B’fhéidir go gceapann gach glúin go bhfuil fathaigh mhóra na hiriseoireachta imithe, ach cá bhfuil Robert Fisk an lae inniu?
Níor chuir éinne riamh i leith Fisk gur ghiolla de chuid impiriúlachas an iarthair a bhí ann. Tá a leabhar The Great War for Civilisation os mo chomhair agus seo á scríobh agam agus bhí sé chomh fíochmhar céanna ag déanamh cur síos ar bharbarthacht na Rúise sa tSeisnia is a bhí sé ar an slad a rinne Meiriceá san Iaráic, chomh cáinteach faoi bhrúidiúlacht na ndeachtóirí Arabacha is a bhí sé faoi choireanna Iosrael i gcoinne na bPalaistíneach.
Ba iad an t-ionracas agus an neamhspleáchas sin a thug údarás dó – sin agus a thaighde gan sárú, bunaithe ar bhunfhoinsí, ar fhianaise a chuid súl féin agus ar chomhráite le gnáthdhaoine a bhí páirteach nó thíos leis na cogaí a ndearna sé tuairisceoireacht orthu.
Níl a fhios agam cén dearcadh a bheadh ag Robert Fisk ar chogadh na hÚcráine. Murab ionann agus a lán de na tráchtairí ‘neamhspleácha’ atá thart faoi láthair ní fhéadfá a bheith cinnte roimh ré cén seasamh a bheadh aige ar choimhlint ar bith, bunaithe ar a dhearcadh idé-eolaíoch.
Ach táim cinnte de seo, fiú dá mbeadh sé cáinteach faoi pholasaí an iarthair, bheadh sé fós ar cheann de na chéad daoine ar an láthair chun taifead a dhéanamh ar bharbarthacht na Rúise in Bucha agus in áiteanna eile. Agus thabharfadh an t-ionracas sin agus an dílseacht sin don fhírinne údarás agus éisteacht dó dá mbeadh sé ag cáineadh cur chuige an iarthair.
Ní haon ábhar iontais é go ndearna a iarbhean chéile agus a iarpháirtí iriseoireachta Lara Marlowe a cion chun uafás Bucha a thabhairt chun solais san Irish Times. Seo í ag cur síos ar an méid a tharla do chailín dhá bhliain déag d’aois amháin ansin: ‘On that night when Russian soldiers marauded through Bucha, Maria and her parents hid in the back garden with the lights out. Two soldiers wore balaclavas. A third did not. All three raped the child. Then they shot Maria’s parents dead, along with the family dog.’
Níl aon easpa tráchtairí a chreideann gur smaointeoirí ‘neamhspleácha’ iad. Ach murab ionann agus Fisk ní bhíonn a gcuid obair bhaile déanta acu. Seachas comhaontú Minsk 2 a léamh iad fhéin agus ansin comparáid a dhéanamh idir na forálacha atá ann agus an méid a tharla chun a oibriú amach cé a sháraigh é, déanann siad athrá ar thuairim thráchtairí eile ag a bhfuil an dearcadh íde-eolaíoch céanna leo fhéin gur ar an Úcráin atá an locht.
Go deimhin ceann de na tréithe is suntasaí faoin chineál seo tráchtaireachta ná a laghad taighde nó tagairtí do bhunfhoinsí a bhíonn ann. Na príomhfhoinsí a bhíonn ag a lán de na tráchtairí ‘neamhspleácha’ seo – má bhíonn foinsí ar bith acu – ná tráchtaireacht a rinne tráchtairí ‘neamhspleácha’ eile. Cuirtear seoid éigin eolais nó mí-eolais inár láthair agus deirtear linn gur a leithéid seo de thráchtaire a dúirt agus tá a lán scríte aige siúd faoin ábhar seo, bíodh a fhios agat.
Leanann na tráchtairí ‘neamhspleácha’ ag déanamh athrá agus athchúrsáil ar ‘fíricí’ a chéile – gan aon ghá le fianaise nó taighde ar bith eile – ar nós go bhfuil tromlach de mhuintir an Donbas ar son aontú leis an Rúis nó gur mharaigh an Úcráin 14,000 sibhialtach sa Donbas nó go ndúirt duine éigin i rialtas Mheiriceá ‘go dtroidfimid go dtí an tÚcránach deireanach’.
An rud íorónach faoi seo ar fad ná gurbh iad an dream céanna a bhíonn ag gearán go bhfuil na meáin claonta i leith na hÚcráine ach is iad féin an dream is lú a bhfeictear aon fhianaise de bhuntaighde ina gcuid tráchtaireachta agus an dream is mó a bhraitheann ar an méid a léigh siad in altanna sna meáin nó fiú ar na meáin shóisialta i gcomhair a gcuid eolais.
Is beag spéis atá acu ach an oiread labhairt le hÚcránaigh. Beidh painéal breá cainteoirí ón iarthar acu ag cruinniú poiblí faoi conas síocháin a bhaint amach san Úcráin ach ní thabharfaidh siad cuireadh d’Úcránach ar bith páirt a ghlacadh ann.
Agus fós ceapann siad gur daoine iad fhéin a bhfuil dearcadh frithchoilíneach agus frith-impiriúil acu. Scríobhfaidh siad go muiníneach faoin Naitsíochas san Úcráin, ach níl spéis ar bith acu i dtuairimí phobal Giúdach na hÚcráine faoin gceist. Scríobhann siad altanna faoin seach-chogadh gan tagairt do Bucha nó impiriúlachas nó fuadach páistí nó éigniú nó sibhialtaigh á gcur chun báis – rud nach ndéanfadh Robert Fisk go deo, cuma cén dearcadh a bheadh aige ar an gcoimhlint.
Tugtar cuireadh do chuid acu, ar nós Jeffrey Sachs, dul ar mheáin stáit na Rúise mar go dtuigtear go maith nach ndéarfaidh sé aon rud faoi na coireanna cogaidh Rúiseacha atá á gceilt ag na meáin stáit sin ar a muintir féin. Sin rud eile nach ndéanfadh Fisk go deo.
Ní mhaslódh Fisk íospartaigh Putin agus ní dhéanfadh sé beag is fiú den sléacht is mó san Eoraip ón Dara Cogadh Domhanda trí chaint faoi chomh ‘remarkable’ is atá ‘Putin’s restraint’ mar a rinne Geoffrey Roberts san Irish Times le déanaí. Dá mbeadh Roberts i ndáiríre ag iarraidh tionchar a imirt ar dhaoine nach bhfuil ar aon intinn leis, seachas díreach conspóid a chruthú agus seasamh ‘cróga’, mar dhea, a ghlacadh i gcoinne thuairim na coitiantachta, ní déarfadh sé a leithéid de rud.
Ní hé an rud a bhaineann codladh na hoíche díom faoi seo go bhféadfadh na smaointeoirí ‘neamhspleácha’ seo a chur ina luí ar dhaoine atá idir dhá chomhairle go bhfuil an ceart acu. Ní fheicim aon fhianaise go bhfuil sin ag tarlú. An rud a bhaineann codladh na hoíche díom ná seo: cad é má tá an ceart acu ach ar na cúiseanna míchearta?
Ag am dainséarach mar seo nuair nach bhfuil aon rogha saor ó bhaol, tá gá againn le fíorsmaointeoirí neamhspleácha a bhfuil údarás, ionracas agus saineolas acu chun dúshlán thuairim na coitiantachta a thabhairt agus iachall a chur orainn an cúrsa atá á leanúint a cheistiú.
Tá ag teip ar na smaointeoirí ‘neamhspleácha’ an ról riachtanach sin i sochaí dhaonlathach a chomhlíonadh. Ní hé amháin go bhfuil ag teip orthu, ach is deacair a fheiceáil go bhfuil aon iarracht dháiríre á déanamh acu daoine a thabhairt leo, seachas díreach a bheith ‘conspóideach’ agus a léiriú dóibh fhéin agus don saol mór go bhfuil siad ag snámh go ‘cróga’ in aghaidh easa.
Ionsaithe gnéis agus éigniú á dhéanamh ar bhonn forleathan ar mhná agus cailíní chomh hóg le ceithre bliana d’aois, páistí á bhfuadach óna dtír dhúchais agus á dtabhairt le haghaidh uchtála do theaghlaigh Rúiseacha, Úcránaigh á ndíbirt i gcoinne a dtola óna dtír dhúchais, sibhialtaigh á gcéasadh agus á gcur chun báis, é á fhógairt go hoscailte ag daoine sinsearacha i rialtas na Rúise gur mian leo deireadh a chur leis an Úcráin agus le féiniúlacht na hÚcráine, seoda oidhreachta cultúrtha na hÚcráine á ngoid ag an Rúis…
Uafás i ndiaidh uafáis ach ní hionann sin is a rá nach bhféadfadh tubaiste níos mó fós a bheith mar thoradh ar an gcinneadh cabhrú leis na hÚcránaigh an fód a sheasamh i gcoinne an ionraidh.
Ach más amhlaidh atá, ghlacfadh sé fíorsmaointeoir neamhspleách ar nós Robert Fisk chun sin a chur ina luí orainn.
Luíonn mo shúil ar an moladh ón Sunday Times atá i gcló ar an leathanach tosaigh The Great War for Civilization. Faraor is fíor anois níos mó ná riamh é: ‘There is nobody to match Robert Fisk.’
Seán Ó Floinn
Tagaim le Fachtna nuair a deir sé go bhfuil go leor truflaise á spalpadh acu siúd a thacaíonn leis an Rúis, ach bhí sé sin ar eolas againn cheana. Ní thagaim leis, áfach, nuair a thugann sé le fios gur cineál naoimh a bhí i Robert Fisk agus go bhféadfaí brath ar a oibiachtúlacht agus a iontaofacht i gcónaí. Dar le Fachtna nach dtaobhódh Fisk le deachtóir go deo – ach thacaigh Fisk le Bashar al-Assad le linn chogadh cathartha Shiria, agus rinne sé iarracht an locht a chur ar gach duine eile (impiriúlachas an Iarthair, Meiriceá agus Iosrael, srl.) as an sléacht a rinne Assad ar a phobal féin. Shéan Fisk gur bhain Assad úsáid as airm cheimiceacha, agus shlog sé siar gach leithscéal agus bréag a thug réimeas Assad ina thaobh. Cé go mb’fhéidir go raibh bua an phinn ag Fisk, aithnítear go forleathan go raibh obair Fisk breac le botúin agus áibhéil – ní gá ach breathnú ar an sainmhíniú atá ar ‘Fisking’ (http://catb.org/~esr/jargon/html/F/fisking.html).
Ní raibh Araibis Fisk thar mholadh beirte ach an oiread, cúis eile a raibh daoine in amhras faoina iontaofacht mar ‘shaineolaí’ ar an saol Arabach. (https://al-bab.com/blog/2013/10/robert-fisks-comedy-errors )
Ní dóigh liom go raibh Rúisis ná Úcráinis ar a thoil aige ach an oiread, rud a d’fhágfadh nach é an chéad duine a léifinn dá mbeadh sé fós beo agus ag tuairisciú ar an gcogadh san Úcráin.
Maidir lena magnum opus, a bhfuil an méid sin dúile ag Fachtna ann, bhí sé breac le botúin – https://www.theguardian.com/books/2005/nov/19/highereducation.news
Níl a fhios agam an é nár thug Fachtna aon aird ar lucht cáinte Fisk nó an é nár bhac sé le buntaighde a dhéanamh air – rud atá íorónta nuair atá sé ag tabhairt fogha faoi dhaoine eile as gan buntaighde a dhéanamh!
Gabriel Rosenstock
https://caitlinjohnstone.com/2023/02/12/pentagon-wants-to-return-special-ops-propagandists-to-ukraine/
Ní haon Robert Fisk í Caitlin Johnstone ach bíonn scéalta aici go rialta nach bhfaighimid
ar TG4, Tuairisc, Raidió na Gaeltachta etc. Agus is file í chomh maith, bail uirthi!