Cá bhfuil Wolf Hall na Gaeilge?

Is iontach an clár Wolf Hall ar an BBC ach deinimid dearmad go bhfuil scéalta spéisiúla, drámatúla ón tréimhse chéanna againn féin

p02gg285

Ní dócha gur mise amháin a bhí faoi dhraíocht ag Wolf Hall a bhí á thaispeáint ar an mBBC le déanaí agus ní dócha, ach oiread, go bhfuil aon cheist ná go bhfuil an tsraith seo ar cheann de na cláracha is fearr dá bhfuil déanta ag an stáisiún céanna le fada an lá. Go deimhin, tá an chuma ar an scéal gur chosain sé pingin dheas airgid ach thar aon ní eile, dar liom, bhí samhlaíocht agus cruthaitheacht laistiar de. Mar atá fhios ag an saol faoin am seo, bunaíodh an tsraith seo ar na húrscéalta stairiúla a scríobh Hilary Mantel, urscéalta ina bhfuil cur síos ar na himeachtaí a chuir tús leis an reifirméisean i Sasana sa séú haois déag ó pheirspictíocht Thomas Cromwell, fear a chuirtear inár láthair mar dhuine réasúnta tríd síos murab ionann agus fadó nuair a d’fhéachtaí air mar dhuine cruálach míthrócaireach a chuir mórán daoine chun báis.

Ar aon nós, dealraíonn an scéal go bhfuil sé ina raic thall i Sasana toisc go gceapann daoine áirithe ansúd (Caitlicigh a bhformhór, is cosúil) go raibh Thomas Moore á léiriú sa tsraith seo mar dhuine brúidiúil a bhí sásta eiricigh a chéasadh seachas é a léiriú mar fhear cráifeach, naofa agus an milleán ar fad a chur ar Chromwell agus Anraí a hOcht faoi mar ba cheart, dar leo. Tá a leagan féin den stair ag gach dream agus gach duine dínn, gan amhras. Ní chiallaíonn sé seo faic in aon chor gan dabht ach amháin go mbeidh tóir arís ar úrscéalta Hilary Mantel agus go ndíolfaidh an tríú húrscéal den tríológ atá beartaithe aici na milliúin cóip nuair a thagann sé ar an bhfód i gceann tamaillín eile. Tá sé i gceist agam féin iad ar fad a léamh ach an t-am a bheith agam – samhradh breá éigin atá le teacht, le cúnamh Dé.

Dar ndóigh, níor mhaolaigh riamh ar an tsuim a chuir is a chuireann daoine i scéal fuilteach Anraí a hOcht lena chuid scéiméirí, a chuid spiairí agus go háirithe a chuid ban: Anne Boleyn, Catherine of Aragon, Jane Seymour agus an triúr eile más féidir leat iad a ainmniú. Dhealródh sé, ina theannta sin, nach inniu ná inné a thosnaigh na Gaeil ag cur spéise sa scéal agus is cinnte go raibh sé go maith ar eolas in Éirinn ó thosach. Cad ina thaobh nach mbeadh agus an tionchar a bhí ag na céafair seo ar fad ar an tír bhocht seo agus ar gach aon tír eile san Eoraip?

Is cinnte nach raibh an file Piaras Mac Gearailt, a mhair in oirthear Chorcaí san ochtú haois déag, dall ar an scéal mar go luann sé roinnt mhaith de na carachtair a fheictear i Wolf Hall i gceann dá dhánta móra, ‘Aisling Bhaothlaigh Mhic Criomhthain’, dán ina gcuireann sé sagart a d’iompaigh ina Phrotastúnach i gcomparáid leis na boic mhóra Shasananacha atá luaite thuas. Murab ionann agus Hilary Mantel, áfach, chuir an Gearaltach an scéal i mbéal Thomas Cranmer agus ní raibh aon amhras air faoina raibh i ndán dóibh ar fad – bheidís dá róstadh in ifreann ar feadh na síoraíochta! Seo roinnt dá raibh le rá ag an nGearaltach leis an sagart bradach (col ceathar leis féin, dála an scéil) agus é le tuiscint gur ó bhéal Cranmer a thagann na línte seo:

 

Do leanais-se lorg na mborbaibh céasta

’tá thíos romhat fá bhrón is daorchnead,

an t-ochtú Hanraí ’s a bhanríon taobh ris,

Anna damanta an bastard Boléna.

 

’S a hiníon scólta dóite i ndaorchnead,

Eilís, threascaradh eaglais naofa,

easpaig is sagairt is barrfhionnaibh maorga

do bhíodh ag cantain na psalm go séanmhar.

 

Do chífir Cromwell ’na stollaire céasta ann

gan trua do threascaradh seascad do chéadaibh;

dho naíonán, leanbh ná an seanduine aosta,

níor chorraigh a chroí chum saoirse dhéanamh.

 

Uilliam an prútach brúite in éagruith

is mar mhnaoi acartha aige Jane Seymour;           

Éadbhard coirpe imeartha, traochta

is mise dhá dteagasc gan lagadh ar mo bhéalsa.

. . .

Beidh sibhse i bpianta diana daora

go damanta úr loscadh gan sosadh gan saoradh;

pé faid do bheid diabhail ag pianú a chéile

i dtaoibh úr masladh don eaglais naofa.

 

Rithfeadh sé le duine, b’fhéidir, go dtaitneodh an leagan seo den scéal níos fearr leo siúd atá ag gearán faoi Wolf Hall thall i Sasana. Níl le déanamh acu, más ea, ach leabhar nua dem chuidse, Piaras Mac Gearailt, A Shaol agus a Shaothar, a bheidh á fhoilsiú ag An Sagart an mhí seo chugainn, a cheannach agus a léamh seachas a gcuid airgid a thabhairt do Hilary Mantel. Bheadh orthu léamh na Gaeilge a fhoghlaim ar dtúis, áfach, rud nach dócha a dhéanfaidh siad, faraor. Mar sin, nílim ródhóchasach go ndíolfad an líon cóipeanna atá díolta ag Hilary ach b’fhéidir go mbeadh suim ag léitheoirí Tuairisc.ie sa leabhar agus, gan amhras, éinne a bhraitheann beagáinín ciontach tar éis a bheith ag cur an iomad suime i stair na gcomharsan, féadann sé nó sí léamh mar gheall ar chuid de stair agus de litríocht na hÉireann sa leabhar seo.

Mar is é oighear an scéil, dar liom, go ndeinimid dearmad go minic ar ár scéal agus ar ár stair féin agus táim cinnte gur rith sé le daoine eile anseo in Éirinn agus iad ag leanúint scéal Anraí a hOcht agus dream sin na séú haoise déag i Sasana go bhfuil scéalta spéisiúla, drámatúla ón tréimhse chéanna, agus ó thréimhsí ina dhiaidh sin, le hinsint againne chomh maith. Dob fhéidir a áiteamh, áfach, gur fearr an cur amach atá ag cuid mhaith againn ar stair Shasana ná mar atá againn ar ár stair féin. Faillí na meán físe – na meáin is cumhachtaí dá bhfuil ann anois – faoi ndeara é seo go pointe áirithe dar liomsa. Fiafraímis mar sin, más aon mhaitheas duinn é, cá bhfuil Wolf Hall na GaeilgeWolf Hall na hÉireann, nó an fada go gcuirfidh TG4RTÉ scéal Aodha Mhóir Uí Néill, gan ach sampla amháin a lua, ar an scáileán beag dúinn? Feitheamh fada ar chosa laga atá i ndán dúinn a déarfainn féin, agus más amhlaidh gurb iad na comharsain, an BBC, a dhéanfaidh ar dtúis é, ná cuireadh sé sin aon ró-iontas orainn.

 

Fág freagra ar 'Cá bhfuil Wolf Hall na Gaeilge?'

  • Fearn

    Maith an fear, a Bhreandáin, fógraíocht ní b’fhearr leabhar ní fhaca mé riamh. Go n-éirí leis.

    Maidir le /Wolf Hall na Gaeilge, níl de dhith ach airgead ina slaoda, agus tá infheisteoirí gortach na laetha seo.

  • Glór í Eo

    Ag súil go mór le do leabharsa. Arbh é an Gearaltach a scríobh na línte?: Ná trácht ar an ministir Gallda lena chreideamh gan bheann ná bhrí/ Mar níl mar bhunchloch a chreideamh ach magairlí Aonraoi Rí !