Buíochas gafa ag Uachtarán na hÉireann le Máirtín Tom Sheáinín as a ‘shársheirbhís phoiblí’

Tá ardmholadh tugtha ag Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn don chraoltóir aitheanta Máirtín Tom Sheáinín a chuaigh ar scor ó RTÉ Raidió na Gaeltachta an mhí seo

Buíochas gafa ag Uachtarán na hÉireann le Máirtín Tom Sheáinín as a ‘shársheirbhís phoiblí’

Tá ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Mháirtín Tom Sheáinín, an craoltóir aitheanta Gaeltachta a chuaigh ar scor ó RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí.

Chraol Máirtín Tom Sheáinín Ardtráthnóna deiridh i gCasla ag tús na míosa seo i ndiaidh dó 31 bliain a chaitheamh ag obair don stáisiún Gaeltachta. Tháinig na céadta beannachtaí as na ceithre hairde don chraoltóir a raibh gean an phobail aige, agus chuir an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn leis an ómós sin inniu. 

“Is mian liom, mar Uachtarán na hÉireann, gach rath agus beannacht a ghuí ar Mháirtín Tom Sheáin Mac Donncha, agus é ag éirí as a phost mar chlár-reachtaire le Raidió na Gaeltachta tar éis na mblianta fada ag freastal ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge fud fad na tíre.

“Lena ghuth mealltach agus a chur i láthair suimiúil, d’éirigh le Máirtín Tom Sheáinín lucht éisteachta dílis a mhealladh agus a choimeád. Aireoidh siad uathu a thuiscint ar shaol mhuintir na Gaeltachta, ar chúrsaí reatha agus ceoil, ar an réimse leathan d’ábhair chainte agus mhachnaimh a chur sé os a gcomhair agus ar a ardchumas mar agallóir ar a chlár Ardtráthnóna,” arsa Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn.

Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Ghabh an tUachtarán buíochas le Máirtín Tom Sheáinín as an “tsársheirbhís phoiblí” a thug sé le linn na mblianta a chaith sé le Raidió na Gaeltachta agus ghuigh sé gach rath air amach anseo.

In agallamh leis an suíomh seo, dúirt Máirtín Tom Sheáinín gur mar adhlacóir agus tábhairneoir a bheadh sé ag caitheamh a chuid ama nuair a d’éireodh sé as a phost le RTÉ Raidió na Gaeltachta

I 1989, a chuir Máirtín Tom Sheáinín tús lena shaol craoltóireachta, agus an tsraith amhránaíochta ar an sean-nós Casadh an tSúgáin á cur i láthair aige. Amhránaí aitheanta ar an sean-nós é féin chomh maith, agus thug sé leis Corn Uí Riada don dara babhta an bhliain roimhe sin, comórtas a chuireann sé i láthair do RnaG ó Oireachtas na Samhna go rialta.

Fág freagra ar 'Buíochas gafa ag Uachtarán na hÉireann le Máirtín Tom Sheáinín as a ‘shársheirbhís phoiblí’'