Buntáiste an baile agus na matamatice ag na Muimhnigh

Le cur leis an teannas, tá dhá chomórtas ag tarlú taobh istigh den Pro 12 an Satharn seo, ceann ag barr an tábla agus ceann eile ina bhfuil Cúige Chonnacht sáite ann

Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan
Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan

Cé go bhfuil babhta 22 agus na cluichí deiridh do réamhbhabhtaí chomórtas an Pro 12 don séasúr ar siúl an Satharn seo, is mó gá atá le céim i Matamaitic ná tuiscint ar chúrsaí rugbaí chun an t-alt seo a chur i dtoll a chéile.

Le cur leis an teannas, tá dhá chomórtas ag tarlú taobh istigh den Pro 12 an Satharn seo. Sa gcéad chás, tá comórtas idir na ceithre fhoireann atá ar bharr an tábla, Ospreys atá sa gcéad áit, Glaschú sa dara háit, Cúige Mumhan sa tríú háit agus na trí fhoireann sin ar 70 pointe an ceann agus Cúige Uladh atá sa gceathrú háit le 69 pointe.

Pé foirne a bheas sa gcéad agus sa dara háit ag deireadh chluichí an tSathairn seo atá á n-imirt ag a trí a chlog, beidh sé de bhuntáiste acu imirt sa mbaile sna cluichí leathcheannais.

Seans gur ag na Muimhnigh atá an cluiche is éasca, iad i gcoinne na nDragons ón mBreatain Bheag, foireann atá as an áireamh i mbliana. Fágann sin deis iontach ag na Muimhnigh dul ar thóir slám mór úd chun a chinntiú go mbeidh siad i dteideal cluiche baile sna cluichí leathcheannais. 

Seans gur ag na hUltaigh atá an dúshlán is mó den cheithre fhoireann ar bharr an tábla. Beidh siad ag imirt as baile, i nGlascú, i gcoinne foireann atá pointe agus áit amháin chun cinn orthu ar an tábla. Ba cheart go mbeadh sáriomaíocht idir na foirne seo, mar sin féin is deacair bua le pointe bónais a fheiceáil do cheachtar acu agus seans gur buntáiste é seo do na Muimhnigh agus Ospreys.

Thiar ar an mBóthar Beag a bheidh na hOspreys agus iad sin ar thóir neart úd i gcoinne Chúige Chonnacht. Má éiríonn leis na Breathnaigh an lámh in uachtar a fháil i nGaillimh, beidh cluiche baile acu sa mbabhta leathcheannais.

Luaigh mé go raibh dhá chomórtas in aon cheann amháin againn an deireadh seachtaine seo. Baineann an dara ceann acu siúd le Cúige Chonnacht, foireann atá ag iarraidh fanacht sa seachtú háit ar an tábla lena chinntiú go mbeidh siad san iomaíocht do na cluichí cáilithe idir na foirne atá sa seachtú háit sa bPro 12, an Premiership agus an Top 14, leis an spás deiridh a aimsiú i gcomórtas Chorn na gCuradh an chéad seasúr eile.

Seo mar atá sé: má chaileann Cúige Chonnacht agus má bhíonn an lámh in uachtar ag Dún Éideann ar na Laighnigh i nDún Éideann, is iad sin a bheas ag imirt i gcluiche cáilithe chomórtas na gCuradh.

Dúirt mé nach raibh tada simplí maidir le cluichí na deireadh seachtaine seo. Mar sin féin, seans maith go mbeidh an bua ag na Muimhnigh agus ag na hOspreys le scór ard, ach faraor, is deacair a thuar cé leis a mbeidh an lá i nGlaschú. Sa gcás go n-éiríonn le Cúige Chonnacht i gcoinne na nOspreys, beidh siad ag súil go ndéanfaidh Cúige Laighean gar dóibh in Albain.

An bhfuil sé sin sách casta duit?