Burton i mbaol agus gan an toghchán fiú tosaithe fós

Níl an toghchán fiú tosaithe go hoifigiúil fós – ach cheana féin tá scéalta á scaipeadh i bPáirtí an Lucht Oibre go bhfuiltear le dúshlán an cheannaire Joan Burton a thabhairt

14/12/2015. Tanaiste and Labour Party Minister for Social Protection Joan Burton speaking at the first ceremony today in Convention Centre Dublin. 4 Citizenship Ceremonies be held in the Convention Centre Dublin with some 3,350 candidates originating from over 120 countries to attend today in Convention Centre Dublin. Photo: RollingNews.ie
Joan Burton

Níl an toghchán thart – ná tosaithe go hoifigiúil fiú – ach cheana féin tá scéalta á scaipeadh i bPáirtí an Lucht Oibre go bhfuil dúshlán an cheannaire Joan Burton le tabhairt.

Ar a laghad i gcás Eamon Gilmore, d’fhan lucht na comhcheilge go dtí go raibh na toghcháin áitiúla thart agus an drochthoradh istigh, ach tá grúpaí beaga de theachtaí agus de sheanadóirí cheana féin i mbun tuairimíochta faoi cén rogha is cóir don pháirtí a dhéanamh i ndiaidh an toghcháin maidir lena gceannaire.

Tá baill an pháirtí ag maíomh don phobal go bhfuil muinín acu go dtiocfaidh vótaí ar ais chucu nuair a thabharfar faoin bhfeachtas toghcháin i gceart; ach níl mórán muiníne ag na teachtaí a bhfuil a gcuid suíochán i mbaol.

Tuigeann siad go bhfuil praghas le híoc as bheith istigh le Fine Gael, agus tá scata acu atá ag iarraidh achar maith a chur idir iad féin agus an Rialtas. Tá an dream seo ag rá nár cheart don pháirtí dul i mbun rialtais an athuair le Fine Gael mura mbeadh os cionn cúig shuíochán déag ar a laghad acu.

Tairseach chriticiúil é sin, dar leo, a chinnteodh go mbeadh tionchar ag an bpáirtí ar chúrsaí, cé go bhfuil lucht cáinte an pháirtí den tuairim gur beag tionchar a bhí acu ar Fhine Gael agus a dhá oiread sin suíochán faoi láthair acu.

I measc an dreama atá ag labhairt amach go poiblí tá Arthur Spring, Ciarraí; Ann Phelan, Ceatharlach-Cill Chainnigh; Willie Penrose, an Longfort agus an Iarmhí; Joe Costello, Baile Átha Cliath Lár; John Lyons, Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh; Derek Nolan, Gaillimh Thiar; agus Michael McNamara, an Clár.

Níl aon cheann dá suíocháin siúd slán, ach deir siad nár cheart dul i mbun comhrialtais an athuair – fiú má choinníonn siad a gcuid suíochán – gan cumhacht cheart a bheith ag an bpáirtí.

Tá an méid sin sách dona cheana féin, ar ndóigh, ach mar bharr ar an donas, táthar tosaithe anois ar Joan Burton féin a cháineadh, ag rá gur fhág sí ródhéanach é idirdhealú a dhéanamh idir an páirtí agus Fine Gael. Comhartha éadóchais atá sna hiarrachtaí atá ar bun anois ag Burton, í ag cur i gcéill, a deir siad, seachas ag léiriú gur páirtí neamhspleách é Páirtí an Lucht Oibre.

Tá an tAire Brendan Howlin féin anois ag cabhrú leis an bhfeachtas seo, cé go bhfuil ceangal níos láidre aige féin le Fine Gael ná mar atá ag duine ar bith eile sa bpáirtí, sa gcaoi gur deacair aon idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus an tAire Airgeadais, Michael Noonan.

Dhiúltaigh Howlin aon fhigiúr a lua leis an ‘tairseach chriticiúil’, agus bhí sé cúramach gan a thabhairt le fios go raibh sé in aghaidh dul i mbun rialtais le Fine Gael arís. Go deimhin, níl sé ach dhá lá ó shin ó bhí sé ag maíomh gurb ionann na tuairisceáin chánach is déanaí agus ‘cárta tuairisce’ (report card) an Rialtais don toghchán!

Níl Howlin ag labhairt go poiblí faoina mhianta féin, ach is léir go bhfuil sé ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil sé ag taobhú leo siúd atá faiteach faoi dhul isteach le Fine Gael sa gcás go gcaillfeadh an páirtí an oiread vótaí is atá á thuar. Tá sé ag tabhairt le fios freisin go mbeadh sé sásta scaradh le Fine Gael dá mba ghá.

Toisc é a bheith ag obair chomh dlúth sin le Michael Noonan, áfach, tá sé deacair do Howlin a chur ina luí ar dhaoine gurb é neamhspleáchas Pháirtí an Lucht Oibre an chloch is mó ar a phaidrín. Agus tá daoine eile á lua leis an gceannaireacht freisin – Alan Kelly go príomha, ach Alex White leis, dá bhféadfadh sé a shuíochán a choinneáil.

Ach sin bun agus barr an scéil. Níl suíochán cinnte ag aon duine acu siúd atá á lua le post Burton, seachas, b’fhéidir, Howlin.

Tá Burton ag iarraidh an chaint mhíshuaimhneach seo a chiúnú, ag rá leis na meáin nach bhfuil sí buartha go dtabharfadh éinne a dúshlán i ndiaidh an toghcháin.

Caithfidh an Tánaiste a suíochán féin a bhuachan ar dtús, gan amhras, agus, más fíor do na figiúirí áitiúla, níl aon chinnteacht ann go ndéanfaidh sí amhlaidh.

Is follasaí ná riamh go dtabharfar dúshlán Burton i ndiaidh an toghcháin agus is léir go mbeidh Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh bóthar nua a thabhairt orthu féin i ndiaidh na tubaiste a mheastar atá i ndán dóibh.