Buíochas le Dia nach mise a chroithfidh lámh leis an rí

Rud amháin é Protastúnaigh an Tuaiscirt a chur ar a gcompord, is rud eile é géilleadh don lústar ríogach

Buíochas le Dia nach mise a chroithfidh lámh leis an rí

Baineadh preab mhór asam nuair a chuala mé an scéal go bhfuil sé i gceist ag Michelle O’Neill, leasuachtarán Shinn Féin, freastal ar chorónú Shéarlas Shasana.

Caithfidh mé é a admháil.  Is fuath liom ríthe is banríona, as tír ar bith ach as Sasana go háirithe. An dearcadh sin gur daoine ar leith iad toisc gur ghoid a sinsir saibhreas ón gcosmhuintir na céadta bliain ó shin.

Mar phoblachtánach feictear domsa gur siombail é an Séarlas céanna den sotal ríoga ba chúis leis na oiread sin uafáis abhus in Éirinn, agus ar fud an domhain, san India, san Áise, san Afraic is eile.

Creidim freisin go bhfuil sé thar am ag muintir Shasana teacht in inmhe is an tseafóid ríoga seo a chur taobh thiar díobh. Agus más fíor nach féidir le cosmhuintir Shasana a bheith saor go dtí go scoireann siad an nasc le forlámhas ar náisiúin eile (mar a dúirt Karl Marx), nach fíor freisin nach féidir leo a bheith saor ón dúshaothrú go dtí go scoireann siad an nasc le ríogacht.

Ag míniú an chinnidh, dúirt O’Neill go bhfuil sí le freastal ar an gcorónú toisc go dtuigeann sí go mbreathnaíonn cuid dár muintir ar an nasc sin mar chuid dá bhféiniúlacht mar phobal, agus mar sin tá sí ag tabhairt aitheantais don fhéiniúlacht sin ar an ábhar gur gheall sí aimsir thoghcháin go mbeadh sí ina céad-aire do chách.

Aithním go bhfuil tábhacht leis sin, agus muid ár n-ullmhú don díospóireacht faoi athaontú na tíre.  Is gá go mbeadh muid go léir mothálach is tuisceanach ar mhaithe le Protastúnaigh an Tuaiscirt a chur ar a gcompord maidir le hathaontú na hÉireann.

Ní féidir, más náisiún stuama fiúntach atá uainn, neamhaird a dhéanamh dá gcearta is dá bhféiniúlacht, faoi mar a dhein an réimeas Aontachtach neamhaird ar chearta an phobail náisiúnaigh ó thuaidh.

Ach rud amháin é Protastúnaigh an Tuaiscirt a chur ar a gcompord, is rud eile é glacadh leis a bheith géilliúil don lústar ríogach.  Sé sin, tuigim cén fáth go gcreideann Michelle O’Neill gur chóir di freastal air mar chéad-aire Phrotastúnaigh an Tuaiscirt, ach cén fáth go bhfuil Taoiseach na hÉireann ag dul ann freisin?

Ní cuid den impireacht a thuilleadh muid, nó an é gurbh fhearr le roinnt dár bpolaiteoirí dá bhfillfimis ar an laethanta sin?

Níl aon fhreagra simplí ar an aincheist seo, ach caithfidh muid iarracht a dhéanamh dea-thoil a chothú lenár gcomharsana, Aontachtóirí a chur ar a gcompord agus, ag an am céanna, a bheith bródúil go poiblí as diúltú na hÉireann don impireacht agus don ríogacht.

Agus sin é an pointe. Chomh fada is a bhaineann sé liom féin go pearsanta tá mé tinn tuirseach den síorlústar a dhéantar ar ríogacht, ar impiriúlachas; an síor-dímheas a léirítear ar ár dtroid ar son na saoirse le muid a chur inár seasamh ar ár gcosa féin, beag beann ar ríogacht nó miotas ár gcomharsan.

Nach bhfuil sé in am againne teacht in inmhe agus gáire a dhéanamh faoi shiombail an impiriúlachais? Gáire a dhéanamh faoi rí agus ríogacht?

Go drogallach glacaim leis go bhfuil an ceart ag O’Neill freastal ar an ócáid, fad is nach mbeidh aon lústar aici don rud.  Ach cuirim an cheist arís an go drogallach nó go fonnmhar atá Taoiseach na hÉireann ag freastal air?  An gcuimhneoidh sé go ndearna an ríogacht sin uafás as cuimse don tír seo is dár náisiún, gur beag nár díothaíodh ar fad muid agus ár dteanga?

Ag deireadh thiar níl an oiread sin tábhachta ag baint leis an gcorónú seo, ach nuair a thabharfaidh muid i ndáiríre faoin díospóireacht faoin gcruth a bheidh ar an Éirinn nua athaontaithe, an Éire í a bheidh fillte i mbaclainn an rí nó Éire a bheidh bródúil as lorg na saoirse?

Agus céard is brí mar sin leis na gcaint seo faoi bhriotanachas?  An Sasanaigh iad, nó Albanaigh, nó Éireannaigh a chuir a muinín sa ríogacht chun a bhféiniúlacht Phrotastúnach Éireannach a chosaint?

Agus más Éireannaigh iad – agus iad cinnte de – ní gá a bheith ag cloí le seanshiombail an cheangail le Sasana.  Go deimhin, nach iad Preispitéirigh an Tuaiscirt a d’eagraigh na hÉireannaigh Aontaithe ar an tuiscint go mba é an ceangal céanna ‘údar gach mí-áidh a thit ar Éirinn?

Más gá dom glacadh leis go mbeidh Michelle O’Neill i láthair, mar chuid den fheachtas le hathaontú na hÉireann a bhrostú, is fearr liom go mór gurbh ise agus nach mise a chroithfidh lámh leis an ngadaí mór.

Fág freagra ar 'Buíochas le Dia nach mise a chroithfidh lámh leis an rí'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Sin leagan den chaint a chuala mé tráth, tar éis sléacht éigean de chuid an IRA, ‘nach uafásach na rudaí a chaitheann ár mbuachaillí is cailíní a dhéanamh ar son saoirse na hÉireann’.
    Ní fheadar arbh fhiú an braon fola an chuireadh chuig coróinniú Searlas?
    Tá bealaí eile Protastúnaigh/aondachtaithe a chuir ar a gcompórd, cheapfainn.
    Is iontach go bhfuil Eoin iompaithe i gcoinne rithe, impiriúlachas agus a leithéid. An bhfuil ionradh impiriúil chinedhíothach na Rúise ar an Úcráin ar ordú an Rí Vladimir Putin san áireamh aige? Rí I mbréag-éadach ‘Uachtarán tofa’ é Putin, is léir.

  • Gabriel Rosenstock

    Fadhb na lúitéise . . .
    https://www.academia.edu/44261921/Fadhb_na_Li%C3%BAit%C3%A9ise
    Is deacair í a réiteach.

  • Brenda Ni Shuilleabhain

    A chairde, féachaigí air. Muna bhfuil sé foirfe ní thabharfaidh sibh faoi dear é, mar tá sé taitneamhach, tarrainteach. Taitneoidh Dennison go mór libh.

  • Fearn

    Treise lei!
    Nach den phoilitíocht é lámh a chroitheadh leis an diabhail anois is arís?

  • donnchadh ó seaghdha

    Alt stuama chiallmhar atá scríofa ag Eoin . Tá Michelle Ó Neill ag díriú a súile ar an duais mór sé sin Éire saor agus aontaithe . Ina dhiaidh seo beidh sí ina pobhlachtánach fós agus beidh sí ag taispeáint omóis dos na laochra a throid ar son na saoirse 1969 – 1998 ach go háirithe ag na cuimhneacháin eagsúla.

  • jpmorley0@gmail.com

    “Taitneoidh Dennison go mór libh.”
    Cé hé ‘Dennison’ in ainm Dé?