Buntáiste ag an leanbh ‘dátheangach’ fiú sula mbíonn aon chaint aige

Léiríonn taighde nua go mbíonn dea-thionchar ag an dátheangachas ar leanbh fiú sula mbíonn a chéad fhocal ráite aige. Tá cruthaithe cheana féin i staidéir eile go mbaineann buntáistí leis an dátheangachas do dhaoine fásta agus gasúir óga.

Baby

Maítear sa staidéar nua a rinneadh in Ollscoil Washington gur léir na buntáistí céanna i leanaí ag aois 11 mí, díreach sula dtosaíonn siad ag caint.

“Léirítear inár gcuid torthaí go mbíonn cleachtadh ag leanaí a thógtar i dteaghlaigh dhátheangacha ar thascanna a bhaineann leis an bhfeidhmiú cognaíoch fiú sula mbíonn an chaint acu.

“Tugann an méid sin le tuiscint go mbaineann buntáistí an dátheangachais ní hamháin le forbairt teanga, ach le forbairt cognaíochta ar bhonn níos ginearálta freisin,” a dúirt Naja Ferjan Ramírez, eolaí taighde ag I-LABS (Institute for Learning and Brain Sciences in Ollscoil Washington).

De réir na fianaise sa staidéar nua, is fearr a fhoghlaimíonn leanaí ó theaghlaigh dhátheangacha na fuaimeanna a bhíonn i dteangacha nua ná mar a fhoghlaimíonn leanaí aonteangacha.

D’úsáid lucht an taighde MEG, córas a dhéanann tomhas ar na hathruithe maighnéadacha a eascraíonn ó chealla néaróg.

Is féidir an áit san inchinn a dtarlaíonn an ghníomhaíocht a aimsiú go beacht le MEG agus is féidir teacht ar an am ar tharla an ghníomhaíocht sin freisin. Ba í seo an chéad uair a úsáideadh an teicneolaíocht MEG le hanailís a dhéanamh ar an bhfreagra a thabharfadh an inchinn ar fhuaimeanna cainte i leanaí.

“Ag 11 mí d’aois, tagann cúngú ar chumas na leanaí fuaimeanna aonteangacha a aireachtáil – ní dhéanann siad idirdhealú níos mó idir teangacha iasachta mar a dhéanaidís ag sé mhí d’aois.

“Ach is cosúil go maireann an tuiscint a bhíonn ag leanaí a tógadh le dhá theanga ar na fuaimeanna nua sin níos faide ná mar a mhaireann an tuiscint ag a gcomhaoisigh aonteangacha. Léiríonn sé sin go bhfuil a n-inchinn in ann í féin a chur in oiriúint do rudaí nua, rud atá go maith,” a dúirt comhstiúrthóir I-LABS, Patricia Kuhl.

Ghlac 16 leanbh páirt sa staidéar – ochtar ó theaghlaigh aonteangacha Bhéarla agus ochtar ó theaghlaigh dhátheangacha Bhéarla-Spáinnise, agus bhí meascán maith ann ó thaobh na déimeagrafaíochta de.

D’éist na leanaí le fuaimeanna cainte ar feadh 18 nóiméad, fuaimeanna a bhain go sonrach leis an mBéarla nó leis an Spáinnis, agus fuaimeanna eile a bhain leis an dá theanga. Rinne lucht an taighde monatóireacht ar fhreagra na hinchinne trí chlogad MEG.

Fuarthas amach freisin sa staidéar go mbíonn an aireachtáil chéanna ag leanaí dátheangacha  d’fhuaimeanna an Bhéarla is a bhíonn ag leanaí aonteangacha, a thugann le fios go bhfoghlaimíonn siad an Béarla chomh sciobtha céanna lena chéile.

“Foghlaimíonn an leanbh 11 mí d’aois cibé cén teanga nó teangacha atá ina thimpeall agus ní chuireann foghlaim teanga amháin isteach ar fhoghlaim teanga eile.

“Tacaíonn ár gcuid oibre leis an tuairim go bhfuil leanaí an-óg in ann go leor teangacha éagsúla a fhoghlaim, agus ní hamháin sin ach, gurb é an t-am is fearr leis na teangacha sin a fhoghlaim ná nuair a bhíonn an leanbh fíor-óg,” a dúirt Ferjan Ramírez ón Institute for Learning and Brain Sciences in Ollscoil Washington.

Fág freagra ar 'Buntáiste ag an leanbh ‘dátheangach’ fiú sula mbíonn aon chaint aige'