Buanna i ndán do na Muimhnigh agus na Laighnigh iad ag réiteach do Chorn na gCuradh

Tá cluiche crua agus tábhachtach roimh na Muimhnigh inniu agus iadsan fós san Afraic Theas

Buanna i ndán do na Muimhnigh agus na Laighnigh iad ag réiteach do Chorn na gCuradh

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Tá sé chomh maith duit a rá go bhfuil ré na gConnachtach i gcomórtas Pro 14 na bliana seo rite go huile agus go hiomlán, cé go bhfuil orthu cuairt a thabhairt ar Ghlaschú inniu. Tabharfaidh siad faoi fhoireann an bhaile sin, foireann atá cinnte dá n-áit sna babhtaí cáilithe cheana féin. Cúig áit agus 36 pointe atá idir na foirne seo ar thábla an Pro 14. 

Seachtain nó dhó ó shin bhí muid ag caint faoi iarracht Chúige Chonnacht áit i measc na dtrí nó na gceithre fhoireann ar bharr ghrúpa A a bhaint amach ach chuir an greadadh 39-10 a fuair siad ó na hOspreys Dé hAoine seo caite deireadh ar fad leis sin.

Tá cluiche crua agus tábhachtach roimh na Muimhnigh inniu agus iadsan fós san Afraic Theas. I gcoinne na Cheetahs atá siad an geábh seo, foireann atá áit amháin agus sé phointe taobh thiar díobh. 


Tá tábhacht ar leith ag baint le toradh an chluiche seo mar gur ag pé foireann a bheas sa dara háit ar an tábla a bheas buntáiste an bhaile sa gcluiche cáilithe. Is iad na Muimhnigh atá sa dara háit faoi láthair agus ní dóigh go mbeidh siad sásta géilleadh ró-éasca. Tá mise ag tuar bua eile do na Muimhnigh agus iad ag réiteach dá gcuairt ar an bhFrainc don chluiche leathcheannais i gCorn na gCuradh i gcoinne Racing 92 faoi cheann seachtaine. 

Rinne na hUltaigh éacht an deireadh seachtaine seo caite agus iad as baile i gcoinne Dhún Éideann. Níor thug duine ar bith seans na ngrást do na hUltaigh, ach bhí an lá leo. Fágann sin go bhfuil splanc bheag dóchais ag fir Bhéal Feirste fós maidir le cáiliú do na babhtaí cáilithe sa bPro 14. 


Más leo an sprioc sin a bhaint amach bheadh orthu an ceann is fearr a fháil ar na Ospreys i mBéal Feirste amárach, Dé Sathairn,  ar Ghlaschú faoi cheann coicíse agus ar na Muimhnigh an tseachtain ina dhiaidh sin arís. 

Tá seans maith ag na hUltaigh an lámh in uachtar a fháil ar na Ospreys sa gcluiche seo ach níl mé cinnte faoin dá chluiche eile. 

Ach fiú má theipeann orthu áit a fháil i measc na dtrí fhoireann a bheas ar bharr ghrúpa B, is maith an seans gurb iad na hUltaigh  a bheas ina n-ionadaithe ón bPro14

ag imirt i gcoinne na bhfoirne ón Top 14 agus an Premiership chun an áit deiridh i gcomórtas Chorn na gCuradh an séasúr seo chugainn a chinntiú. 

Sea, níl siad gan dóchas fós.

Maidir leis na Laighnigh, tá siadsan cinnte cheana féin go mbeidh siad i measc na dtrí fhoireann ar bharr ghrúpa B, agus tá chuile sheans ann gurb iad a bheas ar a bharr ar fad. Sa mbaile agus iad i gcoinne Treviso a bheas siad an Satharn seo agus iad ag réiteach freisin do chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh i gcoinne na Scarlets faoi cheann seachtaine.

Bua eile agus pointe bónais d’fhir Chúige Laighean.

 

Fág freagra ar 'Buanna i ndán do na Muimhnigh agus na Laighnigh iad ag réiteach do Chorn na gCuradh'