ó thús na paindéime a laghdú as seo go ceann bliana nó mar sin, (“over the next year or so”). Léireofar roimh dheireadh na míosa an bhfuil cur chuige crua beartaithe fós chun feidhm a thabhairt dá bhriathra.

Maidir leis an aidhm a d’fhógair Micheál Martin, beidh tábhacht as an ngnáth le Ráiteas Eacnamaíochta an tSamhraidh a fhoilseofar roimh dheireadh na míosa.

Bhí an tAire Airgeadais Paschal Donohoe agus a leathbhádóir sa Roinn Caiteachais Phoiblí Michael McGrath ar aon phort leis an Taoiseach. Dúirt siad beirt ag an gcruinniú céanna go gcaithfí caiteachas a shrianadh cé nár thug ceachtar acu aon leid faoin amchlár atá beartaithe acu.

Níl cúis imní ag an rialtas sa ghearrthéarma toisc rátaí úis a bheith chomh híseal, ach ní féidir brath air go nach dtiocfaidh athrú chun donais ar chúrsaí.

Tá móriasachtaí rialtais á moladh go forleathan mar gheall ar an bpaindéim, agus a mbeannacht tugtha dóibh ag an mBanc Ceannais agus ag Banc Ceannais na hEorpa, ach athraíonn treo gach gaoithe am éigin.

Fiú mura gcuirfidh an stuaim brú ar an rialtas iasachtaí a laghdú, tá riachtanais bhreise eile ag teannadh leo. Is leor smaoineamh, mar shampla, ar chaiteachas dosheachanta breise a bheidh riachtanach don tseirbhís sláinte, do thógáil tithe, d’atógáil nó deisiú tithe a tógadh le brící míoca i dTír Chonaill agus in áiteanna eile (bille: €1.5 billiún ar a laghad), agus d’fheabhsú na seirbhísí do dhaoine aosta.

Is é an laghdú a dhéanfar de réir a chéile ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime nó an PUP an t-ábhar is mó b’fhéidir a cháinfidh Sinn Féin agus páirtithe eile an fhreasúra idir seo agus earrach na bliana seo chugainn. Tosóidh an laghdú ar an PUP (idir €203 agus €350 a íoctar le hoibrithe atá díomhaoin mar gheall ar an bpaindéim) i mí Mheán Fómhair nuair a bhainfear €50 de.

De réir phlean an rialtais beidh an scéim as feidhm i mí Feabhra agus gnáthshochair dhífhostaíochta á n-íoc ina hionad.  Is é sin le caoinchead na paindéime.

Beidh dian-argóint inmheánach ar bun sa rialtas idir seo agus lá an Bhuiséid i mí Dheireadh Fómhair más mian le Paschal Donohue agus Michael McGrath an ciorrú ar chaiteachas a d’fhógair siad i dtéarmaí ginearálta an tseachtain seo a chur i bhfeidhm. Ní gan dua a dhéanfar an gnáth-chomhréiteach idir an coigilteas dosheachanta atá geallta acu agus leas polaitiúil an rialtais.

Is ina dhiaidh sin a thosóidh an díospóireacht dáiríre, go háirithe idir an rialtas agus Sinn Féin. Fearacht gach rialtas a deir nach bhfuil aon dul as acu ach caiteachas a chiorrú, ní bheidh mórán roghanna boga ar fáil, ná aon easpa dea-roghanna á moladh ag an bhfreasúra.

Maith go leor, a déarfar leo ó bhinsí an rialtais, ach cé as a thiocfaidh an t-airgead a theastódh dá ndéanfaí na roghanna deasa atá á moladh agaibhse?

Beidh an saol polaitiúil suimiúil, spreagúil agus corraitheach sa bhfómhar.

Fág freagra ar 'Cad a dhéanfaimid feasta gan iasachtaí as cuimse?'