Cá ngabhfadh balún agus an domhan mór roimhe amach?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is iomaí balún a chuireas an óige di. Tá radar speisialta ag gasúir bheaga atá in ann balún a aimsiú ach a shéidtear an chéad phuth anála isteach ann

 

Balloons

‘Meas tú c’ál mo bhalún anois, a Mhamaí,’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom agus muid ag siúl cois cladaigh. Bhí balún i measc na mbronntanas a fuair sí ar a lá breithe. Ceann mór agus héiliam ann.

Ní raibh meas aici ar thada eile ach é. Ag dul a chodladh di san oíche, bhí an balún ar foluain faoin gcuilt aici. Ar maidin, bhí sé ag bogadaíl os cionn an tósta. Lá amháin, chuaigh sí amach ar chúl an tí. Is dócha nár thuig sí go n-imeodh an balún nuair nach raibh tada roimhe ach an t-aer.

Bhí leathbhliain caite ó thagair sí cheana dhó, is cheap mé go raibh tréimhse an bhróin curtha di aici. Bhreathnaigh mé amach uaim ar chlár na farraige agus ar na hOileáin Árann agus iad ina gcnocáin ghorma ag bun na spéire. Cá ngabhfadh balún agus an domhan mór roimhe amach?

Cuimhním lá, is mé cothrom a haoise, gur cheannaigh m’athair balún dhom. D’fhógair sé orm fanacht go gceanglódh sé téad an bhalúin ar mo rosta. Ní raibh aon fhoighid agam chuige is choinnigh mé orm ag rith is an balún ag damhsa ar mo chúl.

Bhí. Ríméad. Aisteach. Orm.

Go tobann – go tragóideach, d’fhéadfá a rá – baineadh tuisle asam agus scaoil mé uaim é. Sheas mé ansin i mo staic agus mo bhalún mór dearg ag imeacht uaim, an sreangán ag fáinneáil ina ribín deataigh ina dhiaidh. Stop sé faoi dhíon gloine na siopalainne, dhá urlár in airde os ár gcionn.

Bhreathnaigh mé ar m’athair, agus mé cinnte nach raibh le déanamh aige ach a lámh a shíneadh suas is an balún a tharraingt go talamh arís. “Tá brón orm,” a dúirt sé, “ach níl mé in ann é a fháil.” Chaoin mé uisce mo chinn. Ní raibh ann ach balún.

“An cuimhneach leat go raibh pictiúr de chapaillín air?” a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom cois cladaigh agus í imithe ar thuras aislinge. ‘Is cuimhin,’ a dúirt mé léi.

Ach, is iomaí balún a chuireas an óige di. Tá radar speisialta ag gasúir bheaga atá in ann balún a aimsiú ach a shéidtear an chéad phuth anála isteach ann.

Fuair sí balún lá ó bhean ghnaíúil a raibh culaith Minnie Mouse uirthi agus balúin á ndáileadh aici ar pháistí an bhaile ar chúis eicínt nach raibh ró-shoiléir. Ba chuma leis an gCailín Mór Beag cén fáth, nó cén chaoi, ach go raibh balún eile aici agus í á chroitheadh go meidhreach.

‘Gabh i leith, go beo, go gceanglóidh mé le do láimh é,’ a dúirt mé léi.

Shín sí amach a láimhín. Chas mé an téad timpeall ar a rosta faoi thrí is chuir dhá shnaidhm ann.

Fág freagra ar 'Cá ngabhfadh balún agus an domhan mór roimhe amach?'