Buille mór do May agus ‘a móramh’ in Westminster

Theip ar rún de chuid rialtas na Breataine i bparlaimint Westminster tráthnóna, buille mór siombalach eile dá cur chuige Breatimeachta

Buille mór do May agus ‘a móramh’ in Westminster

Buaileadh buille eile ar Theresa May agus a cur chuige i leith an Bhreatimeachta in Westminster tráthnóna nuair a theip ar rún de chuid a rialtais.

303 a vótáil i gcoinne an rúin go n-athdhearbhófaí tacaíocht na parlaiminte do vóta na míosa seo caite ar son socrú eile seachas an cúlstop a lorg ón AE agus ar son glacadh le margadh imeachta May dá bhfaighfí a leithéid.

258 a bhí ar son an rúin tráthnóna.

Ní vótáil faoi ghlacadh nó diúltú le margadh Breatimeachta a bhí ar siúl tráthnóna ach vóta faoi chéard iad na chéad chéimeanna eile ba cheart a thabhairt.

Níor éirigh le rún May toisc nár thacaigh na Breatimeachtóirí is diongbháilte ina páirtí féin leis.

Cé nach bhfuil aon fheidhm phraiticiúil ó thaobh dlí ag baint le toradh na hoíche anocht, buille siombalach sách mór é mar sin féin é don Phríomh-Aire.

Bhí May ábalta imeacht chun na Bruiséile i ndiaidh vóta na míosa seo caite agus a mhaíomh go raibh móramh sa pharlaimint ar son a cur chuige ach cuirfidh teip an lae inniu an chuma ar an scéal nach bhfuil an méid sin tacaíochta féin anois aici. 

Is cinnte go gcuirfidh an toradh le dearcadh an AE nach bhfuil aon tuairim dáiríre ag an mBreatain céard atá uathu. 

Beidh amhras anois ann chomh maith an bhfuil ar chumas May móramh parlaiminte a fháil d’aon mholadh dá cuid.

Níor thacaigh na Breatimeachtóirí is diongbháilte sa pharlaimint le rún May toisc gur mheas siad gurbh amhlaidh go raibh an Rialtas ag iarraidh Breatimeacht gan mhargadh a chur as an áireamh.

Idir an dá linn, dúirt an Tánaiste Simon Coveney ag cruinniú de Choiste Gnóthaí Eachtracha an Oireachtais tráthnóna go raibh sé “dochreidte” gur lig parlaimint na Breataine don idirbheartaíocht Bhreatimeachta a bheith sa riocht ina bhfuil sí.

Dúirt Coveney gur chreid sé fós go bhféadfaí teacht ar mhargadh stuama Breatimeachta.

Dúirt sé gur ceann de na “dearmaid” is mó atá á ndéanamh i Londain go gceapann siad “go bhfuil margadh ag teastáil “chomh géar céanna” ón AE agus atá sé ón mBreatain.

“Ar an gcéad dul síos níl bunús ar bith leis sin ó thaobh na bhfíricí de, Ach tá margadh uainn, agus is é atá i gceist agam le ‘uainn’ ná an AE. Ba mhaith linn a bheith réasúnta agus féaráilte faoi sin,” a dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha.

Fág freagra ar 'Buille mór do May agus ‘a móramh’ in Westminster'