Cá rachaidh na vótaí a fuair Fine Gael ar iasacht in 2011?

Cá rachaidh na daoine ar fad a thréig Fianna Fáil in 2011 ach a bhfuil díomá orthu an babhta seo le Fine Gael agus an Lucht Oibre?

Toghchán Strap

22/5/2015 Voting in the Referendums on Marriage Equality and Age of Eligibility to the Office of President Bill begins today. Pictured are members of the public casting their vote at polling booths in the Marriage Equality and Age of Eligibility to the Office of President Referendum Bill at the St. Joseph's School, Navan Road, Cabra West Dublin polling station in Dublin. Photograph: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Níl amhras ar bith ach gur fearg le Fianna Fáil a spreag formhór na ndaoine a chaith vóta don chomhrialtas reatha in 2011. Bhí laghdú tubaisteach 25% ar sciar Fhianna Fáil den vóta dá réir agus chaill siad suas le leathchéad suíochán Dála. Fágadh taobh le Teachta Dála amháin iad i mBaile Átha Cliath agus chuir an pobal a muinín i bhFine Gael agus i bPáirtí an Lucht Oibre leis an tír a threorú amach as an ngéarchéim ina raibh sí.

Ar ndóigh bhí an dá pháirtí i mbun na hoibre sin le cabhair agus treoir ón Troika agus b’éigean dóibh droim láimhe a thabhairt le roinnt mhaith geallúintí a bhí tugtha acu i rith fheachtas 2011. Fuair siad amach, mar shampla, nach raibh sé chomh héasca dúshlán na hEorpa a thabhairt agus a bhí á mhaíomh acu. Mar sin féin, d’éirigh leo teacht i dtír ar an olc a bhí ar an gcuid is mó de phobal na tíre le Fianna Fáil.

Ní léir go mbeidh na daoine sin a thréig Fianna Fáil in 2011 sásta a dtacaíocht a thabhairt do pháirtithe an chomhrialtais arís an babhta seo. Ach más fíor do na pobalbhreitheanna níl na daoine seo ag filleadh ar Fhianna Fáil ach an oiread. Céard a tharlóidh mar sin do vótaí na ndaoine a thréig Fianna Fáil in 2011?

Is dóigh gurb é sin croí na ceiste sa toghchán seo. Maíonn Fianna Fáil gur páirtí iad a dhéanann ionadaíocht ar phobal na tíre ar fad. ‘Éire do chách’ an mana atá acu sa toghchán seo. Socraíonn siad iad féin i lár báire, mar a thuigtear dóibh é, agus deir siad go bhfreastalóidh siad ar phobal na tíre ar fad. Ní hionann iad is Fine Gael, a deir siad, agus dar leo gur ar lucht an rachmais amháin atá an páirtí sin ag freastal. Ní hionann iad ach an oiread agus na grúpaí ar fad atá ar an eite chlé. Dar le Fianna Fáil gur ag freastal ar lucht agóidíochta agus ainrialach amháin a bhíonn na grúpaí sin agus, i gcás Shinn Féin, lucht sceimhlitheoireachta freisin.

Tá go leor a déarfadh, áfach, gur seafóid é a bheith ag déanamh aon idirdhealú idir Fianna Fáil agus Fine Gael mar gur mar a chéile iad. Níl de dhifríocht eatarthu dar le cuid mhaith den phobal ach an seasamh a ghlac siad i dtaobh an Chonartha Angla-Éireannaigh i 1921. Cuireann sé tocht ar chaon dream a bheith ag samhlú go rachaidís ag obair le chéile ag bord an rialtais. Tocht a bhaineann le stair agus oidhreacht seachas le haon bhundifríocht eatarthu.

Cén rogha mar sin atá ag na daoine a d’imigh ó Fhianna Fáil in 2011, nach bhfuil sásta maithiúnas a thabhairt dóibh go fóill ach a bhfuil drogall orthu dul i dtreo Shinn Féin nó na heite clé? Fanacht sa mbaile? Sin a dhéanfaidh cuid acu b’fhéidir, ach beidh go leor eile a rachaidh i dtreo na neamhspleách agus tá neart neamhspleách ann a bhfuil cúlra Fianna Fáileach acu. Bígí ag faire amach ansin féachaint an bhfillfidh na vótaí a thugtar do na neamhspleáigh ar an dúchas de réir mar a bheidh na haistrithe á roinnt.

Go stairiúil ba mhinic le Fianna Fáil 40% den vóta a fháil. Ó fuair siad 17.45% den vóta in 2011, is ag idir 18% agus 20% a bhíonn siad sna pobalbhreitheanna ach fuair siad 24% sna toghcháin áitiúla. Lá maith a bhí ann dóibh agus feabhas mór ab ea é, ach fós b’fhada ó laethanta glórmhara an pháirtí é. Mar sin féin, tá téarnamh de shaghas déanta acu agus creidimse go gcruthóidh siad níos fearr ná mar a léiríonn na figiúirí.

Samhlaím go mbeidh sé ina chogadh dearg idir na páirtithe don suíochán deiridh in go leor dáilcheantair. Agus creidim freisin go mbeidh tionchar nach beag ag deireadh na gcathanna sin ag vótaí na ndílseoirí de chuid Fhianna Fáil a thug ar iasacht iad an uair dheiridh.

Is le Fianna Fáil is fearr atá ag eirí sa bhfeachtas go dtí seo, ach is cuma cén borradh a bheidh fúthu níl a gcuid peacaí ar fad maite dóibh agus is ar éigean a chreideann go leor daoine go bhfuil ceacht foghlamtha acu.

Rud amháin atá soiléir sa bhfeachtas seo ná nach bhfuil aon mhalairt rialtais á thairiscint ainneoin a deir Micheál Martin. Tá brú ag teacht ar an bpáirtí anois agus iar-airí ar nós Dermot Ahern agus Mary O’Rourke ag moladh gur chóir comhoibriú le Fine Gael.

– Is Clár Reachtaire le RTÉ Raidió Na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra