Cás na gcúigí tar éis an bhabhta is déanaí den Pro12

Bhí dea-scéal ann do dhá cheann de na cúigí an deireadh seachtaine seo nuair a bhain siad áiteanna amach i mbabhtaí leathcheannais na sraithe ach tá cúrsaí ag dul in olcas don dá fhoireann Éireannach eile

Ronan Loughney in ísle brí tar éis na cailliúna ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Ronan Loughney in ísle brí tar éis na cailliúna ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Míorúilt ag teastáil ó Chonnachta anois

Le teip thubaisteach Chúige Chonnacht ar an Satharn seo caite, tá siad ag brath ar thorthaí cluichí eile chun cáiliú do Chorn na gCuradh 2016. Bhí foireann Pat Lam cothrom ar phointí le Scarlets roimh an deireadh seachtaine ach de bharr gur chaill a bhuíon imreoirí in aghaidh Glasgow agus de bhrí gur thug na Breatnaigh bua agus pointe bónais leo in aghaidh na Dragons, tá Scarlets anois cúig phointe chun cinn ar Chonnachta gan ach dhá chluiche fágtha.

Caithfidh na Connachtaigh a gcuid cluichí in aghaidh Zebre agus Ospreys a bhuachan agus súil acu go caillfidh Scarlets agus Dún Éideann cluiche amháin, ar a laghad, de na cinn atá fágtha acusan. An 7ú háit sa tsraith a bhaint amach an aidhm is réalaíche d’fhoireann an iarthair, rud a chuifeadh sna cluichí cáilithe do Chorn na gCuradh iad, áit a mbeadh orthu an ceann is fearr ar an bhfoireann sa 7ú háit i sraith Shasana, chomh maith leis an bhfoireann san áit chéanna i sraith na Fraince.

Ní haon ionadh go raibh díomá ar Jamie Heaslip tar éis do Chúige Laighean dhá chluiche thábhachtacha in aghaidh a chéile a chailleadh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Ní haon ionadh go raibh díomá ar Jamie Heaslip tar éis do Chúige Laighean dhá chluiche thábhachtacha in aghaidh a chéile a chailleadh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Scéal na Laighneach ag dul in olcas

De bharr chailliúint Chúige Laighean ar an Aoine agus bua na Ospreys ar an Satharn, tá an seans a bhí ag foireann Matt O’Connor cáiliú do na babhtaí leathcheannais imithe anois. Buaileadh iad i gCorn na gCuradh an Satharn roimhe sin, rud a fhágann gur ag trá atá spéis lucht tacaíochta Chúige Laighean i ndríodar an tséasúir.

nach féidir leo aon rud a bhuachan anois, caithfidh na Laighnigh agus O’Connor a bheith cúramach nach dtarlóidh tada níos measa roimh dheireadh an tséasúir. Níl siad ach cúig phointe os cionn Dhún Éideann sa 7ú háit sa tábla agus dá dtitfidís síos chomh fada sin, bheadh orthu na cluichí cáilithe do Chorn na gCuradh a imirt.

Rud eile atá tábhachtach do Chorn na gCuradh ná an réimniú do na grúpaí. chríochnaíonn Cúige Laighean san áit a bhfuil siad, beidh siad réimnithe sa tríú pota ach má thiteann siad níos mó, is sa cheathrú rangú a bheidh siad agus d’fhéadfadh go mbeadh Toulon, Clermont agus Saracens rompu sa ghrúpa céanna. Chomh fada is a bhaineann sé le Matt O’Connor, is gá dó iarracht a dhéanamh lena chinntiú nach n-éireoidh an scéal a dhath níos measa ná mar atá.

Bhí áthas an domhain ar Dhonncha Ryan tar éis dó a chéad chluiche le os cionn bliana a imirt ar an deireadh seachtaine. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Bhí áthas an domhain ar Dhonncha Ryan tar éis dó a chéad chluiche le os cionn bliana a imirt ar an deireadh seachtaine. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Ryan ag súil le bheith ar ais ar bharr a réime arís

Bhí nuachtáin na seachtaine seo caite lán le ráflaí go mbeadh laoch na Mumhan, Paul O’Connell, ag fágáil na tíre seo chun a chuid laethanta imeartha a chríochnú sa Fhrainc le Toulon. Mar a tharla, ní dhealraíonn sé go raibh mórán de bhunús leis an scéal sin ach fós féin, tháinig líonrith ar lucht tacaíochta na Mumhan nuair a smaoinigh siad ar a bhfoireann d’uireasa O’Connell.

Tugadh scíth do O’Connell le haghaidh chluiche an tSatharn seo caite ach bhí dea-scéal ag an bhfear a tháinig isteach ina háit, Donncha Ryan. Is é an bua in aghaidh Treviso an chéad chluiche a d’imir Ryan le os cionn bliana agus é cráite le gortuithe. Tá tamall fada caite ag Ryan faoi scáth O’Connell. Anois agus é 31 anois, beidh sé ag iarraidh a bheith i mbarr a mhaitheasa arís leis na Muimhnigh, go háirithe agus O’Connell féin ag dul in aois chomh maith.

Ian Henderson ag déanamh isteach ar an líne úid in aghaidh Chúige Laighean ar an Aoine. Pictiúr: INPHO/Presseye/Darren Kidd
Ian Henderson ag déanamh isteach ar an líne úid in aghaidh Chúige Laighean ar an Aoine. Pictiúr: INPHO/Presseye/Darren Kidd

Cúige Uladh dírithe ar chluiche leathcheannais baile

Sna 20 cluiche leathcheannais a bhí sa Pro12 ó cuireadh tús leis an tsraith, tá gach ceann acu buaite ag an bhfoireann baile. Taispeánann sé sin cé chomh tábhachtach is atá críochnú sa chéad dá háit sa tsraith agus an buntáiste sin a fháil.

Dheimhnigh bua Chúige Uladh ar an Aoine go bhfuil áit bainte amach acu i mbabhtaí leathcheannais na sraithe. Is é an t-aon rud atá le socrú anois ná cá mbeidh an cluiche sin acu.

Faoi láthair, is iad Glasgow agus Cúige Mumhan atá sna spotaí sin ach le cluiche idir na Muimhnigh agus Cúige Uladh fós le himirt faoi cheann coicíse, gach seans go dtiocfaidh athrú ar an ord sin. Tá an cluiche idir-chúige ar siúl i gCnoc an Fhéich, áit a bhfuil deich gcluiche as a chéile buaite ag na hUltaigh. Agus an cluiche ceannais socraithe le haghaidh Chnoc an Fhéich ar 30 Bealtaine, beidh foireann Neil Doak ag déanamh a ndíchill chun a chinntiú go mbeidh siad ann.

Fág freagra ar 'Cás na gcúigí tar éis an bhabhta is déanaí den Pro12'