Bunscoil dúnta ar fad den chéad uair de bharr an Covid-19

Tá féinleithlisiú á dhéanamh ag 100 mac léinn in árais chónaithe Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste

Bunscoil dúnta ar fad den chéad uair de bharr an Covid-19

Tá bunscoil dúnta ar fad den chéad uair sa Tuaisceart de bharr an Covid-19. I mBeannchar i gcontae an Dúin a dúnadh an scoil, Bunscoil Naomh Comgall.

Dhá chás den víreas a deimhníodh sa scoil a bheidh dúnta ar feadh coicíse.

Cé gur cuireadh daltaí abhaile ó scoileanna roimhe seo de dheasca ráigeanna den choróinvíreas agus gur dúnadh scoileanna ar feadh tamaill ghairide chun domhainghlanadh a dhéanamh orthu, seo an chéad uair gur dúnadh scoil iomlán mar seo.

Iarradh ar dhaltaí dhá rang sa scoil i mBeannchar féinleithlisiú a dhéanamh.

Osclóidh an scoil athuair ar an 12 Deireadh Fómhair.

Dúirt Aire Sláinte an Tuaiscirt Peter Weir nach raibh faoi aon ráiteas a dhéanamh faoi aon scoil ar leith.

Tuairiscíodh níos luaithe inniu go raibh féinleithlisiú á dhéanamh ag 100 mac léinn in árais chónaithe Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Bhí toradh dearfach ar an tástáil don Covid-19 a cuireadh ar 30 duine san ollscoil.

220 cás nua den ghalar a deimhníodh sa Tuaisceart le lá anuas.

Idir an dá linn, fógraíodh inniu go bhfuil deireadh á chur ag Bus Éireann lena seirbhísí bus idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Baile Átha Cliath agus Luimneach agus Baile Átha Cliath.

Dúirt urlabhraí ón gcomhlacht gur dócha go gcuirfear deireadh leis na seirbhísí luath an bhliain seo chugainn. Tá seirbhís Bus Éireann idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste le cur ar fionraí i gceann cúpla mí.

Na dúshláin a bhain leis an bpaindéim agus easpa maoiniú éigeandála ba chúis leis an gcinneadh, a dúradh.

De réir na bhfigiúirí is déanaí bhain an ceathrú cuid de na cásanna nua den Covid-19 a deimhníodh le coicís anuas le daoine idir 15-24 bliain d’aois. De réir na bhfigiúirí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (an HPSC), is i nDún na nGall atá an ráta is airde den ghalar i gcónaí.

Le coicís anuas bhí an galar ar 185.3 duine in aghaidh gach 100,000 i nDún na nGall.

Trasna na teorann, 235 cás dearfach a bhí i gceist in aghaidh gach 100,000 i nDoire agus ar an Srath Bán, ráta atá dhá oiread níos airde ná an meán sa Tuaisceart.

Baile Átha Cliath an dara contae is measa atá buailte ó dheas agus ráta 152.9 atá ann.

Ina dhiaidh sin tá contae Lú (104) agus Muineachán (92.9).

De réir na bhfigiúirí nua, a bhaineann leis an tréimhse idir an 13-26 Meán Fómhair, deimhníodh 4,022 cás ó dheas agus 32 an aois mheánach a bhí i gceist leis na cásanna sin.

Bhain 114 de na cásanna sin le páistí idir 0 agus ceithre bliana d’aois agus bhain 325 acu le páistí idir 5 agus 14 bliain d’aois.

894 a bhí san aoisghrúpa 15-24 bliain d’aois. 708 cás a bhí ann i measc daoine idir 25-34 bliain d’aois, 576 cás a bhí i gceist san aoisghrúpa 35-44 agus daoine idir 45-54 a bhí i gceist le 552 cás.

375 cás a deimhníodh i measc daoine idir 55-64 bliain d’aois, 236 cás a bhain le daoine idir 65-74 agus bhain 106 cás le daoine idir 75-84. Bhain 44 cás le daoine 85 bliain d’aois nó os a chionn.

De réir an eolais is déanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, 81.7 in aghaidh gach 100,000  duine an meánráta den ghalar Éirinn.

99.7 an ráta sa Ríocht Aontaithe de réir an ECDC, 319.9 atá sa Spáinn, an tír is measa san Eoraip atá buailte agus 235 atá sa Fhrainc.

Idir an dá linn 108 othar a raibh Covid-19 orthu a bhí sna hospidéil ó dheas aréir agus bhí 17 acusan in aonad dianchúraim. Tá 51 duine a bhfuil an víreas orthu in ospidéil an Tuaiscirt agus seisear acu in ICU.

Fág freagra ar 'Bunscoil dúnta ar fad den chéad uair de bharr an Covid-19'