‘Cac asail’ a bhí i bhfreagra an HSE i leith fógraíocht Ghaeilge – Sinn Féin

Chinn an HSE gan fógraí faoin bpaindéim a chraoladh i nGaeilge toisc dar leo go bhfuil an Ghaeilge níos foclaí ná an Béarla agus go mbeadh na fógraí 35% níos costasaí dá bharr

‘Cac asail’ a bhí i bhfreagra an HSE i leith fógraíocht Ghaeilge – Sinn Féin

Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil dearcadh “scannalach agus cúngaigeanta” léirithe ag an HSE i leith fógraíocht Ghaeilge.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo gur chinn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gan fógraí faoin bpaindéim a chraoladh i nGaeilge toisc dar leo go bhfuil an Ghaeilge níos foclaí ná an Béarla agus go mbeadh na fógraí 35% níos costasaí dá bharr.

Thug an HSE an méid sin le fios i ndiaidh d’urlabhraí Gaeilge Shinn Féin fiosrúchán a dhéanamh faoina laghad ábhar Gaeilge a chuir na húdaráis sláinte amach ó thús na paindéime.

Ag labhairt dó faoin scéal, dúirt Ó Snodaigh gur “cac asail” a bhí sa fhreagra a fuair sé ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir leis an nGaeilge a bheith níos foclaí agus fógraí Gaeilge a bheith níos costasaí dá bharr.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh nach raibh aon bhunús le cur chuige an HSE i leith na fógraíochta i nGaeilge agus go raibh “satailt” á déanamh ar chearta Gaeilgeoirí.

Dúirt sé gur léirigh an freagra a fuair sé ar na ceisteanna a chuir sé ar an HSE faoi fhógraíocht Ghaeilge gur “athsmaoineamh i gcónaí” í an teanga.

“In ainneoin go ndeir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur chloígh siad le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, is léir ón bhfreagra agus ón meon atá léirithe sa bhfreagra, gur cuma sa sioc leis an Státchóras faoi stádas na teanga Náisiúnta,” a dúirt an Teachta Ó Snodaigh.

Maidir leis na fógraí faoin bpaindéim a craoladh i nGaeilge, léiríonn figiúirí a chuir an HSE ar fáil nár caitheadh ach €21,333 den bheagnach €1.39 milliún ar fad a íocadh ar fhógraí raidió agus teilifíse ar fhógraí Gaeilge.

Ar fhógraí teilifíse ar TG4 amháin a caitheadh an €21,333 sin, a dúradh. Tugadh le fios go raibh sé fhógra teilifíse i gceist idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh agus go raibh leaganacha éagsúla de chuid de na fógraí sin ann de réir mar a tháinig athrú ar an eolas faoin Covid-19. Dúradh gur aistríodh ceithre fhógra go Gaeilge.

Níor chaith an HSE pingin ar bith ar fhógraíocht i nGaeilge a dhéanamh ar an raidió.

Deich bhfógra raidió éagsúla faoi shé ábhar sláinte phoiblí éagsúla a craoladh ar 37 stáisiún raidió idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh. Bhí na fógraí sin ar fad i mBéarla. Deir an HSE gur tugadh le fios dóibh nach bhféadfaí na fógraí a chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar “nach bhfuil a gcuid ama craolta ar fáil ar bhonn tráchtála d’fhógróirí a íocann táille”.

€75,000 a chaith an HSE ar fhógraíocht ar na meáin shóisialta faoin bpaindéim Covid-19 ach níor caitheadh oiread agus pingin amháin de sin ar fhógraí Gaeilge.

I nGaeilge a bhí 25 den 599 postáil faoin Covid-19 a d’fhoilsigh an HSE ar Twitter. I nGaeilge a bhí dhá cheann den 104 postáil faoin bpaindéim a chuir siad ar Facebook agus i mBéarla a bhí an 76 postáil a cuireadh ar Instagram.

Níl ach 29 leathanach d’ábhar a bhaineann leis an gcoróinvíreas foilsithe i nGaeilge ar HSE.ie.

Mhaígh an HSE gur amharcadh “ar an leagan Gaeilge” 2,897 uair “ó foilsíodh é” cé nach léir cad a bhí i gceist acu leis an ‘leagan Gaeilge’ nuair nach raibh ach fíorbheagán d’ábhar an tsuímh ar fáil i nGaeilge. Dúradh gur tugadh 14 milliún cuairt ar an ábhar faoin choróinvíreas i mBéarla.

Dúirt an Ó Snodaigh go raibh sé i gceist aige an cheist a phlé leis an gCoimisinéir Teanga agus “tuilleadh ceisteanna” a chur ar na hairí nua a bhfuil cúraimí na Gaeilge, na Gaeltachta agus na Sláinte orthu.

Fág freagra ar '‘Cac asail’ a bhí i bhfreagra an HSE i leith fógraíocht Ghaeilge – Sinn Féin'

  • Pól Ó Braoin

    Is cuma sa sioc leis an Státchóras faoi stádas na teanga Náisiúnta.

  • Eilís ní Anluain

    Bhí na bun leaganacha Béarla féin ró-fhoclach – athrá sna leabhráin srl. Níor cheart gur mar obair bhreise, rud roghnach fiú, a fheicfí leaganacha Gaeilge. Ar an lá céanna ba cheart go bhfoilseofaí iad agus nach mbeadh aon chaint ar chostas breise. Is minic Ghaeilge níos gonta ná Béarla, ach deacracht le haistriú cáipéisí oifigiúla más gá cloí gach casadh de Bhéarla a chodail amuigh.

  • Pádraig

    Cén fáth a mbeadh cainteoirí Gaeilge ag iarraidh eolas a léamh i nGaeilge ar shuíomh idirlín an HSE nuair atá an t-ábhar i nGaeilge ar fad as dáta?!

  • Des O Murchu

    Nuair a bhi mo charta Leigheas athnuaite le deanai bhi orm an Coimisinear Teanga a lorg le ceartu focal a dheanamh etc!

  • Ruairí Ó Bléine

    Tá iontas orm go gceapann an HSE “go bhfuil an Ghaeilge níos foclaí ná an Béarla”. Is minic a deirim an tÁr nAthair i nGaeilge in éineacht le lucht labhartha an Bhéarla agus bím i gcónaí críochnaithe i bhfad rompu. Cad chuige?
    Tá níos lú focal sa leagan Gaeilge agus bíonn na focla Béarla níos faide. Samplaí: heaven (neamh), kingdom(ríocht), forgive (maith), trespasses (bhfiacha), temptation (gcathú)
    deliver (saor). Tá clú ar an Ghaeilge as a gontacht. Sampla maith: A safe stronghold is our God (Dún daingean Dia)

  • Máire

    Is diultú glan é ón HSE gur teanga bheo í an Ghaeilge. Níl ach leithscéal áiféiseach acu go bhfuil litriú na Gaeilge ró-fhadálach dóibh. A léithéid d’amaidí. Mór mo bhrón go bhfuil an meon gallda céanna acu is a bhí againn leis na cianta ag comhlacht poiblí atá maoinithe on stát sa lá atá inniu ann.

  • Rossa Ó Snodaigh

    Ba cheart d’iriseoirí ar nós Tuairisc feidhm a bhaint as na hacra-ainmneacha Gaeilge a tá ag na h-eagrais Stát
    FSS = hse (Feidhmeanach na Seirbhíse Sláinte
    UCÉ = bai (Údarás Craolúcháín na hÉireann)
    Éirchóid = Eircode

    Muna bhaifidh iriseoirí feaidhm astu ní bhainfidh éinne agus stadafar ag cuir ainmneacha Gaeilge orthu ar fad. Mar sin Gaeiligí ná Géiligí.

  • Eibhlín

    Nílim in aghaidh an eolais seo ar chor ar bith ach ceapaim go bhfuil foclaíocht Ó Snodaigh neamhghairmiúil agus neamhoiriúnach.

  • Máire Ní Raghnaill

    De réir an ráiteis sin ón FSS táthar ag cur in iúl nach féidir brath ar an nGaeilge mar mheán cumarsáide chun eolas riachtanach a fháil, mar ní bheidh a léithéid ag teacht ón FSS. Mo náire é sin mar dhearcadh. Ba chóir dóibh an t-eolas dátheangach atá de dhíth ag an bpobal a chur amach go comhuaineach. Is teanga neartmhar ghonta chruinn í an Ghaeilge agus teanga rí-álainn í, leis. In