Cá raibh tusa nuair a bhí mise ag múitseáil ón scoil ar son na haeráide?

Agus daltaí scoile i gcathracha beaga agus móra ar fud na cruinne i mbun stailce ar son na haeráide, is léir nach ligfidh aos óg na linne seo do na glúnta a tháinig rompu a dtodhchaí a scrios

Cá raibh tusa nuair a bhí mise ag múitseáil ón scoil ar son na haeráide?

Comhrá ag leaba bháis tuismitheora, sa bhliain 2039:

‘A mham, cá raibh tusa nuair a bhí mise ag múitseáil ón scoil ar son na haeráide?’

Deargann aghaidh na máthar.

‘Ehm… bhí mé cúpla sráid uait. Bhí veist bhuí orm. Bhí fuinneoga á mbriseadh agam mar agóid i gcoinne phraghas ard an pheitril.’

Ciúnas. Breathnaíonn máthair agus iníon amach as fuinneog an ospidéil ar thírdhreach scriosta na cathrach, atá faoi uisce. Nuair a imeoidh an mháthair ar shlí na fírinne beidh ar an iníon aghaidh a thabhairt ar na cnoic. 

Teifeach aeráide anois í.

******************

Tá tairngreacht dhuairc sa phíosa (droch)fhicsin thuas, ach ní gá go bhfíorófar í. 

Ní gá, ach an oiread, géilleadh don éadóchas aeráide.

Is féidir le duine amháin go leor difríochta a dhéanamh.

Le duine amháin a thosaigh gluaiseacht na ‘stailceoirí scoile ar son na haeráide. I mí Lúnasa na bliana seo caite, chaith Greta Thunberg, a bhí cúig bliana déag d’aois ag an am, trí seachtaine ina suí lasmuigh de pharlaimint na Sualainne chun aird pholaiteoirí a tíre a tharraingt ar ghéarchéim an athraithe aeráide. Tá sí i mbun léirsithe chuile Aoine ó shin, agus tá lucht leanúna mór aici. Go dtí seo, tá déagóirí in os cionn 270 cathair, idir bheag agus mhór, ar fud an domhain tar éis a sampla a leanúint. Le roinnt seachtainí anuas tá na scórtha míle ógánach tar éis léirsiú ar shráideanna na Bruiséile. Thug os cionn deich míle déagóir san Ísiltír aghaidh ar an Háig Déardaoin seo caite. Dé hAoine, den chéad uair, bhí dornán daltaí bunscoile agus meánscoile i mbun stailce ar son na haeráide in Éirinn.

Tá teachtaireacht fhíorshimplí ag Greta Thunberg agus ag na céadta míle ógánach ar fud na cruinne atá spreagtha i mbun gnímh aici. Cad is fiú do dhéagóirí an lae inniu freastal ar scoil más rud é go bhfuil a dtoghchaí á scriosadh ag na glúnta a tháinig rompu? Is léir don dall faoin am seo go bhfuil an aeráid ag athrú dáiríre, agus ní leor – ná baol air – na beartais atá á gcur i gcrích ag rialtais éagsúla an domhain chun srian a choinneáil le téamh na cruinne.

Tá polaiteoirí na dtíortha ina bhfuil daltaí scoile i mbun stailce tar éis dul i ngleic le hagóidíocht aeráide an aosa óig ar bhealaí an-éagsúil. Sa Bheilg, b’éigean don Aire Timpeallachta Joke Schauvliege éirí as oifig an tseachtain seo caite tar éis di a mhaíomh gur ‘cur i gcéill’ a bhí sna léirsithe ollmhóra a d’eagraigh stailceoirí scoile sa tír sin. 

Ach san Ísiltír, áit ar thug os cionn deich míle scoláire aghaidh ar an Háig Déardaoin seo caite, tá léirsiú a bhí beartaithe don lá amárach curtha ar ceal ag lucht eagraithe na stailceoirí scoile i ndiaidh do Phríomh-Aire na tíre, Mark Rutte, agus don Aire Gnó agus Aeráide Eric Wiebes bualadh leo tráthnóna inné chun cúrsaí aeráide a phlé. 

Beidh le feiceáil cén toradh dáiríre a bheidh ar an bplé sin, ach tá rud amháin soiléir: glór é glór na stailceoirí scoile nach féidir neamhaird a thabhairt air. 

Ní hionann agus an ghlúin lena mbainim féin – a thuig go raibh an aeráid á scriosadh ach nach ndearna mórán – ní ligfidh glúin Greta Thunberg do na glúnta a tháinig roimpi a dtodhchaí a scriosadh.

Fág freagra ar 'Cá raibh tusa nuair a bhí mise ag múitseáil ón scoil ar son na haeráide?'

  • John Flyner

    Tá an port céanna á sheinm agat i gcónaí faoin athrú cé nach dtuigeann tú mórán faoi. Níl sé fíor a rá go bhfuil an aeráid ‘á scrios’ againn. Tá an aeráid ag athrú, faoi mar a rinne sí riamh. Is iomaí reacaire uafáis ar do nós féin a thuar tubaistí timpeallachta san am atá thart nár tháinig i gcrích go deo. I ngan fhios duit féin, b’fhéidir, tá tú go mór faoi anáil na teagasc Críostaí na hApacailipsise a deir go bhfuil damnú i ndán don chine daonna de bharr ár bpeacaí.

    Ta na páistí scoile go mór faoi anáil na reacaireachta uafáis atá sna meáin mar gheall ar an Apacailipsis timpeallachta atá i ndán dúinn. An dóigh leat go dtuigeann siad i gceart cén tuairim atá ag na heolaithe ar an gceist seo? Ach oiread leat féin, ní dóigh liom go dtuigeann siad nach tubaiste atá á tuar acu ar fad nó baol air – dar leis an gcuid is mó acu, beidh impleachtaí áirithe ag an athrú aeráide, ach go mbeimid lánábalta dul i ngleic leo agus nach leanfaidh aon drochthorthaí an t-athrú aeráide in aon chor. Go deimhin, is dea-rud é an ‘glasú domhana’ – is é sin, breis plandaí ag fás agus ag bláthú de bharr ardú CO2 san atmaisféar.