‘Buntús cainte’ nua ag teastáil le cabhrú le daoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim – Gael Linn

Deir Gael Linn in aighneacht atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin Um Thodhchaí na Meán acu go bhfuil géarghá le mórthionscnamh nua foghlama Gaeilge do dhaoine fásta 

‘Buntús cainte’ nua ag teastáil le cabhrú le daoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim – Gael Linn

Deir Gael Linn in aighneacht atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin Um Thodhchaí na Meán acu go bhfuil géarghá le mórthionscnamh nua foghlama Gaeilge do dhaoine fásta. 

Ba chóir don Stát tús a chur le feachtas náisiúnta foghlama Gaeilge, a deir Gael Linn. 

Deir Gael Linn in aighneacht atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin Um Thodhchaí na Meán acu go bhfuil géarghá lena leithéid de mhórthionscnamh nua foghlama do dhaoine fásta agus go mbeadh an-éileamh ar a leithéid. 

Deirtear gur “beag ar fad aird ná acmhainní” a dhírítear ar riachtanais daoine fásta ar mhaith leo an teanga a athfhoghlaim nó í a fhoghlaim den chéad uair. 

“Is lú fós a dhíríonn an státchóras ar mhealladh daoine fásta chun tabhairt faoina gcuid Gaeilge a fheabhsú,” a deirtear. 

Ba cheart, a deir siad, go mbeadh na meáin chraolta lárnach sa tionscnamh.

“Togra ar mhórscála atá ag teastáil, é bunaithe ar bhonn comhordaithe, il-ardáin, tras-earnála, le páirtíocht na ngeallsealbhóirí leasmhara oideachais, cultúrtha agus poiblí. 

“Bheadh tábhacht ar leith le brandáil mhealltach fheiceálach ar an togra,” a deirtear in aighneacht Gael Linn. 

Iarrtar ar an gCoimisiún an togra a mholadh go sonrach sa tuarascáil atá le hullmhú acu faoina bhfuil i ndán do na meáin. 

Deir Gael Linn go mbeadh an feachtas foghlama Gaeilge cosúil le SpeakGaelic, mórthionscnamh foghlama teanga atá le seoladh in Albain Meán Fómhair seo chugainn. 

Beidh suíomh idirlín ar leith ag SpeakGaelic agus beidh an tionscnamh á chur chun cinn ag BBC Alba ar na hardáin go léir atá aige.

Deirtear in aighneacht Gael Linn go bhfuiltear ag súil go ndearbhóidh an Coimisiún go dtéann cur chun cinn na Gaeilge go smior sa gcraoltóireacht phoiblí agus gur gá acmhainní dóthanacha a chinntiú chuige sin. 

“Dá réir sin, glacann Gael Linn leis go ndíreoidh moltaí an Choimisiúin aird go sonrach ar stádas agus ar chur chun cinn na Gaeilge sna meáin agus ar an bhfreastal is gá do na meáin a dhéanamh ar lucht labhartha agus ar fhoghlaimeoirí na teanga,” a deirtear.

Deirtear san aighneacht nár craoladh ach cúig thogra foghlama ó cuireadh tús leis an gcraoltóireacht – Labhair Gaeilge Linn (1967), Buntús Cainte (1967), Anois is Arís (1981), Now You’re Talking (1995) agus Turas Teanga (2004). 

“Ba mhaith ann iad seo lena linn agus is léiriú ar an spéis atá ag daoine i bhfoghlaim na Gaeilge go mbíonn éileamh seasta ar Buntús Cainte go fóill. 

“Ní mór a aithint, áfach, go bhfuil na seanchúrsaí as dáta agus go bhfuil géarghá anois le tionscnamh úr nuálach, il-ardán a mheallfadh agus a spreagfadh daoine fásta na linne seo.”

Fág freagra ar '‘Buntús cainte’ nua ag teastáil le cabhrú le daoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim – Gael Linn'

  • Seanán Ó Coistín

    A leithéid d’abairt – “Togra ar mhórscála atá ag teastáil, é bunaithe ar bhonn comhordaithe, il-ardáin, tras-earnála, le páirtíocht na ngeallsealbhóirí leasmhara oideachais, cultúrtha agus poiblí. ”
    Cad faoi seo a leanas? “Is éard atá ag teastáil ná togra mór le fáil ar ardáin éagsúla agus é comhordaithe chun go mbeadh sé in oiriúint d’earnálacha éagsúla. Mar aon le sin, ba cheart go mbeadh daoine agus eagraíochtaí a bhaineann le hoideachas, le cultúr, agus leis an stát i bpáirt ann. ”

  • Antóin

    Ah! Gaeilge intuigthe. Buíochas mór le Dia go bhfuil leithéidí Seanán ar an tsaol.