Cá mbeidh an gabhar á róstadh san fhómhar?

Tá Cill Chainnigh fós chun tosaigh iad fós ar a mbogstróc ach grúpa beag sna sála orthu

Michael Fennelly (Cill Chainnigh) ag éalú ó David Burke (Gaillimh). INPHO/Ryan Byrne
Michael Fennelly (Cill Chainnigh) ag éalú ó David Burke (Gaillimh). INPHO/Ryan Byrne

An bhfuil go leor feicthe againn go dtí seo i mbliana chun cinneadh a dhéanamh faoi cá mbeidh an gabhar á róstadh san fhómhar? Agus cúig bhabhta den tsraith imeartha tá Cill Chainnigh neadaithe ag barr an tábla arís . Deirimse ‘arís’ ní mar go rabhadar ar bharr na sraithe um an dtaca seo anuraidh ach mar gurb iad arís atá chun tosaigh ar chách. Dar ndóigh, ní haon rud nua é sin .

Tá réabadh déanta acu le deich mbliana anuas agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil deireadh déanta fós acu. Is deacair a shamhlú nach ar an ardchathair a bheidh a dtriall arís i Mí Mheán Fómhair . Tá imreoir nó dhó nua acu atá gar go maith don chaighdeán ard a éilítear i gCill Chainnigh agus beidh formhór fhoireann 2015 arís acu. Mar sin tá gach seans gurb iad a thabharfaidh Corn Mhic Cárthaigh leo. Tá cúpla contae eile, áfach, a bhfuil dul chun cinn mór á dhéanamh acu agus a chuirfidh tástáil mhaith ar na cait.

Feictear domsa go bhfuil Cill Chainnigh fós sa chéad áit faoi láthair agus gurb iad Tiobraid Árann agus Port Láirge atá sa dara háit.

Ó thaobh na dTiobradach de nuair a bheidh an fhoireann is láidre ar pháirc na himeartha acu beidh sé deacair iad a bhualadh. Nuair a bheidh cluiche nó dhó curtha díobh ag Séamas Callinan agus  Patrick ‘Bonner’ Maher beidh an fhoireann i bhfad níos fearr. Ina theannta sin, tá dóthain déanta ag Michael Breen chun áit a bhaint amach lár páirce in éineacht le Brendan Maher. Is dócha go mbeidh geansaí ‘uimhir a trí’ á chaitheamh ag James Barry arís ach ní fios fós cé a bheidh ina leathchúlaí láir acu .

Tríd is tríd, bheadh muinín agam astu.

Maidir leis na Déise tá mo dhóthain feicthe agamsa i mbliana a thabharfadh le fios gur ag feabhsú atá siad i gcónaí agus go bhfuil ag treisiú ar an muinín atá acu astu féin. Chuireadar Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann de dhroim seoil sna cluichí sraithe, agus is beag foireann a n-éiríonn leo an méid sin a dhéanamh sa bhliain chéanna.

Cheapfainn go bhfuil suas le fiche imreoir ag Derek McGrath anois a bhfuil an caighdeán imeartha acu lena mbeadh sé ag súil. Is beag contae eile go bhfuil an méid sin imreoirí dá leithéid acu. Ach tá fadhb thar a bheith tábhachtach le réiteach ag McGrath, sin conas a chinntiú go léireoidh an sár-iománaí sin Austin Gleeson an mianach iontach atá ann. An mbeadh sé níos fearr don fhoireann go mbeadh sé ag imirt sna tosaithe nó i lár na páirce? An bhfuil sé róscaoilte mar imreoir le bheith ina chúlaí cumasach? Ceapaim féin gur chun leas na foirne é a fhágáil níos faide chun tosaigh ar an bpáirc.

Pé scéal é, tá an t-ádh le Port Láirge go bhfuil glúin imreoirí óga díograiseacha, ábalta agus stuama acu agus iad ar fad ag bláthú ag an am céanna . Táim ag súil cheana féin le cluiche leathcheannais na Mumhan idir iad féin agus an Clár.

Taobh amuigh de na trí chontae sin is dócha go bhfuil an Clár, Baile Átha Cliath agus b’fhéidir Luimneach agus an Ghaillimh ar aon dul lena chéile. D’fhéadfá cás a dhéanamh lá ar bith dóibh go léir, ach b’fhéidir gurb í an fhadhb is mó atá acu ar fad ná nach bhféadfadh duine muinín a bheith acu astu go ndéanfaidh siad an beart gach lá a dtéann siad chun troda.

Mar sin, tá Cill Chainnigh fós chun tosaigh, iad fós ar a mbogstróc ach grúpa beag sna sála orthu.

Fág freagra ar 'Cá mbeidh an gabhar á róstadh san fhómhar?'