Bunús réitigh i Stormont ach imní fós gur ceist dhofhuascailte í ceist na Gaeilge

Ba chosúil aréir go raibh Sinn Féin sásta go raibh dóthain comhairliúcháin déanta acu lena mbaill féin chun socrú maidir le hathbhunú Stormont a dhíol leo. Níor léir áfach go raibh an obair sin déanta ag an DUP

Bunús réitigh i Stormont ach imní fós gur ceist dhofhuascailte í ceist na Gaeilge

“Baineann sé le comhréiteach a chinnteoidh meas ar gach teanga agus gach cultúr i dTuaisceart Éireann agus a chinnteoidh nach mbeidh tosaíocht nó forlámhas ag ceann amháin.”

Arlene Foster, ceannaire an DUP, a dúirt tráthnóna inné i Stormont tar éis chuairt Phríomh-Aire na Breataine Theresa May agus an Taoisigh Leo Varadkar. Níor bhuail an DUP leis an Taoiseach agus choinnigh siad ó dhoras é mar a dhéanann siad go minic leis an Tánaiste Simon Coveney. Maíonn siad nach bhfuil ról ag an rialtas i mBaile Átha Cliath i ngnóthaí inmheánacha ó thuaidh. Dúirt Foster freisin go raibh dul chun cinn déanta sna cainteanna idir an DUP agus Sinn Féin ach go raibh gá lena thuilleadh oibre agus go gcaithfeadh socrú ar bith a bheith inmharthana.

Bhain dóchas le cuairt May agus Varadkar ach chothaigh seasamh an DUP imní arís. Ceapadh is iad ag teacht go bhfuasclófaí an tsáinn i Stormont taobh istigh de lá nó dhó. Faoi thráthnóna bhíothas éiginnte faoin DUP, cé go ndúirt an Príomh-Aire agus an Taoiseach go raibh margadh indéanta ach iarracht mhór eile a dhéanamh. Bhí ceannaire nua Shinn Féin, Mary Lou McDonald ar a sáimhín só, í cinnte go ndéanfaí margadh gan mhoill ‘ach an toil pholaitiúil a bheith ann’. Toil an DUP a bhí i gceist.

Cé go raibh lucht éilimh an achta Ghaeilge ag tabhairt foláirimh nach sásódh aon bheart ach acht don Ghaeilge amháin, ba chosúil aréir go raibh Sinn Féin sásta go raibh dóthain comhairliúcháin déanta acu lena mbaill féin chun socrú a dhíol leo. Níor léir áfach go raibh an obair sin déanta ag an DUP.

Maidin inné bhuail Arlene Foster agus lucht idirbheartaíochta an DUP le coiste stiúrtha an pháirtí agus le hionadaithe. Faoin am sin bhí roinnt guagachta i measc aontachtaithe i ngeall ar ráflaí go mbeadh Acht Gaeilge lárnach sa mhargadh chun feidhmeannas Stormont a athbhunú. Bhí baill den UUP, den TUV agus dílseoirí ar nós an bhlagálaí Jamie Bryson ag fógairt nach gcuirfeadh an pobal aontachtach suas le reachtaíocht don Ghaeilge, dubh, bán nó riabhach. Dúradh chomh maith gur chaith teachtaí tionóil de chuid an DUP uaireanta an chloig ag glaoch ar a lucht tacaíochta san oíche Dé Domhnaigh ag geallúint dóibh nach mbeadh Acht Gaeilge neamhspleách i measc na dtéarmaí réitigh.

Níor cheart go dtiocfadh naimhdeas aontachtach do chearta Gaeilge aniar aduaidh ar cheannaireacht an DUP. Ba í Arlene Foster a d’fhógair nach nglacfadh sí le hacht go deo. Bhí diúltú don acht ina ‘líne dhearg’ aicise díreach mar a bhí a n-éileamh ar acht ina ‘líne dhearg’ ag Sinn Féin. Le déanaí dúirt iarchomhairleoir sinsearach de chuid an DUP i Stormont nach mbeadh aon duine, fiú an tUrramach Ian Paisley féin, in ann acht Gaeilge a dhíol leis an gcosmhuintir. Deir Jim Allister, TUV, arís agus arís eile gur ‘díBhreatainiú Thuaisceart Éireann” an toradh a bheadh ar acht Gaeilge.

I bhfianaise an naimhdis sin, an ndearna Foster botún nuair a choinnigh sí sonraí an phlé le Sinn Féin ina rún? Ní foláir nó go raibh a fhios aici go mbeadh sé deacair a áiteamh ar roinnt sa pháirtí glacadh le comhghéilleadh le Sinn Féin. Ní foláir nó go raibh a fhios aici chomh maith go gcuirfeadh aontachtaithe eile brú ar an DUP – go gcuirfí feall agus cúl le cine ina leith. Is aisteach mar sin nár ullmhaigh sí iad. Mhaígh roinnt sa pháirtí nach raibh an dara rogha ag an gceannaireacht plé a choinneáil faoi rún go dtí an nóiméad deiridh. An t-aon seans a bhí aici le tacaíocht a fháil ná fait accompli a chur faoi bhráid a comhghleacaithe, a dúradar.

Más fíor go bhfuil an brú ar Arlene Foster chomh dian is a tugadh le fios tráthnóna inné bheadh impleachtaí ann dá seasamh mar cheannaire an DUP. Murar féidir léi margadh a dhéanamh chun Stormont a athbhunú ní bheidh post aici, go bunúsach. Ní bheadh leisce ar an bpáirtí a ruaig a bhunaitheoir Ian Paisley bata agus bóthar a thabhairt do bhean a d’imir ról lárnach i dtitim Stormont.

Ar an lámh eile, b’fhéidir gur seift de chuid Foster agus a lucht tacaíochta í an chaint faoin dréachtmhargadh a bheith doghlactha ag na fíréin. Iarracht, seans, chun milliméadar eile a shracadh as Sinn Féin. Ba bheag cosúlacht a bhí ar chúrsaí go raibh fonn ar Shinn Féin é sin a dhéanamh.

Ar ndóigh, tá cruacheisteanna eile san áireamh sna cainteanna réitigh – oidhreacht na dTrioblóidí, maoiniú d’ionchoisní, an pósadh comhghnéis. Sin, gan trácht ar na fadhbanna a bhaineann leis an mBreatimeacht. Ach ba í an Ghaeilge an chnámh spairne ba mhó a tharraing aird ar na meáin chumarsáide, ar na meáin shóisialta agus i measc na bpolaiteoirí. Ionsaí cultúrtha, dar le haontachtaithe, cearta do shaoránaigh, arsa gach dream eile. Tá an chosúlacht ar an scéal go mbeadh gach taobh míshásta le comhghéilleadh.

Fág freagra ar 'Bunús réitigh i Stormont ach imní fós gur ceist dhofhuascailte í ceist na Gaeilge'