Cá luíonn an fhreagracht – ar pháirc na himeartha nó ar an taobhlíne?

Bíonn caint ann faoi na cinntí a dhéanann leithéidí Éamonn Fitzmaurice, Stuart Lancaster, Noel Connelly agus Pat Holmes. Ach deir Michael Cheika faoi chúram an bhainisteora: ‘Game day is my day off”

Bainistoeir Chiarraí, Éamonn Fitzmauirce. INPHO/Ryan Byrne
Bainistoeir Chiarraí, Éamonn Fitzmauirce. INPHO/Ryan Byrne

Cén áit mar sin a luíonn an fhreagracht – ar pháirc na himeartha nó ar an taobhlíne? Níor tháinig riamh am chomh tráthúil riamh leis an gceist a chur agus peileadóirí Mhaigh Eo ag iarraidh bóthar a thabhairt dá mbainisteoirí tar éis do Chraobh na hÉireann éalú uathu uair amháin eile agus tar éis na díospóireachta ar fad atá déanta faoi na beartais a tharraing Éamonn Fitzmaurice chuige féin agus eisean céim níos gaire don ghaisce ná a bhí Noel Connelly agus Pat Holmes.

Os rud é gur le cluiche amháin a bhaineann an argóint atá ar bun maidir le Fitzmaurice, tá an cás i bhfad níos soiléire. Bhí an fhoireann cheart ar an bpáirc aige nuair a thosaigh cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Bhleá Cliath, nó ní raibh. Roghnaigh an bainisteoir an modh ceart imeartha don chluiche, nó ní dhearna; agus ba iad na hionadaithe cearta a chuir sé chun páirce, nó níorbh iad.

Ar bhealach, braitheann an scéal ar fad, ar ndóigh, ar do thuairim an amhlaidh a bhuaigh Bleá Cliath an cluiche nó ar chaill Ciarraí é!  Faoin tráth seo, is ar éigean go mbeadh fuascailt an scéil ag an an bhfáidh Solamh féin, dá fheabhas é, ach ní stopfaidh sé sin ag tuairimíocht muid agus nach mór is fiú sin.

Ach ó loisc mé an choinneal, loiscfidh mé an t-orlach agus is í mo bharúil mheáite féin dá mbeadh breith ar a aiféala ag Mac Muiris go mbeadh Kieran Donaghy istigh ón tús, go bhfeicfí Tommy Walsh ar pháirc na himeartha ag tráth eicínt agus nach mbeadh Colm Cooper chomh gar dá chúl féin agus a cheadódh do Philly McMahon scóráil.

An bhfuil aon chruthúnas agam air sin? Níl, ach amháin gur bainisteoir den scoth é Éamonn Fitzmaurice. Daoine éirimiúla iad na bainisteoirí maithe seo agus cé nach mbíonn saoi féin gan locht, bí cinnte nuair a gheobhaidh sé seans arís go mbeidh athrú poirt ag fear na Leic Snámha. Sin cruthúnas an dea-bhainisteora.

Agus cé mhéid den mhéar atá le síneadh ar na himreoirí? Ar pheiladóirí Mhaigh Eo is feiliúnaí a cheist sin a chur, ach go dtí seo ar chuma ar bith nach bhfuil siad ag labhairt.

Tá muid ag brath ar chorrscéilín atá á sceitheadh anseo agus ansiúd faoi mhíshástacht faoi chuid den lucht leighis a scaoileadh chun siúil, faoi shocruithe taistil nach raibh sásúil agus faoi chead isteach sna seomraí feistis a bheith á thabhairt do dhaoine nár den bhainistíocht iad.

Tá seans ann gur droch-chleachtais bhainistíochta iad cuid acu sin, ach nach mba chiallmhaire do na himeoirí déileáil leo nuair a tharla siad seachas a bheith ag tabhairt cead borrtha dóibh go dtáinig sé sa saol nach mbeadh aon leigheas ar an scéal.

Bhí an t-idirdhealú idir ról an bhainisteora agus an imreora go mór i gceist i gcúrsaí rugbaí an tseachtain seo caite freisin nuair a roghnaigh captaen Shasana, Chris Robshaw, dul ar thóir úd an bhua nuair a thabharfadh an cic éirice a bhí tugtha dá fhoireann comhscór dóibh in aghaidh na Breataine Bige – gan fanta san imirt ach dhá nóiméad.

Glactar leis sa rugbaí gurb é an captaen a bheartaíonn a leithéíd, ach is suimiúil a thabhairt faoi deara ó shin go bhfuil cuid mhaith den mhilleán á chur ar chóitseálaí Shasana, Stuart Lancaster. Ag labhairt dósan agus an imirt déanta, is éard a dúirt sé gur ar pháirc na himeartha a shocraítear na rudaí sin agus ba bheag de thacaíocht a thug sé don fhear croíbhriste a bhí lena ais.

Ag preasócáid a bhain leis an gcéad chluiche eile a bhí i ndán do Shasana (in aghaidh na hAstrtáile aréir), lorg iriseoirí tuairim chóitseálaí na nAstrálach, Michael Cheika, faoin scéal. Níl aon dabht air siúd cá luíonn an fhreagracht a luaithe agus a thosaíonn an imirt. “Game day is my day off”,  a dúirt sé. “We’ve done our bit, the coaches. The players, they run the show.”

Suimiúil nárbh í an tuairim chéanna a bhí ag Gordon D’Arcy agus é ag tagairt do chluiche Shasana agus na Breataine Bige ina cholún san Irish Times. Cuimhnigh, cé nach bhfuil sé ag Corn an Domhain, go bhfuil D’Arcy ag imirt i gconaí.

Ní hé go gceapann D’Arcy go mba é a chríonnacht a rinne Chris Robshaw agus an cic éirice a eiteach, ach ní dóigh leis gur mar gheall ar sin a buadh ar Shasana. Tharla sin, a deir sé, mar nár chuir an bainisteoir an fhoireann cheart chun páirce – síneann sé a mhéir ar roghnú Sam Burgess agus Brad Barritt sa líne trí cheathrú.

Fág freagra ar 'Cá luíonn an fhreagracht – ar pháirc na himeartha nó ar an taobhlíne?'