Bulaíocht agus mí-úsáid ina n-armlón ag Trumpa na Teanga Bradaí

Seachnaítear Trump, ciontaítear é agus chuile fhear agus bean eile a cheapann gur cúis gháire é

Bulaíocht agus mí-úsáid ina n-armlón ag Trumpa na Teanga Bradaí

Bean deich mbliana is trí scór, slíoctha péinteáilte, ballasta carntha timpeall a básta, a treabhsar anuas ina mhála lena gabhal agus mothall ar fhinne nár chruthaigh aon Dia ar a ceann. ‘Níl aon fhear óg thart nach n-ardódh mise,’ a deir sí. ‘Níl orm ach breith ar mhachaisí orthu agus is liom iad go sásta. Crúbáil ó réalt de mo leithéidse  mian a gcroí ar an saol seo.’

Nach mbeifeá spréachta léi agus nach gcuirfeadh sí déistin ort? Nach gcuirfeá fainic ar do mhac faoi chailleacha a mbuaileann rachmall fear óg leochaileach iad?Nach mbeadh súil agat nach mbeadh do mhac ina tuilleamaí lena shlí bheatha a shaothrú? ‘Ara, níl ansin ach an tseafóid chainte agus an chraic a bhíonn ag cailíní tar éis an chluiche gailf,’ a deir sí mar leithscéal .

Déan fear den bhean sin agus tá Trump agat. Níl de dhifríocht idir í agus Trump ach go raibh bod ó bhroinn leisean, go bhfuil cumhacht aige agus an muineál a leanann an t-airgead agus go síleann sé féin, a pháirtí agus a lucht tacaíochta gur chóir dó a bheith ina uachtarán ar Mheiriceá.  Deirtí riamh gur iontach an teaspach agus an easpa náire  a spreagann an chumhacht agus mar a tharlaíonn sé is ag fir is iondúla a bhíodh agus a bhíonn sí.  Claochlaíonn an chumhacht an radharc sa scáthán. Rinneadh Dia de JFK agus ba shuarach an eiseamláir é maidir leis an gcaoi ar chaith sé féin agus a dhream le haon bhean, a bhean féin san áireamh.  Ar ndóigh ní hí chuile bhean a shantódh fear Miss Universe. Cíocha, tóin, pus agus gabhal fáiscthe, triopallach le sileacón, meangadh (déanfaidh ceann bréige cúis) a dhearbhaíonn fearúlacht chuidsúlach bhromaire na gcrúba bradacha. Níl aon chall imní dá chomhaoisigh bhaineanna féin ná d’aon phabhsae a bhfuil lorg a coda uirthi go mbuailfeadh aon dáir é thart orthu.  An bhean mheabhrach a cheistigh úsáid drugaí ag Miss Universe, togra gnó dá chuid ag an am, a meáchan an locht a fuair sé uirthi agus rinne an domhan gáire. Ar ndóigh ní fhéadfadh bean ar bith a raibh bolg uirthi aon mheabhair chinn a bheith aici ná aon mheas a bheith aici uirthi féin. Cé a d’éistfeadh le bean a mbeadh tóin ná bolg sleabhctha uirthi?

An cháilíocht is mó a luaitear le Trump mar údar Uachtaráin go dtuigeann sé cúrsaí gnó agus fostaíochta. Ach nach é a Dheaide a thosaigh an comhlacht, a rinne airgead, a d’íoc as oideachas tríú leibhéal dá mhac agus a bhronn gnó forásach air? Is maith le daoine eile a pholasaí in aghaidh na himirce i Meiriceá – fear arbh imircigh a mhuintir agus ar mian leis píosaí de thíortha eile a cheannach agus an brat dearg scartha roimhe chuige sin, amhail Strongbow féin. Ní theastódh uainn anois ach plandóg ríoga a bhronnadh air lena fhocal a dhaingniú ach bíodh sí óg agus téisiúil. Seo fear a shíleann gur comhrá cuibhiúil a bheith ag caint ar an tóin bhreá atá ar a iníon féin. Dá mbeadh sé bocht, oibrithe sóisialta a sheolfaí ag an teach sin.

Ba mhaith linn a ligean orainn féin go gcuireann an dlí deireadh le bulaíocht. Is maith ann an dlí ach caithfidh tú an teacht aniar, an tsaoirse, an neamhspleáchas, an misneach agus an tacaíocht a bheith agat leis an mbulaí a stopadh. Is beag againn a bheadh in ann chuige. Na mná sin atá anois ag cur bulaíochta agus ciapadh gnéis in aghaidh Trump, is léir nach raibh sin ar a gcumas go dtí seo. An bhulaíocht agus an t-imeaglú atá Trump agus a lucht tacaíochta a dhéanamh ar Clinton sa bhfeachtas seo, is cosúil nach bhfuil aon dlí ann lena stopadh. Amhail seónna barbartha an Colosseum anallód, síltear gur caitheamh aimsire measúil a bheith ag gáire faoin iarrthóir tútach nach bhfuil ag cloí le rialacha na ceartaiseachta polaitiúla ná le dínit an duine.

Ach ní haon údar gáirí é seo – scriosann bulaíocht agus mí-úsáid cumhachta saol daoine. Is uirlis sheanbhunaithe chogaíochta agus chumhachta mí-úsáid agus forlámhas ban is cailíní óga. Is coir í. Más fíor na líomhaintí is coirpeach agus mí-úsáideoir é Trump.  Ceannaire an domhain shaoir ag tromaíocht ar mhná a bhí ina thuilleamaí? Seanfhear arb é a scéilín grinn agus a údar mórtais ionsaí gnéis a dhéanamh ar bhean.  Fear gnó arbh é straitéis a fheachtais daoine a shaighdeadh in éadan na mbochtán agus na ndaoine gan chumhacht. Athair agus seanathair nach dtuigeann an chuibhiúlacht, an ceart, an dlí ná an daonnacht. Seachnaítear é, ciontaítear é agus chuile fhear agus bean eile a cheapann gur cúis gháire é.

Fág freagra ar 'Bulaíocht agus mí-úsáid ina n-armlón ag Trumpa na Teanga Bradaí'

  • Pól Ó Braoin

    B’shin alt a chuireann ar mo mharana mé. Hillary Clinton nó Trump mar uachtarán na Stát Aontaithe, an chumhacht mhór ar an saol seo, b’shin smaoineamh a chuireann faitíos orm.