Cá ngabhfaidh muid anois agus sinn ar thairseach an Bhreatimeachta?

Fiú má tá tú i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach nach léir go gcaithfidh muid labhairt ar ár son féin maidir le trádáil le Sasana?

Cá ngabhfaidh muid anois agus sinn ar thairseach an Bhreatimeachta?

Pictiúr: Rollingnews.ie

Tá tús curtha i bparlaimint na Breataine anois le próiseas imeachta na Breataine ón Aontas Eorpach.  Agus anois go bhfuil deireadh leis an mbrionglóid go bhféadfaí toradh an Reifrinn a chur ar cheal, caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar an gcaidreamh trádála agus eile na tíre seo leis an mBreatain.

Botún ollmhór a bhí ann ag Coimisiún na hEorpa agus againne iarracht a dhéanamh stop a chur leis an mBreatimeacht – ní hamháin mar gheall ar an gcur amú ama a bhí i gceist ach toisc go bhfuil sé níos deacra anois dul chun cinn réasúnta a dhéanamh tar éis an oiread sin achrainn.

Tá iarracht ann ar ndóigh bua na gCaomhach sa mBreatain a chur síos so chlár sóisialach Jeremy Corbyn, ach ní féidir le duine ar bith aon pholasaí faoi leith a mhol Corbyn a lua mar fhianaise leis an argóint sin.

In áit an locht a chur ar chlár sóisialach Corbyn, breathnaigh ar na toghcheantair inar chaill an Lucht Oibre suíocháin a fuair na Tóraithe. As an 47 a chaill siad, ceantair ab ea 43 díobh ina raibh móramh sa reifreann ar son an Bhreatimeachta. Vótáladh 50/50 in dhá cheann eile. Ní raibh ach dhá cheann ar son fanachta, toghcheantar inar vótáil 54% ar son fanacht san AE agus Kensington i Londain inar vótáil 68% ar son fanachta.

Níl aon amhras ach gur chaill páirtí an Lucht Oibre toisc gur thug siad le fios go mbeidís sásta an Breatimeacht a chur ar ceal.

Arís, tá ceacht anseo don eite chlé i gcoitinne – má dhéanann tú dearmad ar mhianta an lucht oibre ní bhuafaidh tú.

Ón tús bhí sé soiléir gur theastaigh ó Choimisiún na hEorpa gach constaic ab fhéidir a chur roimh an mBreatimeacht agus iad buailte ag an seachmall go n-éireodh leis an lucht frithBhreatimeachta stop ar fad a chur leis an mBreatimeacht.

Agus tá baol mór ann fós go ndéanfaidh an Coimisiún gach ar féidir leo le téarmaí déine a bhrú ar Shasana sa gconradh trádála.

Teastaíonn uathu a thaispeáint d’aon bhallstát a dhéanfadh iarracht sampla na Breataine a leanúint go mbeidh praghas ard le híoc acu.

Ach mar sin féin beidh roinnt ballstát ag fanacht go bhfeicfidh siad cén chaoi a n-éireoidh le Sasana taobh amuigh den Aontas.

Tá leas faoi leith ag an nGearmáin sa scéal seo mar tá earnáil déantúsaíochta na tíre sin ag brath go mór ar mhargadh na Breataine.

Ach is tábhachtaí ar fad an scéal dúinne é mar is mó trádáil a dhéanaimid le Sasana ná le haon bhallstát eile, go háirithe in earnáil an bhia. Buailfear buille trom orainn mura mbíonn conradh trádála ann.

Taobh amuigh de mhian na Gearmáine go ndéanfaí conradh trádála, níl na comharthaí go maith. Tá sé fógartha ag urlabhraithe an Aontais arís agus arís eile nach bhfuil sé indéanta conradh trádála a dhéanamh taobh istigh den achar ama atá luaite. Ní chiallaíonn sé sin ach nach

dteastaíonn uathu a leithéid a dhéanamh.

Dá mbeadh an toil ann, is féidir bealach a fháil lena dhéanamh.

Cé go ndúirt Angela Merkel ar an toirt go raibh sí ag tnúth le ‘cairdeas is dlúthchomhoibriú’, thosaigh Mette Frederiksen, príomh-aire na Danmhairge, ag caint faoi rochtain na hEorpa ar uiscí iascaireachta na Breataine. 

D’fhógair uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, nach mbeadh ar an gclár sa gcéad chuid de na cainteanna ach earraí agus iascaireacht.  Ní phléifear aon socruithe maidir le hearnáil an airgeadais go dtí go mbeidh réiteach ar an gcéad chuid!

Ní ghlacfaidh na Sasanaigh leis sin, go háirithe i ndiaidh do Johnson bua a fháil i gceantair iascaireachta i dtuaisceart Shasana.  Sea, sin scéal a d’fhéadfadh stop a chur le haon chonradh ar deireadh thiar.

Agus céard a dhein muide?  Tháinig Michael Creed amach, i ndiaidh dá chuid máistrí labhairt, agus rinne sé an pointe céanna.

Ní hé nach bhfuil iascaireacht tábhachtach dúinne.  Tá cé go ndearna rialtas i ndiaidh rialtais feall ar ár gcuid iascairí arís is arís eile.  Agus beidh iascairí na tíre seo thíos go mór leis má chuirtear isteach ar ár gcearta i Muir Éireann.

Ach seo scéal ba chóir a réiteach idir muid féin agus na Sasanaigh, go háirithe ós fadhb dúinne ar aon chuma an rochtain atá

iascairí na hEorpa ar ár gcuid farraigí iascaireachta féin.

D’fhéadfaí é seo a dhéanamh i gcomhthéacs na socruithe nua a bheas á ndéanamh don Tuaisceart.

Ach faoi láthair tá an rialtas meáite ar gach rud a fhágáil faoi lucht idirbheartaíochta na hEorpa, cé nach ionann a leas sin agus ár leas féin.

Fiú má tá tú i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach nach léir go gcaithfidh muid labhairt ar ár son féin maidir le trádáil le Sasana? D’fhéadfadh muid fiú na hEorpaigh ar an eolas faoina bhfuil ar siúl.

Ach an bhfuil sé de mhisneach ag an rialtas tabhairt faoina leithéid de chur chuige,  nó go deimhin an mbeadh sé de mhisneach againne mar phobal tacú leis?

Mura bhfuil, tá baol mór ann nach mbeidh aon chonradh trádála ann agus is muide is mó a bheadh thíos leis sin.

Fág freagra ar 'Cá ngabhfaidh muid anois agus sinn ar thairseach an Bhreatimeachta?'