In áit a bheith ag cur díolúintí chun cinn, ba chóir a bheith ag míniú do dhaltaí, do thuismitheoirí agus don phobal an tábhacht agus na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge, a deirtear in aighneacht atá curtha faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge.
Deir údar na haighneachta, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, go mbreathnaítear ar dhíolúine ó staidéar ar an nGaeilge “mar bhealach chun éalú ó rud atá dúshlánach seachas mar bhealach le tacú le daltaí a bhfuil riachtanas ar leith acu”.
Deir sé go séanann an córas díolúine mar atá sé “buntáistí an dátheangachais ar pháistí” agus go gcuireann sé “strus” ar pháistí a cheapann nach féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim.
Agus é os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inné, dúirt an tOllamh Ó Duibhir, Leas-Déan, Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, nár chóir díolúine ón nGaeilge a bhronnadh ‘ach i gcásanna annamha agus eisceachtúla’, i gcás 2-3% de dhaltaí.
Rinne an tOllamh Ó Duibhir achainí ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge iarraidh ar an Roinn Oideachais deireadh a chur leis an gcóras díolúine nua a tugadh isteach Meán Fómhair seo caite.
Faoin gcóras nua a tháinig i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana, mí Mheán Fómhair seo caite, cuireadh mar chúram ar phríomhoidí na n-iarbhunscoileanna díolúintí ón nGaeilge a cheadú i gcás deacrachtaí foghlama a bheith ag daltaí. Go dtí sin ba ghá teastas a fháil ó shíceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.
Fágann an córas nua freisin go bhfuil cead ag aon dalta díolúine a fháil ón nGaeilge sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun acu ar thriail scoite i léamh focal, i léamhthuiscint nó i litriú.
I 1999 bhí díolúine ó staidéar na Gaeilge ag 2.5% de dhaltaí iar-bhunscoile, ach bíonn a leithéid ag os cionn 10% díobh le roinnt blianta anuas.
De réir na bhfigiúirí is déanaí, a foilsíodh ar Tuairisc.ie, tháinig ardú 11% ar líon na ndaoine a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu ó tugadh isteach an córas nua, córas a dúirt an Roinn Oideachais a dhéanfadh rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine.
Tháinig ardú 43% ar líon na ndaltaí iarbhunscoile a fuair díolúine de bharr míchumas foghlama le cúig bliana anuas.
Molann Ó Duibhir don choiste Oireachtais chomh maith gur chóir tabhairt ar an Roinn Oideachais teacht ar bhealaí a laghdódh strus sa seomra ranga Gaeilge in áit díolúine “a bhronnadh mar réiteach ar an strus”.
“Léiríonn an fás 43% ó 2016 go bhfuil an córas as smacht agus nach bhfuil díolúintí á mbronnadh i gcásanna annamha agus eisceachtúla amháin mar a gheall an tAire Oideachais ag an am.”
Ba chóir don Roinn freisin tábhacht na Gaeilge “mar chuid d’fhorbairt chognaíoch, d’fheasacht teanga, oideachas saoránachta agus oideachas cultúrtha na bpáistí” a mhíniú do thuismitheoirí agus labhairt leo faoi “na deiseanna gairme a cheilfear ar pháistí nach ndéanann staidéar ar an teanga”.
Deir Ó Duibhir go bhfuil córas na ndíolúintí ag teacht salach ar ráitis agus pleananna na Roinne féin ar chleachtas ionchuimsitheach an oideachais.
Molann Ó Duibhir “go gceisteofaí an bunús le díolúintí ó staidéar na Gaeilge” agus go dtabharfadh an Roinn aird “ar an litríocht idirnáisiúnta agus ar a cuid ráiteas féin i dtaobh chleachtas ionchuimsitheach oideachais”.
Maíonn Ó Duibhir gurb é an toradh atá ar an gcóras nua a tháinig i bhfeidhm Meán Fómhair seo caite go mbíonn “eolas míchruinn” á scaipeadh ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí sa tslí go gceapann siad nach bhfuil ar chumas páiste faoin 10ú peircintíl Gaeilge a fhoghlaim.
Deir sé chomh maith go gceileann an córas deiseanna imeasctha ar imircigh chun na tíre a fhaigheann díolúine ón nGaeilge.
“D’fhéadfaí cás a dhéanamh ar son díolúine i gcás páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá casta, ar nós míchumas foghlama ginearálta trom, roinnt páistí a bhfuil míchumas foghlama ginearálta meánach acu, agus páistí a bhfuil neamhord trom urlabhra agus teanga acu.
“Cé is moite de na cásanna annamha agus eisceachtúla seo, a mbeadh idir 2% agus 3% den phobal scoile ar a mhéad i gceist leo, níl aon fhianaise nó bunús ann sa taighde náisiúnta nó idirnáisiúnta a thacódh le díolúine ó staidéar ar an nGaeilge,” a deir Pádraig Ó Duibhir.
Ba léir, a deir sé, nach raibh córas na ndíolúintí mar a bhí sé á chur i bhfeidhm go sásúil.
“Ach in áit an cheist a chur faoin mbunús a bhí le díolúintí sa lá atá inniu ann, thug siad faoi chóras lochtach a dheisiú.”
Deir Ó Duibhir go léiríonn líon na ndaltaí a mbíonn díolúine acu ó staidéar ar an nGaeilge ach a dhéanann staidéar ar theangacha eile “nach bhfuil a leithéid de rud ann agus sain-mhíchumas foghlama teanga”.
“Tá riachtanais speisialta oideachais, ar nós disléicse, diospraicse agus speictream an uathachais ag 9.4% de dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus dul chun cinn maith a dhéanamh acu.
“Toisc go bhfuil a leithéid de rud ann agus díolúine, tugann sé an teachtaireacht d’fhoghlaimeoirí go bhfuil foghlaim na Gaeilge deacair agus go bhfuil daoine áirithe ann nach féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim.”
Deir Pádraig Ó Duibhir go bhfuil sé “an-bhuartha” faoi na critéir don díolúine atá i bhfeidhm faoin gcóras nua.
“Ní theastaíonn ach scór ar an 10ú peircintíl nó faoina bhun ar thriail litrithe nó léamh focal nó tuiscint na léitheoireacht. Níl sé seo cuimsitheach go leor.
“Tugann an critéar den 10ú peircintíl le fios gur cinneadh eolaíoch é seo. Níor aontaigh an Dyslexia Association of Ireland (DAI) leis seo ina n-aighneacht ach oiread…”
Fág freagra ar '‘Buntáistí an dátheangachais’ á séanadh ar pháistí de bharr chóras na díolúine Gaeilge'