Cá háit a gcríochnaíonn caibidil amháin agus cá háit a dtosaíonn caibidil nua?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Bíonn cinntí cruthaitheacha le déanamh ag scríbhneoir ní hamháin faoina dtarlóidh sa scéal a inseoidh sé ach faoin gcruth a bheas air

Cá háit a gcríochnaíonn caibidil amháin agus cá háit a dtosaíonn caibidil nua?

A luaithe is a chuireann scríbhneoir ficsin tús le saothar nua bíonn sraith cinntí tábhachtacha le déanamh aige.

Cé a inseoidh an scéal?

An sa chéad, sa dara nó sa tríú pearsa a inseofar é?

Arbh fhearr an scéal a insint san aimsir chaite nó san aimsir láithreach?

Céard é láthair an scéil?

Na cinntí sin déanta agus an chéad chúpla leathanach scríofa, beidh cinneadh bunúsach eile le déanamh ag an scríbhneoir.

Cá háit a gcríochnóidh an chéad chaibidil, agus cá háit a dtosóidh an chéad chaibidil eile?

Ar an gcéad radharc, b’fhéidir nach bhfuil cuma chomh spéisiúil ar an gceist sin. Ach cinneadh tábhachtach atá ann a mbeidh tionchar láidir aige ar an gcruth a bheas ar an saothar.

Gach uair a dhéanann scríbhneoir cinneadh cruthaitheach éigin, cuireann sé riail i bhfeidhm air féin. Bíonn air cloí leis an riail sin go dtí an deireadh, nó beidh cuma chiotach ar a shaothar (ach amháin, ar ndóigh, má bhíonn sé soiléir go bhfuil riail éigin á briseadh d’aon ghnó.)

Blianta fada ó shin, nuair a chríochnaigh mé an chéad dréacht den chéad chaibidil den úrscéal atá idir lámha agam faoi láthair, shocraigh mé go gcuirfinn tús le caibidil nua aon am go mbeadh léim mhór san am nó dá mbogfadh an scéal ó láthair amháin go láthair eile.

Bristeacha nádúrtha iad sin gan dabht agus níl mé ag rá nach n-oibreodh cur chuige mar sin i saothar eile, ach an chaoi ar oibrigh rudaí amach sa saothar áirithe seo, bhí 70 caibidil agam sa deireadh agus bhí cuid acu an-ghairid go deo: leathanach amháin nó leathanach go leith ar fhad.

An fhadhb leis na cinntí a dhéanann tú i bhfíorthús an phróisis scríbhneoireachta ná go gceapann tú, agus na blianta ag dul tharat, go bhfuil siad greanta i gcloch.

Ach níl.

Tá scéal ar nós leachta agus is féidir leat é a ‘dhoirteadh’ i gcruth ar bith.

Fadhb bhreise a bhí agam le cruth m’úrscéil ná go bhfuil an scéal á insint ag beirt reacairí seachas ag reacaire amháin. An chaoi ar oibrigh rudaí amach, toisc go raibh mé ag cloí go docht leis an riail sin maidir leis na bristeacha idir na caibidlí, nach raibh an scéal á insint ag an mbeirt sin ar a seal; go minic bhí an carachtar céanna i mbun na hinste ar feadh dhá nó trí chaibidil as a chéile.

Ar bhealach, ní raibh fadhb ar bith leis sin. Tá glórtha na beirte chomh héagsúil sin óna chéile (bhí na léitheoirí cabhracha a léigh an t-úrscéal ar aon intinn faoin méid sin) gur léir ar an bpointe boise cé acu a bhíonn i mbun cainte.

Ach bhí rud éigin ciotach faoi ó thaobh na haeistéitice de, agus rith sé liom go réiteofaí fadhb na gcaibidlí an-ghearr sin, leis, dá gcaithfinn i dtraipisí an riail úd a chum mé fadó maidir leis na bristeacha idir na caibidlí agus dá gcuirfinn ceann nua i bhfeidhm: caibidil nua a thosú aon am go n-athródh an pheirspictíocht ó reacaire amháin go reacaire eile.

Níor athraigh an scéal féin pioc – ach tá cuma air anois atá i bhfad níos taitneamhaí don tsúil.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, seans nach rithfidh an treoirphrionsabal is fearr maidir le cruth do scéil leat go dtí go mbeidh sé ar fad scríofa agat.

Fág freagra ar 'Cá háit a gcríochnaíonn caibidil amháin agus cá háit a dtosaíonn caibidil nua?'