Cá mbeidh an teorainn? Shílfeá go bhfuil an feachtas i gcoinne Home Rule chugainn arís…

Cothaíonn an chaint faoin teorainn faitíos i measc aontachtaithe a tharraingíonn meon an léigir amach arís as cibé pluais ina raibh sé

Cá mbeidh an teorainn? Shílfeá go bhfuil an feachtas i gcoinne Home Rule chugainn arís…

‘Ní chuirfidh aontachtaithe suas le plean ar bith chun an teorainn a aistriú go Muir Éireann.’ ‘Sárú ar ár gcearta mar shaoránaigh den Ríocht Aontaithe a bheadh ina leithéid de bheart.’

Scríbhneoirí litreacha chuig nuachtáin a dúirt, iad buartha agus feargach mar nár chuir Státrúnaí na Breatimeachta, David Davis a leithéid as an áireamh.

Cé gur ar phraiseach agus éagumas i Stormont is mó a bhí aird an phobail i dTuaisceart Éireann le seachtain anuas, bhí ceist na teorann i ndiaidh na Breatimeachta faoi chaibidil ag tiarnaí agus feisirí i Westminster. Mhol coiste de na tiarnaí gur cheart margadh leithleach a dhéanamh idir Éirinn agus an Bhreatain chun teorainn chrua a sheachaint.

Theastaigh uathu go ndéanfaí an margadh sin, le cead an AE sula bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach. Níos deireanaí sa tseachtain, dúirt David Davis gurbh fhearr leis go mbeadh teorainn oscailte idir an Tuaisceart agus an Phoblacht ach, dá huireasa sin, ní fhéadfadh sé teorainn ar muir a chur as an gcuntas.

Ag seisiún de Choiste Parlaiminte na Breatimeachta, d’iarr an feisire Sammy Wilson, DUP, ar Davis a dhearbhú nach gcuirfí teorainn ar muir i bhfeidhm. D’fhreagair an Státrúnaí nár mheas sé gur leigheas a bheadh ansin ná bealach chun teorainn chrua, in Éirinn, a sheachaint ach ní raibh sé toilteanach geallúint a thabhairt. Dúirt sé go raibh an-chuid idirbheartaíochta le déanamh go fóill.

Luigh sé le réasún nach bhféadfadh David Davis barántas a thabhairt ag an bpointe seo. Cá bhfios céard a tharlóidh. Ach mhúscail a chuid cainte faitíos agus meon an léigir i measc aontachtaithe áirithe. Mheabhródh litir nó dhó feachtas na n-aontachtach in aghaidh Home Rule breis is céad bliain ó shin duit.

Ní raibh aon chaint ar ghunnaí a thabhairt isteach go Latharna, ar ndóigh. Dúirt scríbhneoir amháin áfach go mbeadh géarchéim bhunreachtúil ann dá ndéanfadh rialtas na Breataine ‘saoránaigh den dara grád ‘ de phobal (aontachtach) Thuaisceart Éireann ar mhaithe le náisiúnaithe a shásamh. Bheadh súil agam, ar sé, go seasfadh an pobal aontachtach ina choinne sin go dtí an dé deiridh. (‘I would expect the Unionist people to stand against this to their last breath.’)

Tá imní faoi aistriú na teorann níos coitianta ná mar a cheapfá. Thagair eagarfhocal an nuachtáin aontachtaigh, The Newsletter, don éiginnteacht scanrúil i Londain a léiríonn drogall tabhairt faoi bheart ar bith a ghoillfeadh ar náisiúnaithe, fiú má chuireann a leagan amach isteach orthu sin a thugann dílseacht don Ríocht Aontaithe.

Ní bheadh fadhb ag an nuachtán le teorainn ar nós an chinn idir an Iorua agus an tSualainn ach thug sé an  t-eiteachas as éadan do stádas Eorpach speisialta do Thuaisceart Éireann i ndiaidh na Breatimeachta. Céim chaolchúiseach i dtreo Éire aontaithe a bheadh ansin agus bheadh sé doghlactha. Bhí an port céanna ag Ian Paisley óg.

Dúirt feisire an DUP d’Aontroim Thuaidh nach bhfuil sa chaint faoi stádas speisialta ach bealach chun toradh an reifrinn a shárú, cleas chun rud a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath murab ionann agus cúram a dhéanamh de leas Thuaisceart Éireann. Beidh an Phoblacht san fhaopach tar éis na Breatimeachta, dar leis an bhfeisire Paisley, a bhí tarcaisneach faoi eacnamaíocht an deiscirt, é ag maíomh go raibh an geilleagar ó thuaidh i bhfad níos folláine.

Níor thairg sé fianaise ar bith mar thaca lena bhreithiúnas ar an eacnamaíocht, thuaidh ná theas. Ba é an rud a bhí soiléir go mbraitheann aontachtaithe na Breatimeachta faoi ionsaí. Cothaíonn an chaint faoin teorainn faitíos a tharraingíonn meon an léigir amach arís as cibé pluais ina raibh sé le fiche bliain. Bhí údar maith ag aontachtaithe a bheith suaimhneach mar go raibh an cheist bhunreachtúil socraithe, gan suim ag mórán inti d’ainneoin iarrachtaí Shinn Féin í a chur ar an gclár oibre.

Seans gur bréagbhuairt atá ar aontachtaithe faoin gcontúirt do Thuaisceart Éireann atá sa phlé faoi Bhreatimeacht. Nó, go deimhin seans gur cath bréige atá á fhearadh ag polaiteoirí aontachtacha chun an meath atá ar an tacaíocht dá leagan amach i bhfabhar na Breataimeachta a sheachaint. Ach tá roinnt guagachta á cothú ag an ngeáitsíocht agus níl tuairim ag éinne againn cad atá i ndán don stádas speisialta ná don teorainn.

Fág freagra ar 'Cá mbeidh an teorainn? Shílfeá go bhfuil an feachtas i gcoinne Home Rule chugainn arís…'