Bús agus béadáin in aisce agus cliste ar chomhghuaillíocht Pitt agus Cotillard

Ní hí an áiféis an laige is tromchúisí in ‘Allied’ ach go mbaintear na boinn de charachtair a bhfuil téagar éigin iontu ag an tosach

Bús agus béadáin in aisce agus cliste ar chomhghuaillíocht Pitt agus Cotillard

Allied

Stiúrthóir: Robert Zemeckis

Cliar: Brad Pitt, Marion Cotillard, Lizzy Caplan, Jared Harris.

Imeachtaí eischuraclaim an Uasal Pitt ba chúis leis an mbús a bhí faoin scannán seo sular seoladh é (seachas fiúntas scannánaíochta an táirge). Thosaigh meáin na cúlchainte agus an bhéadáin ag rith le brothall nuair a tháinig sé chun solais tamall ó shin go raibh cliste ar phósadh ‘Brangelina’. Fad is a bhí a bpusanna sa mhias ag na giollaí tablóideacha gineadh na ráflaí gurbh í a cheann feadhna baineann is déanaí a mheall Pitt thar claí. Ní nach ionadh ní raibh dearmad déanta ag éinne gur eascair caidreamh ‘Brangelina’ as a gcomhghuaillíocht in Mrs & Mrs Smith (2005). Sin a raibh d’fhianaise acu, dealraíonn sé, agus ní raibh uathu ach gaoth an fhocail, ní foláir.

Dá mbeadh an scannán seo feicthe ní ba luaithe acu, ní leomhfaidís a scríobh go raibh caidreamh eatarthu óir nach bhfuil aon splanc eatarthu sa saothar uiscealach seo. Go deimhin is ar éigean go bhfuil splanc ar bith sa scannán ina iomláine. Ábhar díomá óir go bhfuil sé tagtha ó cheárta Zemeckis, giolla agus oidhre Spielberg.

Má tá muintir Mhic Gabhann le lua in aon chor mar shlat tomhais is é a déarfaí ná go bhfuil an dá shaothar chomh háiféiseach, leamh lena chéile. Ba mhinic sinn fágtha i dtaobh le scaimheanna an bheirt cheann feadhna ar feadh tréimhsí fada. B’in an dara cuid den scannán. Sa chéad chuid meabhraíodh Inglorious Basterds (2009) dom.

I radharc cuidsúlach ag tús an scannáin chonaiceamar Max Vatan (Pitt), ceannasaí sciatháin in aerfhórsa Cheanada, ag tuirlingt ar ghaineamhlach Mharacó. Ní fada nó gur cuireadh in iúl dúinn go raibh sé mar chúram air ambasadóir Naitsíoch in Casablanca a chur de dhroim seoil. Ba í Marianne Beauséjour (Cotillard), trodaí frithbheartaíochta de chuid na Fraince, a bhí ina leathbhádóir aige.

Deineadh an chuid seo den scannán a shamhlú go pointeáilte. Na cultacha taibhsiúla, tírdhreach coimhthíoch mar aon le mistéir agus diongbháilteacht an cheann feadhna baineann. Bhí a fhios ag madraí an bhaile go mbeadh an caidreamh rómánsúil an bóthar síos chugainn. Mar bhuille scoir leis an gcuid seo den scannán deineadh radharc aicsin snasta a sholáthar.

I bhfaiteadh súl bhíomar ar ais i Londain. An bheirt ar tí pósadh agus iad sona sásta. I bhfaiteadh eile súl bhí trí bliana gafa tharainn. Saol sócúil acu (in ainneoin go raibh an Blitz faoi lán seoil) agus iad gafa leis an gcailín óg atá acu.

Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí gur cuireadh i leith Marianne gur spiaire í.

Ní uisce fé thalamh a bhí againn ach tonn tuile fé thalamh.

Chaith Pitt an chuid eile den scannán agus scaimh air agus gan a fhios aige an ag teacht nó ag imeacht a bhí sé. Cé gur deineadh cúpla mír aicsin nótáilte eile a sholáthar (ionsaí Blitz agus comhrac beag sa Fhrainc), thosaigh rudaí ag imeacht chun leadráin. Bhíos ag fanacht go dtiocfadh casadh de shaghas éigin sa scéal le cuma agus dealramh a chur ar rudaí, ach b’fheitheamh fada ar chosa laga a bhí agam.

Níorbh í an áiféis an laige ba thromchúisí ach gur baineadh na boinn de charachtair a raibh téagar éigin iontu ag an tosach. Bhí sé deacair a shamhlú go mbéarfaí amuigh ar Mharianne chomh neafaiseach sin cúpla babhta, carachtar a bhí curtha inár láthair mar dhuine cumasach, críochnúil agus dúthrachtach ag an tús. 

Bús agus béadáin in aisce.

Fág freagra ar 'Bús agus béadáin in aisce agus cliste ar chomhghuaillíocht Pitt agus Cotillard'