Cá bhfios ná go ndéanfadh Chadwick Boseman lorg Denzel Washington a leanúint?

Tá áiféis ag baint leis an scéal i ‘21 Bridges’ ach bheifeá ag súil lena leithéid

Cá bhfios ná go ndéanfadh Chadwick Boseman lorg Denzel Washington a leanúint?

21 Bridges
Stiúrthóir: Brian Kirk
Cliar: Chadwick Boseman, Sienna Miller, J.K. Simmons, Stephen James, Taylor Kitsch, Alexander Siddig

Is é an scannán 42 (2013) a dhein a chóta bán do Chadwick Boseman agus tá méadaithe ar a cháil le blianta beaga anuas. Bhí ról lárnach aige i gcnuasach scannán Marvel agus léiriú á dhéanamh aige ar Black Panther i gceithre scannán díobh. Ba é a bhí mar cheann feadhna ar Black Panther (2018) agus bhí rath thar na bearta, gan choinne, ar an saothar úd. 

Lena chois sin gnóthaigh a thaispeántas mar Thurgood Marshall in Marhsall (2018) moladh ó mhórán, cé ná rabhas féin chomh tógtha sin ar fad leis.

Tá gaisce nach beag déanta ag Boseman mar sin, go mór mór nuair a chuimhníonn tú ar an gcáineadh atá déanta ar Hollywood as an gcos ar bolg atá imeartha acu ar dhaoine nach den chine geal iad le blianta.

Radharc seanchaite go maith atá againn mar thús leis an scannán seo; mac óg ag sochraid a athar, póilín a maraíodh is é i mbun oibre. Ní nach ionadh téann an buachaill óg céanna sna póilíní nuair a thagann sé chun coinlíochta.

Léirítear Andre Davis mar dhuine mealltach, beagfhoclach ach é breá in ann slaiseanna a chaitheamh nuair a thagann conach air. Tá sin le feiscint go rábach nuair a bhíonn sé á cheistiú maidir leis an eachtra lámhaigh is déanaí dá chuid; é neamhleithscéalach tiarnúil faoin dornán bithiúnach atá curtha de dhroim seoil aige. 

Seo chugainn Michael (James) agus Ray (Kitsch), beirt choirpeach a bhfuil sé mar rún acu 30 cileagram de chócaon a ghoid ó bhithiúnaigh i Nua-Eabhrac. Téann an phraiseach ar fud na mias i rith na gadaíochta; 300 cileagram atá ann seachas 30 agus tagann buíon póilíní ag an doras agus an chreach á hiompar leo. Ní haon dóithín é Ray agus cuireann sé scata póilíní de dhroim seoil. Cuirtear abhaile orainn gur coirpeach níos síochánta a leathbhádóir, tréith a mbeidh tábhacht léi níos faide anonn.

Ní nach ionadh tá an lasair sa bharrach anois agus scamhadh chun díoltais ar na póilíní. Táimid in amhras nach aon chomhtharlúint é gur ar an  ngaiscíoch a lámhaigh Ray a thiteann sé dul sa tóir ar na bithiúnaigh atá éalaithe leo isteach ar oileán Manhattan. Ordaíonn Ray an 21 droichead isteach agus amach as an oileán a dhúnadh agus vae linn leis an tóraíocht.

Tá a fhios againn go bhfuil uisce faoi thalamh ar bun agus táimid in amhras go bhfuil eolas éigin á cheilt ag leathbhádóir Ray, Frankie (Burns) agus mórán eile nach í.

Gan amhras tá áiféis ag baint leis an scéal ach bheifeá ag súil lena leithéid. Lena chois sin tá sé breá fuirist an casadh sa scéal a thuar. Tá na míreanna aicsin spleodrach, slachtmhar. Cheapas go raibh cúlra Michael agus Ray suimiúil agus theastaigh uaim go ndéanfaí a thuilleadh tochailte ar an téama seo. Lena chois sin déantar iarracht chiotach plé éigin le téagar a dhéanamh ar staid na póilíneachta in Nua-Eabhrac agus i Meiriceá trí chéile, téama eile a bhféadfadh breis cíortha a bheith déanta air. 

Is ceann feadhna tarraingteach é Boseman, déanann Miller a cúram go slachtmhar, tá teacht i láthair bagrach ag Kitsch agus ní dóigh liom go mbeadh Simmons in ann drochthaispeántas a tabhairt uaidh fiú dá mba mhian leis é.

Cá bhfios ná go ndéanfadh Boseman lorg Denzel Washington agus Will Smith a leanúint agus a bheith in ann saothair a iompar ar a ghuaillí féin.

Geábh faoin gcineál sin saothair agus faoi sheánra foirmleach an aicsin atá sa scannán seo.

Fág freagra ar 'Cá bhfios ná go ndéanfadh Chadwick Boseman lorg Denzel Washington a leanúint?'