‘But you speak English’, sin an freagra a fuair mé ar mo chéad lá den stailc teanga. Bhí mé tar éis a chur in iúl do Chathaoirleach an Choiste Buiséad go raibh mé ar stailc teanga agus go mbeadh mé ag labhairt trí Ghaeilge sa chruinniú. Is Francach é. Tá Béarla maith aige. Ach fós, baineann sé úsáid as Fraincis an t-am ar fad, mar, i gcomparáid liomsa, tá níos mó cearta aige!
Is teanga oifigiúil í an Ghaeilge ó 2007. Tá an stádas céanna aici leis an bhFraincis. Cinnte, tá Béarla líofa agam ach mothaím i bhfad níos compordaí agus mé ag labhairt trí Ghaoluinn. Uaireanta déanaim dearmad ar an bhfocal Béarla do rudaí áirithe agus mar sin mothaíonn sé níos nádúrtha dom an Ghaoluinn a labhairt. Mar aon leis sin, tá Béarla maith ag an gcuid is mó dos na feisirí anseo. Mar sin, cén fáth nach ndéanann muid dearmad ar na teangacha uilig agus déanadh muid gach uile rud trí Bhéarla?
Rugadh agus tógadh sa Ghaeltacht mé. Is gníomhaí teanga mé mo shaol ar fad. Ó toghadh mé mar Fheisire bhíos gníomhach ó thaobh an maolú ar stádas na Gaeilge san AE a chur ar ceal.
Tá roinnt mhaith oibre déanta agam ar an gceist seo agus tar éis na Nollag bhuail mé le duine atá i gceannas ar na seirbhísí ateangaireachta sa Pharlaimint chun an cheist a phlé. Le linn an chomhrá d´iarr mé air dá mba rud gur tháinig mé isteach anseo mar Fheisire Eorpach gan focal Béarla agam cad a tharlódh? Dúirt sé liom go mbeadh sé de dhualgas ar an bParlaimint teacht ar shocrú éigin. Is ag an bpointe sin a bheartaigh mé dul ar stailc teanga.
Le linn don Choiste Buiséid a bheith ar siúl (bhí Plean Junker á phlé againn) rinne mé iarracht labhairt trí Ghaoluinn. Bhí ionadh orm ar bhealach nuair a cuireadh stop liom de bharr go raibh mo chomhairleoir polaitíochta taobh liom agus bhí sí réidh leis an ateangaireacht a dhéanamh ar mo shon. Níor thugadh cead dúinn é sin a dhéanamh agus chun a bheith macánta, bhí mé ar buile faoi. Chuir mé iad ar an eolas roimh ré go raibh sé i gceist agam sin a dhéanamh. D´oibrigh sé go maith sna cruinnithe eile a bhí againn. Diúltaíodh mo cheart bunúsach mo theanga féin a úsáid, teanga le stádas oifigiúil, díreach cosúil leis na teangacha eile a bhí á labhairt sa choiste céanna. I mo thuairimse, léirigh sé an easpa measa is daonlathais i leith mo chearta cultúrtha.
Níl cinneadh déanta agam an gcuirfidh mé críoch leis an stailc láithreach. Bhí sé ráite agam go leanfadh mé leis go dtí deireadh Sheachtain na Gaeilge. Leanfaidh mé ar aghaidh ag úsáid mo chuid Gaoluinne.
D´oibrigh Bairbre De Brún, a bhí mar Fheisire roimh Martina Anderson, go dian chun stádas oifigiúil a fháil don Ghaoluinn, agus tá mé féin agus mo chomhghleacaithe i Sinn Féin Martina Anderson, Lynn Boylan agus Matt Carthy tiomanta leanúint ar aghaidh leis an obair sin ó thaobh feidhmiú na Gaoluinne laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha.
Chuir sé gliondar croí orm an méid tacaíochta a fuair mé le linn an fheachtais. Chuaigh Josep-Maria Terricabras, FPE de chuid Esquerra Republicana i dteagmháil liom chun a dhlúthpháirtíocht a léiriú. Léirigh Josep-Maria an tslí ina bhfuil muintir na Catalóine ag obair go dian chun aitheantas oifigiúil a bhaint amach don Chatalóinis leis na blianta fada. Mar sin, thuig sé go díreach an tionchar atá ag an idirdhealú teanga laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha. D´fhoilsigh Al Jazeera alt faoi chomh maith. Bhí aitheantas idirnáisiúnta ag an stailc agus is rud iontach é sin.
Dar ndóigh tá an chumhacht ag an rialtas an fhadhb seo a réiteach. Níl le déanamh acu ach iarraidh go foirmeálta ar Chomhairle na nAirí deireadh a chur leis an maolú sealadach, atá i bhfeidhm le 10 mbliana. Mura ndéantar anois é ní bheidh an deis ann arís go dtí 2020. Níl sé sin inghlactha i mo thuairimse. Caithfidh muid go léir brú a chur orthu an cinneadh ceart a dhéanamh.
Mar phointe scoir, ní cheapaim gur chóir dearmad a dhéanamh ar gach teanga agus úsáid a bhaint as an mBéarla amháin. Creidim go láidir go gcaithfear saibhreas is éagsúlacht theangacha na hEorpa a chaomhnú is a chur chun cinn. Is seoda luachmhara iad go léir. Treisíonn gach uile cheann acu ár bhféiniúlacht is ár gcultúr. ´Sé an rud atá uaim áfach ná comhionannas. Seans mo theanga dhúchais a labhairt díreach cosúil le gach duine eile.
Dáithí Mac Cárthaigh
Má theastaíonn ó éinne tacú leis an bhFeisire Ní Riada, tá achainí is féidir a shíniú ag:
https://www.change.org/p/taoiseach-enda-kenny-td-taoiseach-cuir-deireadh-le-maol%C3%BA-na-gaeilge-san-eorap
Is ceist í seo atá níos leithne ná aon pháirtí polaitiúil. Ní ceart leisce a bheith ar dhuine an achainí a shíniú má tá polaitíocht dhifriúil acu. Níl de pholaitíocht agam féin ach an Ghaeilge.
Fearn
Siosmaid! Níl cead cainte gan cead teanga.
john
England rules
padraig o donnchu
an maolu a bhaint den teanga ………ta aithne agam ar roinnt mhaith ar mhaith liom iad a mhaolu
Eoghan ONeill
An dóigh a bhfuil cursaí faoi láthair san AE tá géilleadh do Uebersprache amháin a chuireann le cumhacht lucht an Anglosphere. Tá Liada, agus í ag seasamh an fhóid ar son cead labhartha sa Ghaelig, ag cur an fócas ar thabhacht na dteangachaí uile atá againn san Eoraip. I mo thuairim fhéin b’fhiú stádas oifigiúil a thabhairt don Esperanto mar theanga neodrach éifeactúil a thabharfadh deis do dhaoine ó chulturtha difriúla cursaí a phlé gan umhlú teangan.
Maith thú Liada go maire tú an cead!
Mise Áine
@ Creidim go láidir go gcaithfear saibhreas is éagsúlacht theangacha na hEorpa a chaomhnú is a chur chun cinn. Is seoda luachmhara iad go léir. Treisíonn gach uile cheann acu ár bhféiniúlacht is ár gcultúr. ´Sé an rud atá uaim áfach ná comhionannas. Seans mo theanga dhúchais a labhairt díreach cosúil le gach duine eile.
Aontaím.
Donncha Ó hÉallaithe
B’fhéidir go bhfuilim ag fáil ciniciúl imo sheanaois, ach nílimse chomh tógtha sin le seasamh Liadha i bParlaimint na hEorpa ná éinne eile a bhíonns ag déanamh ‘gestures’ i leith na Gaeilge seachtain amháin den bhliain. Creidim go bhfuil Liadha chomh lán dáiríre faoin nGaeilge is atáim féin ach seo an cheist a bheadh agamsa do Liadha agus do Shinn Féin: cén fáth ar roghnaigh Sinn Féin iarrthóir do Pharlaimint na hEorpa le seasamh i nDáilcheantar ina bhfuil trí Chontae Gaeltachta, mura bhfuil ceithre cinn ann, nach bhfuil in ann comhrá a dhéanamh tré Ghaeilge; cén fáth ar roghnaigh Sinn Féin iarrthóir le seasamh do Thoghcheantar Chonamara sna toghcháin áitiúla anuraidh nach bhfuil in ann comhrá a dhéanamh sa Ghaeltacht anseo i dteanga na háite? B’fhearr liomsa da ndíreodh Sinn Féin ar an dá cheist sin seachas a bheith ag déanamh ‘gestures’ ar son na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.
Dáithí Mac Cárthaigh
Ba cheart cinnte Gaeilge a bheith ag Feisirí Eorpacha Chonnacht-Uladh (+Tuaisceart Laighean). Seo ceist do gach páirtí.
Is iontach feisire ar bith ó pháirtí ar bith atá sásta an próiséas seo a thabhairt i gcrích agus an Ghaeilge a bheith ina teanga oifigiúil den AE gan mhaolú.
Ba dheas tacaíocht ghníomhach ó fheisirí eile na hÉireann agus an Ghaeilge a léamh ó script acu más gá sa Pharlaimint.
Ní dlí idirnáisiúnta atá i ndlí an AE ach dlí náisiúnta a reachtaítear go comhoibríoch ar leithéid idirstáit. Is gá é a sholáthar i nGaeilge chomh maith céanna le dlíthe an Oireachtais má tá an teanga seo le teacht slán. Ní féidir seirbhísí stáit sa Ghaeltacht nó in áit ar bith eile a chur ar fáil as Gaeilge mura bhfuil an dlí agus na foirmeacha reachtúla ar fáil as Gaeilge.
Go deimhin, rachaidh dea-nósmhaireacht ilteangach an AE i bhfeidhm ar an Stát seo: billí ilteangacha os comhair na Parlaiminte, srl. Tá go leor oibre foclóireachta déanta cheana in Éirinn chun freagairt don stádas oifigiúil seo nach dtarlódh murach é.
Tá buiséad aistriúcháin agus ateangaireachta ag an AE agus íocann muintir na hÉireann as pé scéal é. Bainimís tairbhe iomlán as.
Dáithí Mac Cárthaigj
Recte:
leibhéal idir-stáit