Buaileadh buille mór ar theangacha réigiúnacha na Fraince nuair a rialaíodh go raibh dlí nua a tugadh isteach lena gcosaint míbhunreachtúil.
Measadh gur lá stairiúil a bhí ann an mhí seo caite nuair a tugadh isteach an dlí nua chun teangacha réigiúnacha a chur chun cinn ar fud na tíre.
Ba é an chéad uair ar tugadh isteach dlí nua ar mhaithe leis na teangacha réigiúnda ó bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince i 1958.
Faoin dlí nua cheadófaí do scoileanna teagasc i dteanga réigiúnach amháin don chuid is mó den lá agus is de réir a chéile a thabharfaí teagasc na Fraincise isteach.
Ach chinn Comhairle Bunreachta na Fraince, nó Les Sages, Dé hAoine go bhfuil an tumoideachas “míbhunreachtúil”.
Dúirt Paul Molac, an feisire as an mBriotáin a chuir an bille chun cinn, go raibh cinneadh na Comhairle “dothuigthe”.
“Is uafásach an scéal é go bhfuil an Chomhairle Bunreachta ag rá go bhfuil modh teagaisc in aghaidh an bhunreachta,” arsa Molac.
Dúirt sé gur “buille tubaisteach” a bhí ann do theangacha réigiúnda agus go raibh an cinneadh “glan in aghaidh” na fianaise go léir faoi fhiúntas an tumoideachais le 50 bliain anuas.
Mhaígh an Chomhairle Bunreachta go raibh dhá alt den bhille in aghaidh Alt 2 de Bhunreacht na Fraince a deir gurb í an Fhraincis “teanga na Poblachta”.
Dúirt Paul Molac gur gá bille nua a thabhairt isteach chun na teangacha réigiúnda a chur san áireamh in Alt 2.
Thacaigh móramh mór leis an mbille faoin tumoideachas sa tionól náisiúnta, an Assemblée nationale an mhí seo caite. 247 feisire a vótáil ar a shon, 76 a bhí ina choinne agus staon 19.
Ní mór an tacaíocht a thug La République En Marche! páirtí an Uachtaráin Emmanuel Macron ná an tAire Oideachais Jean-Michel Blanquer don bhille nua.
Incroyable ! Le conseil constitutionnel censure l’enseignement par immersion et l’usage des signes diacritiques en #languesregionales car contraire à l’article 2. Je réclame en urgence un projet de loi constitutionnel pour modifier cet article.
— Paul Molac (@Paul_Molac) May 21, 2021
S. Mac Muirí
Ní bheidh sé fadmharthanach mar ‘phoblacht’ mar soin. Tá ré seanríochtaí 7 seanstáit an chos ar bolg ag meath. Ó chailleadar a gcuid tuath faoi chois thar lear tá an gus mór imithe astu. Mhair an leithead iontu go nuige seo de thairbhe an nuachoilíneachais ach tá na capaill chúil féin ag dul chun tosaigh orthu, na haithigh féin a bhíodh acu, táid sin ag breith margaí uathu. Maraítear corrbhall de Chraoibh na gCoimhthíoch sna tíortha cúil – sa Nigéir 7 i Mailí fágaim – go fóill, nó is maith leis na Francaigh bainiseachaí 7 sochraidí sna sráidbhailte a bhuamáil ón aer (25/1/2021) ach tá na mianaigh úrániam spíonta ann ar aon chuma.
Sotal na bhFrancach a bhrisfeas foighid na gcéadtíortha lena n-ais, tíortha inar chéadchleachtadar an chos ar bolg. Crapfaidh ‘poblacht na Fraince’ de réir a chéile, ar nós crapadh na ‘ríochta aontaithe’ ina sean-sasain faoi láthair.
Beidh muintir na Briotáine ag faire feasta ar an dóigh a láimhseoidh muintir na hAlban a bhfadhb shasanach 7 an dóigh a n-amharcfaidh na comargóirí ar shaoirse na hAlban. Tá ré chorrach romhainn.