‘Cá raibh mé sular rugadh mé, a Mhamaí?’ Fan go bhfeice mé…

Scaití bíonn sásamh le baint as filleadh ar an scéal céanna agus as a bheith ábhairín scaoilte leis na fíricí…

‘Cá raibh mé sular rugadh mé, a Mhamaí?’ Fan go bhfeice mé…

‘Cá raibh mé sular rugadh mé?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom an lá cheana.

Níorbh é an chéad uair aici an cheist a chur, ach scaití bíonn sásamh le baint as filleadh ar an scéal céanna. Tá sé mar a chéile, cuir i gcás, le bheith ag léamh an leabhair is fearr leat arís, nó a bheith ag ithe an bhéile is ansa leat arís is arís eile.

An t-aon rud atá mé in ann a rá go cinnte, ná nach bhfuil mé baileach cinnte cá raibh sí sular rugadh í, ná cá raibh mé féin sular rugadh mé ach an oiread.

Ach, tá fhios ag chuile dhuine nár cheart ligean do na fíricí a theacht salach ar scéal maith, agus is minic go mbíonn a fhírinne féin ag baint le scéal, beag beann ar na lomfhíricí.

Is dóigh go bhféadfainn a rá, cé nach bhfuil cruthúnas dá laghad agam air, go bhfuil an teoiric atá agam don bheainín bheag ag cloí go docht le spiorad na fírinne.

‘Bhí tú i do réaltóg thuas sa spéir,’ a dúirt mé.

‘Cá raibh mé go díreach?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin.

‘Bhí tú thuas ar chlé ansin i ngar don Chamchéachta,’ a dúirt mé agus mo lámh sínte i dtreo na spéire agam. Tharraing mé amach píosa páipéir is thosaigh mé ag tarraingt pictiúir garbh den Chamchéachta di.

‘Tá sé cosúil le cupán mór agus lámh air. Seacht réalta atá ann, agus bhíodh mé in ann solaisín beag bídeach eile a fheiceáil in aice leis, sórt ag an spota seo,’ a mhínigh mé agus réaltóigín eile á tharraingt agam i ngar don bhunphictiúr.

‘Ach ní raibh a fhios agam gur tú a bhí ann ag an am.’

‘Cuimhním go maith air,’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag agus údarás ina glór.

Bhí sí suite thall in aice leis an tolg ag spraoi le lego agus ní raibh a fhios agam ar chor ar bith go dtí sin go raibh sí ag éisteacht linn.

‘Bhí mise mé féin thuas ann,’ a dúirt sí go neamhbhalbh is níor ardaigh sí a cloigeann aníos ón taispeántas casta lego a bhí idir lámha aici.

‘Agus bhí an Babaí ann,’ a dúirt sí. “Caithfidh gur trí réaltóigín a bhí tú in ann a fheiceáil Mamaí,’ ar sí do mo cheartú go cineálta.

‘Ó, is fíor dhuit,’ a dúirt mé agus mé ag iarraidh greim a choinneáil ar an scéal a bhí ag sciorradh uaim go tréan.

‘Bhíodh trí réaltóigín thuas ann agus iad le taobh a chéile,’ a dúirt mé agus chuir mé dhá réaltóigín eile leis an bpictiúr.

‘Ní raibh ann ach beirt againn ansin,’ a mhínigh an Cailín Mór Beag, ‘agus bhíodh mise ag tabhairt aire don Bhabaí,’ a dúirt sí.

‘An raibh a fhios agat é sin Mamaí?’

‘Ní raibh a fhios,’ a dúirt mé.

‘Bhuel, bhí muid thuas an-ard agus bhí faitíos air go dtitfeadh sé,’ ar sí.

Fág freagra ar '‘Cá raibh mé sular rugadh mé, a Mhamaí?’ Fan go bhfeice mé…'

  • tommy

    Ó a Thiarcais! Nach álainn go deo í an óige!