Buille mór do Trump agus smacht faighte ag na Daonlathaigh ar Theach na nIonadaithe

Buille mór d'uachtaránacht Donald Trump é bua mór na nDaonlathach i dtoghchán Theach na nIonadaithe, cé gur shólás do na Poblachtánaigh gur choinnigh siad greim ar an Seanad, mar a bhfuil níos mó cumhachta acu ná mar a bhí

Buille mór do Trump agus smacht faighte ag na Daonlathaigh ar Theach na nIonadaithe

D’éirigh leis na Daonlathaigh smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe i dtoghcháin lár téarma Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach coinneoidh na Poblachtánaigh greim ar an Seanad.

Chaithfeadh na Daonlathaigh 23 suíochán a bhaint de na Poblachtánaigh chun smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe, agus d’éirigh leo sin a dhéanamh go bog, rud a chuirfidh ar a gcumas cosc a chur ar go leor de phleananna an Uachtaráin Donald Trump, ag áireamh leithéidí a phlean balla mór a thógáil ar an dteorainn le Meicsiceo agus deireadh a chur le Obamacare.

Fágann bua na nDaonlathach i dtoghchán an Tí chomh maith gur mó an seans go leanfar le fiosrúcháin éagsúla atá beartaithe i dtaobh an Uachtaráin féin.

Gan an Seanad a bheith ina seilbh acu chomh maith, áfach, is ar éigean go n-éireodh le haon iarracht Trump a tháinseamh.

Bhí na Daonlathaigh ag súil go mbeadh an-bhorradh faoina vóta inné, an ‘tonn ghorm’ mar a thugtar air, agus cé go raibh bua mór acu i dtoghchán an Tí agus i roinnt toghchán gobharnóra, ba bhéim síos dóibh cuid de na torthaí i dtoghcháin an tSeanaid.

Bhíodar ag súil freisin le dearbhú soiléir go raibh athrú mór chun feabhais ag teacht ar chúrsaí dóibh i ndiaidh bhua Donald Trump dhá bhliain ó shin, ach ba léir gur éirigh le hiarracht na bPoblachtánach ‘balla dearg’ a thógáil i gcoinne na toinne goirme in áiteanna áirithe.

Ba léir freisin gur éirigh in áiteanna le cur chuige an Uachtaráin Donald Trump a leag béim sa bhfeachtas ar pholaitíocht na deighilte agus ar reitric in aghaidh na n-imirceach, ach chaill na Poblachtánaigh go leor tacaíochta i dtoghcháin an Tí, go háirithe i gceantair uirbeacha.

Níor éirigh leis na Daonlathaigh i roinnt toghchán ina raibh súil acu le bua cinniúnach, ag áireamh thoghchán an tSeanaid agus toghchán an ghobharnóra in Florida.

Bhíothas ag súil, mar shampla, go dtoghfaí Andrew Gillum mar an chéad ghobharnóir Afracach-Meiriceánach sa stát sin, ach níor éirigh leis i ndiaidh feachtas teasaí ina raibh líomhaintí faoin gciníochas go mór sa treis.

I ndiaidh ceann de na feachtais ba mhó a tharraing aird sa tír, d’éirigh leis an Seanadóir de chuid na bPoblachtánach Ted Cruz an ceann is fearr a fháil ar Beto O’Rourke in Texas, cé gur chruthaigh réalta óg na nDaonlathach níos fearr ná aon iarrthóir eile a bhí ag an bpáirtí sa stát sin le fada.

Ach bhain stair le cuid de na toghcháin eile agus toghadh, mar shampla, le toghadh na nDaonlathach Sharice Davids agus Deb Haaland, na chéad mhná de chuid Bhundúchasaigh Mheiriceá a toghadh chun Teach na nIonadaithe.

Toghadh níos mó ban ná riamh chomh maith agus ba iad Alexandria Ocasio-Cortez i Nua-Eabhrac agus Abby Finkenauer in Iowa na chéad mhná sna dtríochaidí a toghadh riamh. Toghadh duine nach gceileann gur duine aerach é ina ghobharnóir den chéad uair chomh maith – Jared Polis in Colarado.

Ba iad Ilhan Omar, teifeach as an tSomáil, ar éirigh léi suíochán a fháil in Minnestoa, agus Rashida Tlaib, bean ó chúlra Palaistíneach ar éirigh léi in Detroit, na chéad mhná Moslamacha ar toghadh riamh iad chun Teach na nIonadaithe.

Fág freagra ar 'Buille mór do Trump agus smacht faighte ag na Daonlathaigh ar Theach na nIonadaithe'