Buntraenáil maidir le rialacha Covid-19 le déanamh arís ag baill foirne de chuid RTÉ

Fuarthas in athbhreithniú a rinne RTÉ faoi ócáid shóisialta chonspóideach gur sáraíodh cúig chuid de na rialacha maidir le Covid-19

Buntraenáil maidir le rialacha Covid-19 le déanamh arís ag baill foirne de chuid RTÉ

Bhí cúig shárú ar na treoracha Covid-19 ag baint leis an ócáid chonspóideach a eagraíodh in RTÉ an mhí seo caite chun slán a fhágáil ag ball foirne a bhí ag dul ar scor.

Fuarthas san Athbhreithniú Sláinte agus Sábháilteachta a rinne RTÉ féin i ndiaidh na heachtra go raibh trí shárú ar an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí i gceist chomh maith le sárú amháin ar na srianta Leibhéal 5 agus sárú amháin ar phrótacail Covid-19 RTÉ féin.
Tá an eachtra á fiosrú chomh maith ag na Gardaí, rud a fhágann nár cuireadh san áireamh san athbhreithniú na ceisteanna faoi eagrú na hócáide a tharla ar champas RTÉ i nDomhnach Broc ar an 12 Samhain. Foilsíodh i ndiaidh na hócáide pictiúir de chraoltóirí aitheanta agus fostaithe eile de chuid an stáisiúin agus gan aon aird acu ar an scaradh sóisialta.

Deimhníodh in athbhreithniú RTÉ nár chloígh daoine áirithe leis an scoitheadh sóisialta le linn na hócáide agus nach raibh mascanna á gcaitheamh ag daoine áirithe.

Sáraíodh chomh maith an treoir gur cheart áiteanna plódaithe a sheachaint.

Níor chóir ach oiread do RTÉ aon ócáid a eagrú taobh istigh nach bhfuil mar chuid de sheirbhís riachtanach. Sáraíodh freisin rialacha Covid-19 RTÉ féin maidir le cuairteoirí.

I ríomhphost a sheol sí chuig fostaithe RTÉ inniu, dúirt ceannasaí an stáisiúin Dee Forbes go raibh “an-bhrón” uirthi faoin scéal.

“Níor cheart go dtarlódh na sáruithe seo agus, mar Ard-Stiúrthóir, tá an-bhrón orm gur tharla,” a dúirt sí.

Dúirt Forbes go raibh díomá go háirithe uirthi mar nárbh aon léiriú na sáruithe seo ar an “díograis”  a léiríonn foireann RTÉ i leith na rialacha Covid-19 de ghnáth.

Dúirt sí go raibh RTÉ “an-ghníomhach” ó thús na paindéime maidir le tús áite a thabhairt do shláinte na foirne agus daoine eile a bhíonn ag obair ar chláracha an stáisiúin.

“Mar sin féin, níor éirigh linn sa chás seo cloí leis na hardchaighdeáin a mbímid ag súil leo uainn féin,” arsa Dee Forbes.

Leagtar síos cúig mholadh san athbhreithniú inmheánach de chuid RTÉ.

  1. Go gcaithfidh gach duine a bhí i láthair ag an ócáid buntraenáil Covid-19 RTÉ a dhéanamh arís.
  2. Go gcuirfí plean cumarsáide i bhfeidhm chun aird a tharraingt athuair ar na prótacail.
  3. Go bpléifí na ceachtanna a bhain leis an eachra leo siúd atá ag plé leis na prótacail Covid-19
  4. Go ndéanfaí athbhreithniú maidir leis na rialacha faoi chuairteoirí chuig RTÉ.
  5. Go ndéanfaí athbhreithniú leanúnach ar na prótacail féin.

Tá sé i gceist na moltaí go léir a chur i bhfeidhm, a dúirt Dee Forbes.

“Tá sé riachtanach go bhfoghlaimeodh muid ar fad uaidh seo agus nach mbíonn aon duine againn réchúiseach faoi na contúirtí a bhaineann le Covid-19,” arsa Ard-Stiúrthóir RTÉ.

Deirtear san athbhreithniú gur mhair an ócáid san áras teilifíse féin 20 nóiméad, idir 2pm agus 2.20pm agus gur chuir sí go mór le líon na ndaoine a bhí i bhfáiltiú an árais tráth a raibh roinnt cuairteoirí ag teacht isteach agus daoine ag teacht agus ag imeacht i gcomhar lóin.

Idir 15 agus 40 duine a bhí sa bhfáiltiú le linn na hócáide.

Bhí líon beag daoine nach raibh ar an bhfoireann i láthair, a deirtear, rud nach bhfuil ceadaithe ach i gcás daoine a bhfuil baint acu le seirbhís riachtanach a chur ar fáil.

Ní raibh aon fhianaise ach oiread ann gur líon aon duine an ceistneoir Covid-19 do chuairteoirí isteach.

Nuair a tosaíodh ar phictiúir a ghlacadh ní raibh an áit sábháilte ó thaobh Covid-19 agus rinneadh neamhaird den chomhairle faoin tsláinte phoiblí, a deirtear san athbhreithniú.

Bhí conspóid mhór ann an mhí seo caite nuair a foilsíodh sna meáin na pictiúir ón ócáid, pictiúir a raibh cuid de réalta móra RTÉ amhail David McCullough, Miriam O’Callaghan, Bryan Dobson agus Bláthnaid Ní Chofaigh le feiceáil iontu.

Deirtear san athbhreithniú go bhfuil ról ar leith ag bainisteoirí i gcur i bhfeidhm na rialacha Covid-19 agus go mbeidh ar bhainisteoirí uile an chraoltóra seisiún traenála athnuachana a dhéanamh faoi na rialacha sin.

 

Fág freagra ar 'Buntraenáil maidir le rialacha Covid-19 le déanamh arís ag baill foirne de chuid RTÉ'