Cá bhfuil an t-airgead? Ní haon ceist áiféiseach ag lucht Stormont é…

Tá infheistíocht mhór don Tuaisceart geallta sa cháipéis New Decade, New Approach. Ní hiontas go bhfuiltear ag iarraidh a bhfuil sa sparán a fheiceáil…

Cá bhfuil an t-airgead? Ní haon ceist áiféiseach ag lucht Stormont é…

Pictiúr: GIS

Scuab Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson isteach go Caisleán Stormont ar an Luan le haghaidh comhrá leis an gCéad-Aire agus LeasChéad-Aire, Arlene Foster agus Michelle O’Neill. Shíl na polaiteoirí agus go leor nach iad go mbeadh an Príomh-Aire ag cur in iúl don rialtas díláraithe athbhunaithe cén tsuim airgid sa bhreis a chuirfeadh a rialtas ar fáil do Stormont mar a gealladh dá réiteofaí an tsáinn in Stormont.

Ba ghearr gur léir go raibh pócaí Johnson folamh. Ag nuacht-ócáid i Halla Mór Stormont, i dTeach na Parlaiminte thug an Príomh-Aire a bheannacht do na páirtithe a d’fhill ar an bhFeidhmeannas Dé Sathairn. Dúirt sé nach maoiniú amháin a bhí ag croí an scéil ach ceannaireacht, é ag gríosú na bpolaiteoirí logánta chun sársheirbhís a sholáthar don bpobal.

Sean-nós is ea é anois go dtugann Príomh-Aire na Breataine agus an Taoiseach cuairt ar Stormont nuair a dhéantar réiteach. Déanann siad in éindí é go hiondúil ach ar an ócáid seo bhuail an Príomh-Aire Johnson leis na hairí ina aonar roimh a chruinniú le Leo Varadkar.

Shéan Johnson gur chleas poiblíochta ab ea a chuairt nó go raibh sé ag baint tairbhe as dea-scéal ach bhí díomá agus frustrachas follasach i measc na bpáirtithe rialtais nach raibh tada á sholáthar aige. ‘Cá bhfuil an t-airgead?’ a d’fhiafraigh aire i ndiaidh aire de ach freagra ní bhfuair siad uaidh. Fágadh an cúram sin faoin Státrúnaí Julian Smith a bhuail leis na hairí nuair a bhí an Príomh-Aire agus an Taoiseach, Leo Varadkar imithe abhaile.

Dúradh leis an mbeirt fhear gur choinnigh na cúig pháirtí a gcuid féin den mhargadh nuair a d’fhill siad ar an Tionól agus an Feidhmeannas agus gur faoi na rialtais é a dtaobh siúd a chomhlíonadh. Baineann sé sin go sonrach le rialtas na Breataine a gheall infheistíocht mhór sa cháipéis New Decade, New Approach. Tá na geallúintí le léamh in Aguisín A den cháipéis, leathanaigh 51-53.

Ní hiontas i bhfianaise na ngeallúintí go raibh páirtithe Stormont míshásta. Bhí siad buartha freisin, mar a bhí an pobal a éilíonn fuascailt chríochnúil ar na fadhbanna sláinte agus oideachais. Dúirt an Chéad-Aire, Arlene Foster go raibh infheistíocht shuntasach, leanúnach de dhíth go ceann roinnt mhaith blianta, go háirithe sa chóras sláinte agus san infreastruchtúir – bóithre agus an córas uisce go háirithe. Dúirt an leasChéad-Aire, Michelle O’Neill gur chuir sí in iúl don Phríomh-Aire agus don Taoiseach nár mhór don dá rialtas cloí lena bhfocal. Tá maoiniú do thograí san iarthuaisceart geallta ag rialtas na hÉireann- 120 milliún, caiteachas i bhfad níos lú ná cúram na Breataine.

Cé go raibh port dóchasach ag an Taoiseach, é ag caint ar Chomhaontú Aoine an Chéasta a bheith ar ais ar a bhoinn agus comhoibriú thuaidh-theas agus thoir-thiar le neartú, ba chúis díomá é go raibh an chéad lá iomlán ar ais ag obair faoi néal amhrais. Cheistigh roinnt conas a ghlac an DUP agus Sinn Féin le geallúint, gan figiúr beacht infheidhmithe ach ba bheag rogha a bhí acu.

I bhfianaise na gcleachtas sular thit Stormont trí bliana ó shin ní haon ribín réidh é muinín a chothú idir na páirtithe sa bhFeidhmeannas. Ní mór é sin a dhéanamh chun a bheith rathúil agus muinín sa chóras a chothú i measc an phobail.

Fágann an éiginnteacht faoi infheistíocht na Breataine go gcaithfidh an feidhmeannas am agus fuinneamh a chaitheamh ar fheachtas cuimsitheach comhaontaithe chun an maoiniú riachtanach a fháil ó Whitehall. Deir foinsí Stormont go mbeadh suas le £2 billiún go ceann cúig nó sé de bhlianta riachtanach.

Oíche Dé Luain d’iarr an tAire Airgeadais, Conor Murphy Sinn Féin ar fheidhmeannaigh a roinne na figiúirí a fuaireadar ón Státrúnaí Julian Smith an tráthnóna sin a scagadh. Ba é breithiúnas Murphy go raibh an tsuim róbheag. Thairis sin bhí amhras air gur airgead é a bheadh ag teacht chuig an Tuaisceart ar aon nós – faoi fhoirmle Barnett mar a thugtar air. Áirítear go mbeidh os cionn £1 billiún dlite don Tuaisceart – i gcomhréir leis an gcaiteachas breise ata ceadaithe ag Johnson do thuaisceart Shasana. Ba é sin an t-aon mhaoiniú a ndearna an Príomh-Aire Johnson tagairt dó.

Dúshlán mór é don bhFeidhmeannas nua teacht ar aontas faoina gcuid tosaíochtaí agus plean gnímh don ghearrthéarma, chomh maith le plean rialtais á réiteach acu. Den chéad uair tá cothromaíocht inscne sa chomh-aireacht, seisear ban i measc an dáréag. Beifear ag faire féachaint an gcuideoidh sé sin le comhoibriú, le roinnt na cumhachta i ndáiríre, murab ionann agus roinnt na creiche.

Guíonn formhór an phobail cóir ghaoithe leo ach ní áibhéil é a rá gur chontúirt mhór é an easpa airgid. Mura mbíonn na hacmhainní acu chun na héilimh is práinní a shásamh is beag seans go mbeidh rath ar an rialtas díláraithe. Airím go dtuigeann na polaiteoirí gurb é seo an seans deiridh chun polaitíocht fheidhmiúil a fhorbairt in Stormont. Tubaiste a bheadh ann ligint dó  teip cheal airgid, suim ollmhór airgid gan dabht ach beagán i gcomparáid le costas agus dochar na mblianta den choimhlint.

Ní áiféis mar sin mar éileamh ‘cá bhfuil an t-airgead’.

Fág freagra ar 'Cá bhfuil an t-airgead? Ní haon ceist áiféiseach ag lucht Stormont é…'