Buaiteoirí nua i gcraobhacha na gclubanna, bonn uile-Éireann ag Mickey Moran agus cúis dóchais ag Gaillimh agus Luimneach

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is mó ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Buaiteoirí nua i gcraobhacha na gclubanna, bonn uile-Éireann ag Mickey Moran agus cúis dóchais ag Gaillimh agus Luimneach

Gean ag daoine ar Bhaile Gunnair agus Cill Chua go fóill

Tugadh léargas eile ag an deireadh seachtaine ar na cúiseanna go bhfuil an-ghean ag lucht Chumann Lúthchleas Gael ar chraobhacha club na hÉireann. Ní hamháin go raibh cluichí drámatúla ann ach thaitin sé le daoine freisin dhá chumann nua a fheiceáil ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh.

Cé go bhfuil ardmheas i gcónaí ar Bhaile Héil agus na himreoirí cumasacha atá acu le blianta fada, tá cúig cinn de chraobhacha uile-Éireann buaite acu le cúig bliana déag anuas agus is maith le daoine i gcónaí foirne nua a fheiceáil ag teacht chun cinn.

Léiríodh an tacaíocht chéanna do Chill Chua sa pheil. Níl an oiread buaite ag Cill Mochuda Na Crócaigh is atá ag Baile Héil ach tá Craobh na hÉireann buaite acu faoi dhó roimhe seo agus níl sé chomh fada sin ó fuair siad an dara ceann. Chothaigh an chodarsnacht idir an cumann mór cathrach a bhfuil na mílte ball aige agus an cumann beag tuaithe dáimh ag daoine le Cill Chua gan trácht ar an mbriseadh croí a bhí i ndán dóibh in aghaidh Chora Finne cúpla bliain ó shin.

Ach ná ceaptar gur aon díol trua iad ceachtar acu – Cill Chua ná Baile Gunnair. Sa Dún agus i bPort Láirge, tá gach club eile bréan de bheith ag breathnú orthu ag ceiliúradh. Ó 2009, tá deich gcinn de chraobhacha contae buaite ag an dá chumann, chomh maith le dhá chraobh chúige. 

Ba dheas iad a fheiceáil ag buachan ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ach má bhaineann ceachtar acu cluiche ceannais amach arís an bhliain seo chugainn, ná bídís ag súil leis an tacaíocht chéanna.

 

Na comhchaptaein Conor Laverty agus Aidan Brannigan ag roinnt an chorn lena mbainisteoir Micky Moran. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bonn uile-Éireann ag Mickey Moran faoi dheireadh

Bhí cúis eile go raibh daoine sásta le bua Chill Chua Dé Sathairn agus b’in bainisteoir na foirne, Mickey Moran. Tá Moran ag plé le cúrsaí bainistíochta le 30 bliain agus meastar é ar dhuine de na cóitseálaithe is stuama dá bhfuil ann. 

Tá sealanna caite aige i gceannas ar Dhoire (faoi thrí), ar Shligeach, ar Dhún na nGall, ar Liatroim agus thug sé Maigh Eo chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann in 2006. 

Bhain sé cluiche ceannais na hÉireann amach freisin mar bhainisteoir ar Shleacht Néill, faoi dhó, agus le Cill Chua in 2020 ach ba é bua an deireadh seachtaine seo an chéad uair aige Craobh na hÉireann a bhuachan i gceannas ar fhoireann.

Léiríodh an meas atá ag imreoirí Chill Chua air nuair a d’iarr captaen na foirne, Conor Laverty, ar Moran teacht suas taobh leis in Ardán Uí Ógáin chun an corn a chrochadh. Fear ciúin, cúthaileach é Moran nach raibh fonn air a bheith i lár an aonaigh ach sheas sé taobh le Laverty agus Aidan Branagan agus an tír tairngire sroichte aige faoi dheireadh.

 

Sean Finn agus Conor Whelan. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Ábhar misnigh ag Gaillimh agus Luimneach

Ní hí oíche Dé Sathairn an oíche ab fhearr a bhí ag iománaithe Luimnigh le blianta beaga anuas. Is é an cárta dearg a taispeánadh do Ghearóid Hegarty is mó a tharraing caint tar éis an chluiche in aghaidh na Gaillimhe ach d’fhág an toradh go bhfuil foireann John Kiely anois fágtha gan pointe ar bith agus dhá bhabhta den tsraith imeartha. 

Ní cúis bhuartha go fóill iad taispeántais Luimnigh, agus is beag duine a déarfadh fós nach iad rogha na coitiantachta chun Craobh na hÉireann a bhuachan don tríú bliain as a chéile.

Agus nuair a chaithfear súil siar amach anseo ar an gcluiche seo, tá gach seans ann go ndéanfar dearmad ar choir Hegarty agus gur ag caint ar thaispeántas Chathail O’Neill a bheifear.

D’imir O’Neill a chéad chluiche d’fhoireann shinsir Luimnigh anuraidh, in aghaidh na nGaillimheach mar a tharla. Bhí an t-ógánach fós ag staidéar don Ardteist ag an am agus theip air dul i bhfeidhm mórán ar an imirt sa chluiche sin ná in aon cheann de na cinn eile a d’imir sé sa tsraith i rith an earraigh.

Níor imir O’Neill ar chor ar bith sa chraobh anuraidh ach athróidh sé sin má choinníonn sé air ag imirt mar a d’imir sé ag an deireadh seachtaine. Scóráil sé ceithre cinn de phointí in aghaidh na Gaillimhe agus bhí sé ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a bhí ag Luimneach.

Bhí ábhar misnigh ag Gaillimh freisin sa taispeántas a thug duine dá gcuid tosaithe. Duine de na tosaithe is cumasaí sa chontae é Conor Cooney agus tá gaiscí á ndéanamh aige go fóill le Naomh Tomás ach bhí an chuma ar an scéal go raibh easpa misnigh ag cur as dó i ngeansaí na Gaillimhe le roinnt blianta anuas. 

Bhí sé ar ais i mbarr a mhaitheasa Dé Sathairn, áfach, agus súil ag lucht tacaíochta na Gaillimhe gur focal éigin ina chluas ón mbainisteoir nua Henry Shefflin a spreag Cooney. 

Seans gur chuidigh sé go raibh Cooney i mbun na bpocanna saora i bPáirc na nGael agus deis aige dul i bhfeidhm ar an imirt ar an gcaoi sin. Tháinig ocht gcinn de na deich bpointe a scóráil sé ó phocanna saora. Ar ndóigh ní féidir leis brath air sin i gcónaí, mar nuair a fhillfidh Evan Niland ar an bhfoireann agus é críochnaithe le hOÉ Gaillimh i gCorn Mhic Giobúin, eisean a bheidh ag tógáil na bpocanna saora arís agus beidh ar Cooney deiseanna eile a chruthú dó féin.

 

Mark Keane. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Corcaigh agus Mark Keane fós ag dul i dtaithí ar a chéile

Nuair a fógraíodh ag tús na bliana go raibh Mark Keane ag cur deireadh lena sheal le Collingwood san AFL, is cinnte go raibh lucht peile Chorcaí ag súil go ndéanfadh sé cinneadh díriú ar an bpeil, go háirithe mar gheall ar an gcúl cinniúnach a fuair sé nuair a bhuaigh siad ar Chiarraí i ngeimhreadh 2020.

Chaith Keane an geimhreadh seo ag iomáint dá chumann áitiúil, Baile Ghiblín, a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais Chraobh Shóisir na hÉireann. Is léir gur spreag sé sin an dúil atá aige san iomáint agus chinn sé dul le hiománaithe Chorcaí an séasúr seo.

D’imir Keane a chéad chluiche d’fhoireann na sinsear ag an deireadh seachtaine nuair a thug Corcaigh greadadh d’Uíbh Fhailí. Thosaigh Keane, atá 6’4 ar airde, mar lántosach ach cé gur scóráil Corcaigh 4-25 sa chluiche, ní bhfuair Keane ach pointe amháin. Thuigfeá go maith go dtógfaidh sé tamaillín ar Keane dul i dtaithí ar a bhfuil ag teastáil ag an leibhéal seo. Níl mórán iomána imeartha aige le trí bliana anuas seachas líon beag cluichí le cumann sóisir.

Feicfimid cá mbeidh Keane ag imirt nuair a thiocfaidh an samhradh. Tá tosaithe an-tapa ag Corcaigh agus seans nach bhfeilfeadh sé dóibh an sliotar a sheoladh i dtreo an fhir mhóir ar imeall na cearnóige i gcónaí. Bhí sé suntasach gur chaith Keane seal amuigh ar an gcliathán sa líne leatosaithe freisin sa dara leath agus b’fhéidir gur ansin a bheidh sé sa chraobh.

 

Emma Duggan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tús maith ag an Mhí i bPeil na mBan

Imríodh an chéad bhabhta i Sraith Náisiúnta Pheil na mBan an deireadh seachtaine seo freisin agus tús maith curtha ag seaimpíní na hÉireann leis an séasúr. Ba é an cluiche idir contae na Mí agus Corcaigh, a d’imir a chéile i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann anuraidh, rogha na gcluichí ag an deireadh seachtaine agus, arís, bhí tábhacht le cúl a scóráil Emma Duggan. Ba í an tosach óg laoch na Mí nuair a bhuadar ar Chorcaigh i bPáirc an Chrócaigh mí Lúnasa seo caite agus scóráil sí cúl cinniúnach eile an deireadh seachtaine seo chun na Muimhnigh a chur de dhroim seoil sa tsraith.

Cuireadh an-suim freisin sa chluiche idir Gaillimh agus Dún na nGall, dhá fhoireann a bheadh ag iarraidh dul níos faide sa chraobh ná mar a d’éirigh leo anuraidh. Agus imreoirí Chill Chóirín/Cluain Bheirn fós le filleadh ar an bhfoireann bhí scata imreoirí in easnamh ar Ghaillimh agus thapaigh na Conallaigh an deis. Tá taithí na mblianta ag Geraldine McLaughlin agus Karen Guthrie agus chinn ar Ghaillimh iad a choinneáil faoi chois. D’aimsigh McLaughlin seacht bpointe agus bhí an bua ag Dún na nGall, 0-10 in aghaidh 0-7.

Beidh Áth Cliath agus Maigh Eo ar phéire eile de na foirne a bheidh ag iarraidh an tsraith a bhuachan i mbliana. D’éirigh le hÁth Cliath an ceann is fearr a fháil ar Phort Láirge, 4-7 in aghaidh 1-4, agus rinne Maigh Eo slad i gcoinne na hIarmhí agus bua 7-22 in aghaidh 1-12 acu.

Fág freagra ar 'Buaiteoirí nua i gcraobhacha na gclubanna, bonn uile-Éireann ag Mickey Moran agus cúis dóchais ag Gaillimh agus Luimneach'