Buiséad €500,000 do scannán faisnéise faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna

Os cionn €900,000 ceadaithe ag an BAI do shé chlár a dhéanfar do TG4, ina measc scannán faisnéise bunaithe ar an leabhar 'Éagóir'

maolraseoighe16-0103
Seán Ó Cuirreáin agus sliocht as ‘Éagóir’ á leamh aige ag seoladh an leabhair i dTeach Cúirte Shráid na Faiche. Ba sa teach cúirte céanna a éisteadh le trialacha na bhfear a cuireadh chun báis san éagóir agus déanfar cuid den dráma faisnéise nua a thaifeadadh ann.

Tá maoiniú €299,000 ceadaithe ag an BAI don chomhlacht ROSG chun fad-dráma faisnéise a dhéanamh de Éagóir, leabhar Sheáin Uí Chuirreáin faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna.

Buiséad de nach mór €500,000 a bheidh ag Murdair Mhám Trasna nuair a chuirtear san áireamh an maoiniú a bheidh ar fáil dó ó TG4 féin agus ó scéim chánach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Agus fáilte á cur aige roimh fhógra an BAI, dúirt Ciarán Ó Cofaigh ón gcomhlacht ROSG le Tuairisc.ie go raibh súil aige tús a chur leis an obair réamhléiriúcháin ar an dráma faisnéise roimh dheireadh na bliana seo agus thug sé le fios go gcuirfí tús leis an scannánaíocht féin ag tús na bliana seo chugainn. Tá súil ag Ó Cofaigh go mbeidh an dráma faisnéise críochnaithe faoi Mheán Fómhair na bliana seo chugainn.

€913,000 ar fad a ceadaíodh do chláir atá le déanamh do TG4 sa bhabhta maoinithe is déanaí ag Údarás Craolacháin na hÉireann faoina scéim Fís agus Fuaim.

Is iad na tograí eile de chuid TG4 ar tugadh maoiniú dóibh ná Lomax in Éirinn le Aisling Productions Limited (€74,000); Ag trasnú an Atlantaigh Dhuibh le DesK Productions (€76,000); Bus Glasgu le HG Productions Limited (€113,980); Taithí gan Teorainn le Loosehorse Limited (€185,000); agus Snáithe le Magma Media Teoranta (€165,000).

Fuair an comhlacht Gaeltachta Meangadh Fíbín Teoranta €160,000 chun clár eolaíochta agus dúlra– Timpeall na Páirce – a fhorbairt do RTÉ One agus fuair Whitehorn Productions Limited €140,000 chun clár faisnéise Gaeilge – Coimisiún na Talún – Tír Tairngire – a dhéanamh don stáisiún céanna.

Fógraíodh chomh maith inniu go raibh maoiniú €17,900 ceadaithe faoi scéim an BAI don chraoltóir Cian Mac Cárthaigh chun sraith clár ceoil uair a chloig dar teideal An Seisiún a dhéanamh do RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Buiséad €500,000 do scannán faisnéise faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna'