Buíochas le Dia go bhfuil na cluichí sraithe iomána tosnaithe…

Tá séasúr na hiománaíochta faoi lán seoil agus brú ar imreoirí triú leibhéal go háirithe

Tá bainisteoir Choláiste Mhuire gan Smál, Éamonn Cregan, beagáinín buartha faoin méid cluichí a bhí á n-imirt ag himreoirí tríú leibhéal atá ag imirt leis an bhfoireann contae freisin. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Tá bainisteoir Choláiste Mhuire gan Smál, Éamonn Cregan, beagáinín buartha faoin méid cluichí a bhí á n-imirt ag himreoirí tríú leibhéal atá ag imirt leis an bhfoireann contae freisin. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Níl mórán sásaimh le baint as an tréimhse idir an Nollaig agus tosach na sraithe ag na himreoirí. Bíonn siad ag taisteal go dtí na láithreacha traenála sa dorchadas. Bíonn an dorachadas thart timpeall orthu agus iad ag traenáil agus ag deireadh na hoíche, téann siad abhaile sa dorchadas céanna. Agus sin ar fad gan trácht ar bheith amuigh i gcoinne na haimsire. 

Tá an t-am seo bliana thar a bheith dian ar na himreoirí tríú leibhéal atá ag imirt leis an bhfoireann contae freisin. Léigh mé sna meáin le déanaí go raibh bainisteoir Choláiste Mhuire gan Smál, Éamonn Cregan, beagáinín buartha faoin méid cluichí a bhí á n-imirt acu taobh istigh de shé lá (trí cinn). Mar bharr ar an donas sin, theip orthu cáiliú dos na cluichí ceathrú craoibhe ach ag tosach na seachtaine, ligeadh isteach iad arís agus tugadh bata agus bóthar d’IT Cheatharlach de bharr imreoir a bheith ag imirt go mídhleathach leo.

Cuireadh an drochscéala in iúl dóibh maidin Déardaoin gurbh é cinneadh an Choiste Athbhreithne go rachadh scoláirí Ceatharlach go dtí an chéad babhta eile.  

Ach tá an ceart ag Cregan. Níl sé ceart ná cóir go mbeadh ar imreoirí amaitéaracha an méid sin cluichí a imirt in imeacht sé lá. Bí cinnte gur imir an chuid is mó díobh cluiche idirchontae chomh maith leis sin.

Tá sé thar a bheith deacair orthu an dá thrá a fhreastal. Ach tarlaíonn sé gach bliain agus tá siad sásta cur suas leis. N’fheadar an mbeidh aon mholadh breise ann nuair a bheidh dianphlé á dhéanamh ar an bhféilire bliana nua?

Tá sé deacair ar na bainisteoiri freisin mar go mbíonn cuid mhaith des na himreoirí gan freastal ar thraenáil go minic.

Ina dhiaidh sin ar fad, tá an-mheas ar bhonn Mhic Ghiobúin agus déanann na coláistí go léir atá páirteach ann a seacht ndícheall é a bhuachaint. Scríobhfaidh mé tuilleadh faoi an tseachtain seo chughainn nuair a bheidh na craobhacha ar siúl.

Sa tsraith Allianz an Satharn seo caite, chuaigh Cill Chainnigh chun páirce agus leath d’fhoireann bhuacach 2014 in easnamh orthu. Ach níor chuir sé isteach orthu. Bhí an cur chuige díograiseach céanna fós ann, rud a bhí go mór in easnamh ar an gcuid is mó d’imreoirí Chorcaí. Bhí an chuma orthu nár thuigeadar an tábhacht a bhí leis an mbua a fháil sa bhaile i gcoinne foireann nach raibh ann ach a leath.

Tá siad sa bhaile anocht agus Contae an Chláir ar cuairt agus iadsan freisin ag lorg na bpointí luachmhara a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i bPáirc Uí Rinn ach bua a fháil.  

Bhí cuid mhaith suime freisin i mBaile Átha Cliath faoi stiúir a lucht bainistíochta nua. Thug siad a n-aghaidh ar fhoireann a bhí lán  le taithí is teaspach. Bhí an bua ag teastáil go géar ó fhoireann na hardchathrach, nach raibh dé ná deatach iontu anuraidh.

Rachaidh siad go Páirc Uí Nualláin amárach lán de mhuinín, rud a theastaíonn go dóite uathu agus iad ag imirt i gcúlgháirdín na gCat. 

Chuir iománaithe na Gaillimhe tús breá lena bhfeachtas sraithe siadsan le bua déanach i gcoinne an Chláir, faoi mar a rinneadar i gcoinne Bhaile Átha Cliath i gcluiche craoibh an Bhreatnaigh coicís ó shin. Níl bheidh an méid céanna brú orthu agus a bheidh ar a bhfreasúra, Tiobrad Árann, a bheidh ag iarraidh bua a fháil sa bhaile.

Feicfimid linn.

Fág freagra ar 'Buíochas le Dia go bhfuil na cluichí sraithe iomána tosnaithe…'